LITIR AS STRASBOURG: An pholaitíocht an buaiteoir i gcónaí san Aontas Eorpach

Dá mhéid dá mbíonn trácht ar bhráithreachas san AE, is ea is soiléire an tábhacht a bhaineann le leas náisiúnta na mballstát

LITIR AS STRASBOURG: An pholaitíocht an buaiteoir i gcónaí san Aontas Eorpach

Uair sa mhí athraíonn an tAontas Eorpach a cheanncheathrú as an mBruiséil go Strasbourg. Faoi Chonradh na Róimhe d’éiligh rialtas na Fraince go mbeadh ceann de mhórinstitiúidí an chomhphobail nua lonnaithe sa bhFrainc. Is iomaí uair ó shin a bhfuil achrann tarraingthe ag an socrú céanna agus tráthúil go leor beidh aird ar an socrú arís inniu. Tháinig an Pharlaimint nuathofa, 751 feisire, le chéile in Strasbourg inniu agus ag an am céanna beidh ceannairí na mballstát – an Chomhairle Eorpach – ag teacht le chéile sa mBruiséil.

 Tá teipthe ar an gcomhairle le trí lá anuas teacht ar chomhréiteach faoi iarrthóirí do na postanna móra san Aontas. Sin an tríú babhta go bhfuil teipthe orthu teacht ar aon chomhréiteach faoi Uachtarán an Choimisiúin, Uachtarán na Parlaiminte agus Uachtarán an Bhainc Cheannais, an toscaire speisialta Gnóthaí Eachtracha agus Cathaoirleach na Comhairle Eorpaí. Cé go ndeirtear go minic go bhfuil an tAontas bunaithe ar chomhurraim, ómós, comhionannas agus bráithreachas is deacair a rá nach í an pholaitíocht an buaiteoir i gcónaí.

 Tá an pholaitíocht ag croílár na ndeacrachtaí faoi láthair. De bharr na n-athruithe i gcomhdhéanamh na ngrúpaí polaitiúla, níl sé chomh héasca ag aon dream a chinntiú gurb é an t-iarrthóir is ansa leo a thoghtar.

 Tá an deighilt idir tíortha nua an Aontais agus na baill sheanbhunaithe níos follasaí an babhta seo freisin agus cluas á fáil ag argóintí ó leithéidí Phoblacht na Seice agus na hUngáire.

 Labhair Uachtarán na Fraince Emanuel Macron amach go neamhbhalbh agus modhanna oibre an Aontais á gcáineadh aige le roinnt laethanta anuas. I sraith giolcacha óna chuntas pearsanta, dúirt Macron go gcaithfear bealaí níos fearr agus níos éifeachtaí a aimsiú leis na ceapacháin seo a dhéanamh. Tá Macron cáinteach le fada ar an gcóras ‘spitzenkandidaten’. Dúirt sé go gcreideann sé go dteastaíonn beirt bhan a cheapadh sna postanna sinsearacha. Ní léir na hiarrthóirí a bheith ann.

Bhí  Seansailéir na Gearmáine Angela Merkel níos meáite ina cuid cainte, b’fhéidir mar gheall go bhfuil a saol polaitiúil ag teannadh le deireadh. Ní féidir neamhaird a dhéanamh ar na tíortha beaga, a dúirt sí, ná ní fhéadfaí ach an oiread beag is fiú a dhéanamh do thíortha nua an Oirthir. Mar sin féin, tá imní ar Merkel, mar is léir ón méid atá ráite aici go dtí seo go scoiltfidh an tAontas má roghnaítear Manfred Weber nó Frans Timmermanns a bhfuil an oiread deighilte cothaithe ag a n-ainmniúchán.

 Tá obair mhór roimh Pharlaimint na hEorpa sna blianta seo romhainn. Tá fadhbanna trádála le réiteach agus cogadh trádála le seachaint. Tá gníomh le déanamh faoin ngéarchéim aeráide. Tá leasuithe ar chórais agus modhanna oibre an Aontais molta ag an gComhairle ón gcruinniú mullaigh a bhí acu coicís ó shin.

 Léiríonn na deacrachtaí reatha go mbeidh sé deacair na leasuithe sin a chur I gcrích.

 Deirtear linn go minic i gcomhthéacs an Bhreatimeachta gur fearr leis an Aontas réiteach a dhéanamh, más ag an nóiméad deiridh féin é. B’fhéidir gur maith ach ní gá go mbeadh a leithéid indéanta i gcónaí. Dá mhéid dá mbíonn trácht ar bhráithreachas san Aontas, is ea is soiléire go bhfuil leas náisiúnta na mballstát fós lárnach don phróiseas.

 Tá beart le déanamh ag na ceannairí ag an gcéad chruinniú den Pharlaimint nua inniu agus Uachtarán le toghadh acu. Ní bhreathnaíonn sé go maith do dhream a bhfuil an oiread dúshláin rompu go bhfuil ag teip orthu cathaoirligh a ainmniú. Tá tréimhse chinniúnach roimh an Aontas ach go dtarraingíonn na ceannairí le chéile is deacair a mheas cé chomh forásach agus a bheidh na hinstitiúidí sna cúig bliana seo romhainn.

 Léargas eile ar na dúshláin sin ab ea é gur cuireadh tús le cruinniú na maidine seo le roinnt agóidí.

 I measc an lucht agóide bhí feisirí ar son an Bhreatimeachta a thug a gcúl leis an bparlaimint nuair a bhí aintiún an AE, ‘Ode to joy’, á chasadh.

Fág freagra ar 'LITIR AS STRASBOURG: An pholaitíocht an buaiteoir i gcónaí san Aontas Eorpach'