Litir ó Éireannach i Londain Shasana, 11pm, an 31 Eanáir 2020…

Níl an ‘Bhreatain Eorpach’ tar éis bás a fháil anocht. Níl i gceist ach go bhfuil sí tite ina codladh…

Litir ó Éireannach i Londain Shasana, 11pm, an 31 Eanáir 2020…

Ní léir dúinne, Éireannaigh chathair Londan, go bhfuair an tír ina bhfuil cónaí orainn a cuid saoirse ársa ar ais ag 11pm anocht. Tá an tsaoirse sin againn fé láthair, agus le fada an lá.

Cuimhnigh go bhfuil Caitliceach ó Thuaisceart Éireann, Lord Kerr, mar bhall de Chúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe. Ní baol dúinn ó thaobh na todhchaí de.

Nuair a dhúiseoimid maidin amárach, beidh an obair chéanna le déanamh. Ní bheidh cuma dhifriúil ar an gcathair seo againne. Beidh an bia céanna agus na nuachtáin chéanna á gceannach againn, is a cheannaímid gach maidin Sathairn. Beidh an Co-Op áitiúil plódaithe le mic léinn na Spáinne. Agus caithfear a bheith foighneach, mar is gnáth, sa Ten Bells nuair a bheidh an áit plódaithe le Gearmánaigh agus Iodálaigh oíche amárach.

Beidh an Ríocht Aontaithe tar éis slán a rá le hinstitiúidí polaitiúla an Aontais Eorpaigh tar éis 47 bliain. Ach beidh sí fós ceangailte leis an mbunstruchtúr eacnamaíochta, ar feadh bliana eile ar aon nós.

Ní léir d’éinne cad a tharlóidh le linn 2021, agus is maith is cuimhin le hÉireannaigh na cathrach seo ceist bhreá William James, an fealsúnaí Meiriceánach, nuair a bhí sé féin ag fáil bháis i 1910: ‘What has concluded that we should conclude about it?’.

Tagairt é sin dá shaol fada, ach d’fhéadfaí an cheist chéanna a chur mar gheall ar an mBreatimeacht.

Ach anocht, ní foláir dúinn, muintir Remain, teip na cúise againne a aithint. Theip orainn nuair a thug Jeremy Corbyn cead do Boris Johnson dul i mbun olltoghcháin, seachas reifreann eile a fháil uaidh nuair nach raibh móramh ag Johnson in Westminster, agus nuair a bhí sé ina ghiall parlaiminteach.

Caithfimid glacadh leis an dteip stairiúil sin. B’fhéidir go bhfillfidh an Bhreatain ar an Aontas Eorpach i gceann tríocha bliain. Nó caoga bliain, fiú. Ní fios.

Ach idir an dá linn, ní foláir dúinne, muintir Remain, buanna an Aontais Eorpaigh a cheiliúradh inár gcroíistigh: rachmas, síocháin agus athmhuintearas ós na 1950idí i leith. Níl an ‘Bhreatain Eorpach’ – an Bhreatain ar mór í ag daoine cosúil le Roy Jenkins, Denis Healey, Ted Heath agus Ken Clarke – tar éis bás a fháil anocht. Níl i gceist ach go bhfuil sí tite ina codladh, agus beidh againn arís.       

Fág freagra ar 'Litir ó Éireannach i Londain Shasana, 11pm, an 31 Eanáir 2020…'

  • An Teanga Bheo

    Táimse im chodhladh is ná duisigh mé fós!