Lisa Smith cúisithe i gcion sceimhlitheoireachta

Cúisíodh an t-iarbhall de na fórsaí cosanta as a bheith ina ball den ghrúpa jiohádach sceimhlitheoireachta ar a dtugtar Stát Ioslamach

Lisa Smith cúisithe i gcion sceimhlitheoireachta

Cúisíodh i mBaile Átha Cliath inniu Lisa Smith, an t-iarbhall de na fórsaí cosanta a chuaigh chun na Siria in 2015 chun dul isteach sa Stát Ioslamach, i gcion sceimhlitheoireachta.

Cúisíodh í i gcion sceimhlitheoireachta a dhéanamh lasmuigh den Stát, is é sin a bheith ina ball den ghrúpa jiohádach sceimhlitheoireachta ar a dtugtar Stát Ioslamach idir Deireadh Fómhair 2015 agus mí na Nollag 2019.

Thug an Bleachtaire Sáirsint Gareth Kane fianaise gur gabhadh, gur cúisíodh agus gur tugadh foláireamh do Lisa Smith i stáisiún na nGardaí i Sráid Chaoimhín ag 10.30 ar maidin inniu.

Rinne dlíodóirí Smith iarratas ar bhannaí ach chuir na Gardaí i gcoinne an iarratais sin agus níor cheadaigh Uachtarán Chúirt Dúiche Átha Cliath, an Breitheamh Colin Daly bannaí do Smith.

Thug an Breitheamh treoir do na meáin chumarsáide gan aon sonraí faoin iarratas ar bhannaí a thuairisciú ar eagla go ndéanfadh sé aon dochar d’aon triail a bheadh ann amach anseo.

Tá Lisa Smith ar a coinneáil i Dóchas, aonad na mban i bPríosún Mhuinseo go dtí go dtiocfaidh sí os comhair Chúirt Dúiche Átha Cliath arís i gceann seachtaine, an 11 Nollaig.

D’iarr a dlíodóir Peter Corrigan go mbeadh sí scartha ó phríosúnaigh eile agus dúirt an Breitheamh Daly go n-iarrfadh sé ar an nGobharnóir í a scaradh ar mhaithe lena sábháilteacht féin.

Thug an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí treoir do na Gardaí an bhean, atá 38 bliain d’aois agus arb as contae Lú di, a chúiseamh agus í a thabhairt os comhair na gCúirteanna Breithiúnais Coiriúla.

Gabhadh Lisa Smith nuair a leaindeáil sí in Éirinn Dé Domhnaigh i ndiaidh di a bheith díbeartha as an Tuirc in éineacht lena hiníon dhá bhliain d’aois.

Cheistigh na Gardaí Smith ar feadh 72 uair an chloig faoina cuid iompair agus faoi dhaoine áirithe a raibh teagmháil aici leo ó chuaigh sí le hIoslam roinnt blianta ó shin.

Fág freagra ar 'Lisa Smith cúisithe i gcion sceimhlitheoireachta'