Lir Energy sásta tuirbín gaoithe Ghaoth Dobhair a laghdú ó 120m go 95m

úirt urlabhraí ón ngrúpa Stad an Tuirbín Gaoithe nach n-athródh an scéal seasamh an ghrúpa ar cheist an tuirbín chonspóidigh

Lir Energy sásta tuirbín gaoithe Ghaoth Dobhair a laghdú ó 120m go 95m

Tá Lir Energy sásta airde an tuirbín gaoithe atá beartaithe ag an gcomhlacht fuinnimh do Ghaoth Dobhair a laghdú ó 120m go 95m.

Thug stiúrthóir an chomhlachta, atá lonnaithe i Leitir Fraic i gContae na Gaillimhe, le fios do Bhreandán Ó Baoill, rialtóir aerthráchta Aerfort Dhún na nGall, go bhféadfaí crann an tuirbín féin a laghdú ón 90m a bhí beartaithe go 65m, laghdú a d’fhágfadh airde iomlán an tuirbín, agus na lanna san áireamh, ag 95m.

Chuir Údarás Eitlíochta na hÉireann (IAA) aighneacht faoi bhráid Chomhairle Contae Dhún na nGall anuraidh lena imní faoin tuirbín gaoithe a chur in iúl.

Dúirt an IAA go mbeadh “drochthionchar” ag an tuirbín gaoithe  ar chúrsaí sábháilteachta ag an aerfort agus go gcuirfeadh sé isteach ar an “visual manoeuvring minimum on the aeronautical charts”.

Bhí aighneacht an IAA i measc an 150 aighneacht a cuireadh faoi bhráid na Comhairle Contae maidir leis an tuirbín gaoithe. Is aighneachtaí in éadan an togra a bhí i gceist le gach aon cheann acu sin.

Scríobh Walsh chuig Ó Baoill leis an gceist a phlé agus dúirt go raibh sé cinnte go sásódh an airde nua riachtanais sábháilteachta Aerfort Dhún na nGall agus an IAA.

Mhaígh sé go raibh na riachtanais sin ar cheann de na chéad rudaí ar bhreathnaigh Lir Energy orthu agus an t-iarratas á chur le chéile acu agus go raibh tuiscint faoi leith aige ar an imní a bheadh ar lucht an aerfoirt ó tharla gur píolóta cáilithe é féin.

Dúirt sé gur measadh nach mbeadh aon fhadhb ann ó thaobh an aerfoirt de toisc go raibh feirm ghaoithe eile ann cheana féin ar thalamh atá níos airde ná an talamh ag Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair.

“Given the closeness of the other wind farm at Meenderrygamph [sic] overlooking Bunbeg [sic] on significantly higher ground we did not consider the issue it [sic] further,” a scríobhadh.

Dúirt sé gur thuig sé go gcaithfí an moladh nua go laghdófaí an tuirbín gaoithe go 95m a chur ar aghaidh chuig “lucht teicniúil” an aerfoirt lena iniúchadh ach go raibh sé cinnte go dtiocfaí ar réiteach a shásódh gach duine.

Níl an grúpa Stad an Tuirbín Gaoithe, a bunaíodh le cur i gcoinne an togra anuraidh, sásta leis an gcur chuige atá glactha chuige féin ag Walsh agus an comhlacht Lir Energy.

Tá litir scríofa ag an ngrúpa lena mhíshástacht faoin mbealach a bhfuil Lir Energy ag tabhairt faoin bpróiseas le seoladh chuig an gComhairle Contae an tseachtain seo.

“Bhí go leor ama roimhe seo ag Lir Energy le labhairt leis an IAA agus leis an bpobal faoin togra. Tugadh comhairle dóibh é sin a dhéanamh ach rinne siad neamhaird ar an gcomhairle sin. Tá muid buailte suas anois ar an lá a dhéanfar cinneadh, Dé Sathairn, agus tá sé ag cur rudaí isteach chuig an gComhairle Contae fós.

“Bhí muidinne iontach cúramach go gcloífeadh muid leis an bpróiseas agus leis an spriocdháta d’aighneachtaí roimh an Nollaig. Caithfidh seisean cloí leis freisin,” a dúirt Gearóid Ó Maonaigh, ó Stad an Tuirbín Gaoithe.

Dúirt sé nach mbeidh tionchar ag an moladh go laghdófaí crann an tuirbín gaoithe ar dhearcadh an ghrúpa ar an gceist agus nach tuirbín den airde nua “inghlactha” ar chor ar bith.

Tá ceist an tuirbín gaoithe i nGaoth Dobhair ina cnámh spairne le cúpla mí anuas. Bhí agóid in aghaidh an togra fuinneamh gaoithe ar siúl taobh amuigh d’oifigí Údarás na Gaeltachta an mhí seo caite agus tá imní léirithe ag Bord an Údaráis féin faoin gceist.

Fág freagra ar 'Lir Energy sásta tuirbín gaoithe Ghaoth Dobhair a laghdú ó 120m go 95m'