Liosta siopadóireachta d’Fhianna Fáil…

Abair go raibh Micheál Martin ábalta a rogha earraí a cheannach i siopa polaitiúil draíochta, de réir mar ba mhian leis, cad ba chóir a chur ar a liosta?

20/3/2015. 1916 Programme of Events
Pictiúr: Photocall Ireland

 

Ní raibh ach ábhar dáiríre misnigh amháin ag ceannaire Fhianna Fáil agus aghaidh á thabhairt aige ar ardfheis a pháirtí san RDS Dé hAoine: níl meas an phobail ar Fhianna Fáil íslithe.

San olltoghchán inar díbríodh an páirtí as oifig i 2011, níor thug ach 17 faoin gcéad de na vótóirí tacaíocht d’Fhianna Fáil. Sa phobalbhreith is deireanaí a rinne TNS/mrbi don Irish Times an mhí seo caite, níor thug ach 17 faoin gcéad tacaíocht d’Fhianna Fáil. Easpa iomlán dul chun cinn in imeacht ceithre bliana.

“Gabh mo leithscéal,” a déarfá liom, b’fhéidir, dá mbeadh scéal chomh léanmhar á phlé againn, “mura bhfuil dul amú orm, cé mar a bhainfeadh ceannaire aon ábhar misnigh as figiúirí dá leithéid.”

Mar seo, a léitheoir dhil, agus ar chúis amháin. Nuair a cheaptar buille an bháis a bheith tugtha do dhuine, is cúis áthais ar feadh i bhfad é, don othar agus dá mhuintir, mura dtéann sé in éag. Bhí míshásamh na vótóirí chomh láidir i 2011, agus a mímhuinín chomh domhain, nach raibh aon bharántas ann nach rachadh Fianna Fáil ar gcúl arís sna blianta ina dhiaidh sin. Ergo, sílim, gur ábhar misnigh é go maireann an t-othar i gcónaí, agus údar (beag) dóchais aige roimh an olltoghchán atá ag teannadh linn.

Mar sin féin, ní tearc laigí follasacha Fhianna Fáil. Seo a leanas achoimre ar na príomhriachtanais arbh fhiú don pháirtí cuimhneamh orthu.

LIOSTA SIOPADÓIREACHTA FHIANNA FÁIL

1 Mná Níl oiread agus bean amháin i nDáil Éireann ag Fianna Fáil faoi láthair.

2 Daoine óga  Níl ach triúr Teachtaí Dála acu atá faoi bhun 40 bliain (Robert Troy, Charlie McConalogue agus Michael McGrath).

3 Dubs  Níl oiread agus Teachta Dála amháin ag an bpáirtí i mBaile Átha Cliath.

4 Aontacht  Baineann gach iriseoir, agus go leor léitheoirí, sult as clamhsán oscailte in eagraíocht ar bith. Ach ní léir an tairbhe a bhaineann Fianna Fáil as caint ghearánach Éamoin Uí Chuív, mar shampla, nó John McGuinness.  Is léir, mar sin, an chéad riachtanas eile:

5 Tost Is fearr de ghnáth gan dul i mbun argóna os comhair an tsaoil. An fáth? Ní mheallann argóint inmheánach vótaí.

6 Údarás  Ní bhíonn rath ar pháirtí ar bith murar féidir leis an gceannaire, agus lena chúntóirí, polasaithe agus pearsanra a choinneáil faoi smacht. Ní hionann údarás agus coinneáil plé faoi chois i gcónaí, ach teastaíonn ceannaire a bhfuil tuairim shoiléir aige/aici, agus an cumas lena cur i bhfeidhm laistigh den pháirtí.

7 Fís an rud is mó a theastaíonn chun anam a chur i bpáirtí ar bith, agus chun a chur ina luí ar vótóirí go bhfuil cur chuige cinnte dearfa ag Fianna Fáil nach ionann é agus cur chuige Fhine Gael, Shinn Féin agus an Lucht Oibre. Níl an saothar seo tosaithe i gceart fós.

8 Polasaithe a léireodh don phobal go rachadh a saol i bhfeabhas dá gcuirfí i bhfeidhm iad.

9 Ádh Bua d’iarrthóir an pháirtí i gCeatharlach-Chill Chainnigh. Fiú má thoghtar Bobby Aylward (60) neartóidh sé íomhá aosta, fhirinscneach an pháirtí. Féach (1) agus (2) thuas.

10 Dearg-ádh. Ní bhíonn smacht ag páirtí ar chóir ghaoithe gan choinne, ná ar a mhalairt.  Má théann Fianna Fáil i gcomhrialtas le Fine Gael tar éis an olltoghcháin, an mbeidh said ábalta an pionós a ghearrtar ar gach mionpháirtí tar éis tréimhse rialtais a sheachaint?

B’fhearr a d’oirfeadh sé do Mhicheál Martin (nó dá chomharba) dá mbeadh Fine Gael ábalta rialú dá uireasa, ar dhóigh éigin, ar feadh tamaill eile.

Cuireann Cathal Mac Coille an clár ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Liosta siopadóireachta d’Fhianna Fáil…'