Litir as Kerala in iardheisceart na hIndia

Agus ár gcolúnaí san India áit a gcaitheann mná chuile chineál éadaigh agus a bhfuil forás ar chúrsaí oideachais faigheann sí léargas ar an mbagairt atá in aiséirí an Taliban do mhná

Litir as Kerala in iardheisceart na hIndia

Bhí an t-iarphóilín Éireannach ag tabhairt léacht do dhream cuairteoirí as tíortha éagsúla san Eoraip. D’éist siad go cúramach le gach a raibh le rá aige faoina thaithí féin thar lear. Bhí suim ar leith acu i gcearta an duine.

Thosaigh sé ag inseacht scéil dóibh – faoi scata fear a tugadh isteach i stáisiún póilíní i gcomhair a gceistithe. Ag deireadh na tréimhse ceistiúcháin bhí fuil ag sileadh ó bhéal chúpla duine díobh agus bhí mionghortuithe orthu uilig anseo is ansiúd.

Bhí alltacht ar na héisteoirí. Cén chaoi ar tharla sé seo? Nach raibh sé iomlán éagórach agus céard faoi chearta daonna na ‘bpríosúnach’?

Ansin a d’inis sé dóibh gur san Afganastáin a tharla an eachtra. Ceannasaí póilíní ban a bhí i mbun an cheistiúcháin. Agus fir a tugadh isteach lena gceistiú de bharr gur thugadar léasadh poiblí dá mná céile ab ea na ‘príosúnaigh’ leonta.

D’athraigh an rang a bport ar an toirt. Ó, cás ar leith a bhí anseo. Ní fhéadfaí na rialacha céanna a chur i bhfeidhm, dar leo.

Ceacht a bhí ann ar na bealaí ar féidir dul chun cinn a dhéanamh i dtíortha ar nós na hAfganastáine. Ní bheadh éinne ag súil tar éis réimeas an Taliban ansin go bhféadfadh mná dul chun cinn sciobtha a dhéanamh agus an cineál sochaí a bhí i bhfeidhm ansin.

Ach bhí dul chun cinn áirithe á dhéanamh le blianta beaga anuas más mall féin a bhí sé. As an líon mór póilíní sa tír mná ab ea céatadán beag bídeach acu.

Amanta chuir dreamanna iasachta a bhí lán le dea-thoil brú rómhór ar mhná na Afganastáine iad féin a chur ar aghaidh do chúraimí nach mbíodh ar mhná na tíre sin go traidisiúnta agus is amhlaidh a cuireadh na mná i gcontúirt dá bharr.

Thuig cuid de na comhairleoirí as tíortha an iarthair é sin níos fearr ná a chéile – bhí muintir na Fionlainne ach go háirithe tuisceanach go maith, a dúradh.

Agus an bhean chróga sin a bhí i gceannas ar na póilíní? Feallmharaíodh í agus í ar a bealach chun na hoibre maidin amháin. D’fhág sí seisear gasúr ina diaidh.

Bhí bean eile ina póilín i gceantar eile agus bhraith sí féin go raibh sí i gcontúirt. D’iarr sí cabhair ar dhream as Ceanada a bhí ag cabhrú leis an tír a atógáil. Thugadar amach as an tír faoi rún í agus tá sí slán sábháilte thall i gCeanada sa lá inniu.

Braitheann mná agus cailíní an chontúirt atá le teacht anois. Tá mná óga ag obair sna meáin agus ní hiondúil go gcaitheann siad an búrca nó an burka. Ach féach go mbíonn ceann ar crochadh taobh thiar den doras acu i gcónaí, ina dhiaidh sin féin.

Agus cén chontúirt atá le teacht, a deir tú? Nach bhfuil an Taliban buailte ó bhí an cogadh san Afganastáin tar éis 9/11?

Buaileadh iad ach níor imigh siad. Anois agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ar tí tarraingt amach as an tír, is iad an Taliban atá ag réiteach le teacht ar ais i gcumhacht. Agus meas tú cén dream is mó a bheas thíos leis sin?

Ní crochta ar chúl an dorais a bheidh an búrca feasta agus beidh mná agus cailíní ag imeacht as amharc arís. Agus beidh lánchead ag na fir léasadh a thabhairt dóibh aon uair a thograíonn siad.

Achar gairid ó shin tarraingíodh aird an domhain ar an bPacastáin nuair a bhronn polaiteoir ansin mála mór búrcaí ar scoil cailíní. Ní raibh aon éileamh ar leabhair scoile ná ar threalamh oideachais sa scoil, a dúirt sé. Clócaí móra a chlúdódh na cailíní ó bhun go barr a bhí uathu, dar leis.

Agus mé i gcoirnéal den domhan an tseachtain seo ina gcaitheann mná chuile chineál éadaigh, tá mé ag déanamh iontais den líon ard den phobal a bhfuil caighdeán ard oideachais orthu sa tír seo. Ó thuaidh uaim anseo, tá Bangalore, cathair a dtugtar ‘Silicon Valley’ na hIndia uirthi. Is iarchéimithe ollscoile iad beirt pháistí an treoraí turasóireachta atá againn anseo in Kerala i ndeisceart na hIndia. I mbun céim Mháistreachta sa ghnó atá iníon leis.

Tá béim mhór ar an athrú aeráide anseo agus an rialtas áitiúil ag déanamh beart de réir a mbriathar. Tá aerfort Kochi – príomhchathair an réigiúin, ag brath go hiomlán ar chumhacht na gréine. Tá iarracht mhór á déanamh laghdú a dhéanamh ar bhuidéil phlaisteacha a úsáid.

Ach chuala mé inniu go bhfuil an-imní ar dhaoine anois faoin bpáirtí atá i gcumhacht – ceaptar go bhfuil siad róthógtha le cúrsaí creidimh. ‘Nílimid saor a thuilleadh,’ a dúirt fear amháin liom.

Anois cár chuala mé an chaint sin cheana?

Fág freagra ar 'Litir as Kerala in iardheisceart na hIndia'

  • Cluain Sceach

    Ana-spéisiúil! Tuilleadh ó Mhairéad!

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Tá sé seo an-suimiúil agus úsáideach freisin – súil fhírinneach ar chúrsaí thar lear.