Litir chuig an aire nua comhshaoil

Cathal Mac Coille Tuairisc Bearna Contae na Gaillimhe A Aire nuacheaptha, Comhghairdeas leat agus gach rath ort agus tú ag dul i gceannas ar an roinn stáit is tábhachtaí sa rialtas taobh amuigh de Roinn an Taoisigh. Ní bhreathnófar ort sa ghearrthéarma ar ndóigh mar aire atá ar comhchéim le Paschal Donohoe, ná le scata […]

Litir chuig an aire nua comhshaoil

Cathal Mac Coille

Tuairisc
Bearna
Contae na Gaillimhe

A Aire nuacheaptha,

Comhghairdeas leat agus gach rath ort agus tú ag dul i gceannas ar an roinn stáit is tábhachtaí sa rialtas taobh amuigh de Roinn an Taoisigh.

Ní bhreathnófar ort sa ghearrthéarma ar ndóigh mar aire atá ar comhchéim le Paschal Donohoe, ná le scata airí eile. Ach beidh dearcadh eile ar fad ag an bpobal ort má thugann tú aghaidh ar an dainséar is mó atá ag bagairt ar Éirinn, agus ar gach tír eile ar domhan – athrú aeráide, téamh na cruinne, agus astaíocht charbóin.

Thug an rialtas an chluas bhodhar do na saineolaithe, arís eile, agus ardú ar an gcáin a ghearrtar ar bhreosla iontaise (ola, peitreal, díosal, gual, gás agus móin) á sheachaint sa bhuiséad. Cinneadh stuama a tugadh air, ó thaobh leas polaitiúil an rialtais de, agus gach aire ag smaoineamh ar an gcéad olltoghchán eile.

Faraor, mar is eol duit, a aire, ní thugann an aimsir ná an aeráid aird dá laghad ar ghliceas polaitiúil. Níl an aeráid foighdeach ach oiread. Ní mhaolófar an dochar a dhéanfar mar gheall ar mheatacht rialtais.

Thug saineolaithe ar Phainéal Athrú Aeráide na Náisiún Aontaithe rabhadh láidir faoin athrú tubaisteach ar an aeráid a fheicfear mura laghdaítear aschur carbóin an chine dhaonna faoi cheann dhá bhliain déag. Foilsíodh a dtuairisc Dé Luain seo caite, lá sular fhógair Paschal Donohoe an buiséad.

Rinne an t-aire airgeadais neamhaird iomlán de rabhadh na saineolaithe, taobh amuigh dá chaint ar pholasaithe a dúirt sé atá beartaithe aige a chur i gcrích amach anseo. Dúirt John Fitzgerald, atá ina chathaoirleach ar an gcoiste a bhunaigh an rialtas chun comhairle a chur ar fáil maidir le hathrú aeráide, go raibh an rialtas ag dul sa treo mícheart. Tá beartais gan mhoill riachtanach, dar leis: chun aschur carbóin a laghdú, chun úsáid fuinnimh inmharthana a chur chun cinn, chun tionchar na mbeartas sin ar dhaoine bochta a mhaolú.

Thug Stoirm Challum sampla breá tráthúil dúinn uilig, agus Denis Naughten ag éirí as a phost, den tslí ina rachaidh an drochaimsir i dtreise abhus sna blianta atá romhainn. Beidh tionchar na drochaimsire i bhfad níos déine san Afraic agus i mórán réigiún eile.

Tá neamhaird déanta ag an Rialtas freisin de thuairisc eile, agus polasaí á sheachaint/mholadh acu ar léir don saol (agus do Choimisiún an AE) nach laghdóidh sé ár n-aschur carbóin, ach go gceadóidh síormhéadú.

D’fhoilsigh an Tionól Saoránach, inar roghnaíodh na comhaltaí mar shampla ionadaíoch den phobal, tuairisc ar athrú aeráide i mí Aibreáin. Rinneadh cur síos ann ar thacaíocht na gcomhaltaí do bheartais éagsúla a mhol said don rialtas a chur i bhfeidhm. Tá na moltaí go léir i gcló, ach seo a leanas cúig shampla: 

  1. Dúirt 80% de chomhaltaí an Tionóil go mbeidís toilteanach cáin níos airde a íoc ar ard-aschur carbóin.
  2. Mhol 100% don rialtas gach iarracht a dhéanamh chun cuidiú le rannpháirtíocht an phobail i scéimeanna fuinnimh in-athnuaite.
  3. Dúirt 93% gur chóir tosaíocht a thabhair do lánaí bus agus rothaíochta agus do scéimeanna ‘Páirceáil & Taistil’.
  4. Mhol 92% go gcaithfeadh an rialtas a dhá oiread níos mó ar chórais iompair phoiblí i gcomparáid le caiteachas chun freastal ar ghluaisteáin phríobháideacha.
  5. Dúirt 97% gur chóir deontais do bhaint mhóna a chur ar ceal. Moladh cabhair rialtais freisin chun malairt oibre a thabhairt d’oibrithe a bheadh díomhaoin de dheasca an bheartais sin.

Féach a Aire, léirigh tuairisc an Chomhthionóil meon thar aon rud eile. Cuireann athrú aeráide imní ar ár bhformhór. Tuigeann ár bhformhór go bhfágfar pláinéad truaillithe agus dainséar mar oidhreacht ag an gcéad ghlúin eile, má leantar le cur chuige reatha an chine dhaonna. 

Tá lagmhisneach ar mhórán, mar shampla ó thogh na Meiriceánaigh uachtarán atá beag beann ar pholasaithe a chuireann srian ar bith ar théamh na cruinne. Cloistear tuairim ghaolmhar go minic – go bhfuil Éire chomh beag agus an t-athrú a theastaíonn chomh mór nach bhfuil leigheas ar an dainséar atá romhainn.

Ach léirigh an Tionól Saoránach gur mian lenár bhformhór mar sin féin tús a cur leis an athrú nósanna agus teicneolaíochta a theastaíonn leis an dochar atá á dhéanamh don timpeallacht a laghdú. Ba mhaith lenár bhformhór nach mbeadh ar Éirinn na mórfhíneálacha Eorpacha a íoc, fíneálacha a ghearrfar ar an tír mura n-athraíonn cur i gcéill agus faillí an rialtais (agus gach rialtas dár toghadh roimhe). 

Ba mhaith linn go mbeadh an rialtas ábalta labhairt go láidir faoi chúrsaí comhshaoil, agus dea-shampla a thabhairt do thíortha eile.

Thar aon ní eile, ba mhaith linn a bheith ábalta a rá go fírinneach lenár bpáistí, agus lena bpáistí siúd, go ndearnamar ár ndícheall leis an bpláinéad a choinneáil glan, socair agus slán.

Fiú mura n-éiríonn linn an aidhm sin a chomhlíonadh go hiomlán.

Is mise le meas, má thuilltear é,

Cathal

Fág freagra ar 'Litir chuig an aire nua comhshaoil'

  • Seán Mistéil

    N’fheadar an bhfuil sé fánach comhaontú tras-pháirtí a lorg go práinneach ar an ábhar seo, a mhacasamhail le SláinteCare?
    Sa chaoi sin, ní fhéadfadh rialtas ar bith éalú ón a dhualgas cinnireacht a ghlacadh agus clár leanúnach de bheartais a chur i bhfeidhm le dul i ngleic leis an dainséar agus dea-shampla a léiriú san am céanna. Is dúshlán mór é dúinn uile ach is mór an tubaist – agus faillí – fiú bliain eile gan aon ghníomh.

  • joshua

    Tá ár ré rite. Ní fada eile go gcuirfear de dhroim an phláinéid seo sinn uile go léir. Féach http://www.jwit.org