LITIR AS LONDAIN: Fearg ar an bpobal agus iad tinn tuirseach den Bhreatimeacht…

Cuirfidh Boris Johnson rún toghcháin faoi bhráid pharlaimint Westminster inniu den tríú huair agus ní cosúil go n-éireoidh leis

LITIR AS LONDAIN: Fearg ar an bpobal agus iad tinn tuirseach den Bhreatimeacht…

Trí huaire a chuir Theresa May an socrú a rinne sí leis an Aontas Eorpach faoi bhráid na Parlaiminte i Londain. Níor éirigh léi an beart a dhéanamh aon uair agus, ar ndóigh, ba ghearr gur éirigh sí as. Inniu cuirfidh an fear a tháinig i gcomharbacht uirthi rún faoi bhráid pharlaimint Westminster ag moladh go mbeadh olltoghchán ar an 12 Nollaig. Seo an tríú huair aige a leithéid de rún a chur faoi bhráid na bhfeisirí. An éireoidh leis an geábh seo? Cá bhfios?

De réir na dtuairiscí ar fad tá an dá phríomhpháirtí sa mBreatain scoilte ó bhun go barr ag ceist an Bhreatimeachta agus faoin mbealach is fearr le dul i ngleic leis. Tá sé fógartha ag an Aontas Eorpach go bhfuil siad sásta, i bprionsabal, síneadh ama a cheadú don Bhreatain. Fógrófar an tseachtain seo cén fhad a bheidh an síneadh ama sin.  B’fhéidir go mbeidh fad an tsíneadh ama ag brath ar cheist an toghcháin.  Nó reifreann eile. An ndéanfaidh an Eoraip iarracht brú a chur ar pholaiteoirí sa mBreatain soiléiriú de shaghas éigin a chur ar fáil dóibh?

Níl uaidh dream ar bith, pobal na Breataine go háirithe, ach críoch a chur leis an scéal seo ar fad. An dream is mó a bhfuil lámh acu sa scéal, polaiteoirí na Breataine, is cosúil go bhfuil siad chomh gafa le bheith ag faire a chéile nach bhfuil aon duine acu ag díriú ar réiteach a aimsiú.

Ní réiteoidh olltoghchán mórán ach an oiread. Tá Boris Johnson cinnte, mar a bhí Theresa May in 2017, go mbeidh an bua aige san olltoghchán agus móramh aige dá bharr a chuirfidh ar a chumas a mhianta a chur i gcrích beag beann ar an bhfreasúra. An teachtaireacht is láidre ó Boris Johnson le cúpla lá go bhfuil deis anois Jeremy Corbyn agus a chomhghleacaithe a dhíbirt ar deireadh thiar. 

Deir an Lucht Oibre (eite Jeremy Corbyn den pháirtí ar aon nós) go dteastaíonn toghchán uathu. Tá faitíos ar an eite eile den pháirtí go scriosfar iad mar gheall ar an tadhg-an-dá-thaobhachas atá ar bun acu faoin mBreatimeacht le fada an lá. Deir siad go hoifigiúil gur ar mhaithe le cinntiú nach dtarlaíonn Breatimeacht gan mhargadh Déardaoin seo chugainn ná i mí na Nollag 2020  atá siad doicheallach faoi thoghchán. Ní mórán a chreideann iad.

Caolseans go gceadóidh Westminster toghchán inniu. Seans go bhfaighidh muid scéal an dá lá seo ón Eoraip faoin síneadh ama a cheadófar. Tá faitíos ar pholaiteoirí dul os comhair an phobail i mí na Nollag – ní reáchtálfar toghcháin sa ngeimhreadh sa mBreatain a deir na meáin linn. Beidh sé ródhorcha, róghruama agus rófhuar! Comhartha sóirt é sin ann féin, mheasfainn, den phatuaire atá le brath go forleathan anseo i Londain na laethanta seo.

‘Reifreann’ mar gheall ar an mBreatimeacht a bheidh in aon olltoghchán a reáchtáiltear, bíodh sé roimh nó tar éis na Nollag. Ach ‘reifreann’ a bheadh ann ar an mbealach go bhfuil na polaiteoirí ag déileáil leis an mBreatimeacht seachas ceann ceart faoin gcomhaontú aistarraingthe agus an margadh leis an Eoraip. 

In ainneoin liosta fada na ngeallúintí nach bhfuil comhlíonta aige ó ceapadh ina Phríomh-Aire é, tá rath ar Johnson go fóill i measc an phobail mar go bhfeictear dóibh gur thug sé dúshlán na hEorpa agus gur éirigh leis. Sin an fáth go bhfuil sé ag iarraidh toghcháin, ach an éireoidh leis? 

Is cosúil nach n-éireoidh inniu leis, ach is deacair i bhfianaise fhearg an phobail anseo a shamhlú go mbeidh siad sásta fanacht i bhfad eile. Teastaíonn uathu an Breatimeacht a chur as an mbealach ar deireadh thiar.

Fág freagra ar 'LITIR AS LONDAIN: Fearg ar an bpobal agus iad tinn tuirseach den Bhreatimeacht…'