Líon na n-othar le Covid-19 sna haonaid dianchúraim níos ísle ná mar bhí aon lá le cúig seachtaine

Tá rabhadh tugtha ag Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, do dhaoine gan ‘dearmad’ a dhéanamh air go maireann an víreas beo i gcónaí

Líon na n-othar le Covid-19 sna haonaid dianchúraim níos ísle ná mar bhí aon lá le cúig seachtaine

Tá líon na n-othar le Covid-19 sna haonaid dianchúraim níos ísle ná mar bhí aon uair eile ó dheireadh mhí an Mhárta.

90 duine le Covid-19 a bhí sna haonaid dianchúraim inné, an líon céanna daoine a bhí iontu ar an 29 Márta, an lá i ndiaidh do na srianta dianghlasála teacht i bhfeidhm.

Fágann sin go raibh líon is lú daoine sna haonaid dianchúraim inné ná mar a bhí aon lá eile le 37 lá nuas.

160 duine a bhí in aonaid dianchúraim an Stáit ar an 9 Aibreán, an lá ba mhó a bhí éileamh ar leapacha ICU.

Cé go bhfuil feabhas leanúnach ag teacht ar chás na n-aonad dianchúraim agus ar na critéir eile atá á n-úsáid ag na saineolaithe sláinte chun scaipeadh an ghalair a thomhas, tá rabhadh tugtha ag Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, do dhaoine gan “dearmad” a dhéanamh air go maireann an víreas beo i gcónaí.

“Agus Éire ag díriú ar na srianta a mhaolú, tá sé riachtanach go leanfaimis orainn leis an dul chun cinn atá déanta againn sa tír le roinnt seachtainí. “Galar fíorthógálach é Covid-19. Bláthaíonn sé san áit a mbíonn slua daoine bailithe le chéile. Tá ar a chumas scaipeadh chomh tapa sin go rachadh sé dian ar sheirbhís sláinte na tíre dul i ngleic leis.

“Fad agus atáimid ag pleanáil conas teacht go slán sábháilte ó na srianta a bhí i bhfeidhm le tamall, níor chóir d’aon duine againn dearmad a dhéanamh air go bhfuil an víreas seo beo i gcónaí i measc an phobail. Tá an chontúirt chéanna ann anois agus a bhí ag tús na paindéime go mbeidh daoine a fhaigheann an galar seo an-tinn,” arsa Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, Tony Holohan.

Shéan an Dr Holohan go raibh easaontas idir NPHET, an Fhoireann Náisiúnta Um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí, agus an Rialtas.

Shéan sé freisin go raibh comhairle NPHET ag teacht salach ar chinneadh an Rialtais na srianta a bhí ar na daoine a raibh sé molta dóibh cluatharú a mhaolú ón lá inné ar aghaidh.

Dúirt Holohan gur theastaigh uathu rud éigin a dhéanamh do na daoine sin cé go raibh siad coimeádach maidir leis an gcomhairle sin.

Dúirt sé nár mheas siad gur chóir don chlutharú leanúint ar aghaidh go dtí an cúigiú céim nó an chéim dheiridh den phróiseas maolaithe, céim a thosóidh ar an 10 Lúnasa de réir phlean an Rialtais.

D’fhógair an Roinn Sláinte inné go raibh 23 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

1,743 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,339 ó dheas den teorainn agus 404 ó thuaidh di.

Fógraíodh bás 17 duine eile sa Tuaisceart.

Dheimhnigh an Roinn Sláinte go rabhthas tagtha ar 211 cás eile den ghalar.

25,819 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe in Éirinn go dtí seo, 21,983 cás ó dheas den teorainn agus 3,886 cás ó thuaidh di.

De réir eolais a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (Nisra) amach tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 404.

393 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 24 Aibreán agus bhain 40% de na básanna sin le tithe altranais.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó dheas, daoine in ionaid chúraim a bhí i gceist le 819 den 1,339 bás atá deimhnithe go dtí seo, nó 61% den iomlán. Bhain 706 acusan le tithe altranais, nó 53% den iomlán.

Thug an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí le fios go raibh 70% den stoc PPE anois ag dul chuig tithe altranais agus gur thart ar 400  oibrí leighis a bhí aistrithe chuig tithe altranais go dtí seo chun dul i ngleic leis na ráigeanna sna hionaid is measa atá buailte.

214,761 tástáil a rinneadh don ghalar ó dheas go dtí seo agus rinneadh 61,707 tástáil le seachtain anuas. Bhí toradh dearfach ar 3.7% de na tástálacha a rinneadh le seachtain anuas. Dúradh go raibh “rudaí ag dul go maith” maidir leis an sprioc is déanaí ag an Rialtas ó thaobh cúrsaí tástála – 105,000 tástáil in aghaidh na seachtaine faoin 18 Bealtaine.

De réir an eolais is déanaí faoi na cásanna ó dheas, eolas a bhain leis an 21,659 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche an Domhnach seo caite:

  • Fir a bhí i gceist le 42% de na cásanna agus mná iad 58%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 49 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 2,879 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 369 acu in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 6,293 cás, nó 29%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 10,670 cás, nó 49%, bhí Cill Dara sa dara háit le 1,280 cás, nó 6%, agus sa tríú háit a bhí Corcaigh le 1,177 cás, 5%
  • 369 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.7%), 301 a bhí i gcontae Chiarraí (1.4%), 466 cás a bhí i nDún na nGall (2.2%), 510 cás a bhí i Maigh Eo (2.4%), 139 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%) agus 717 cás a bhí i gcontae na Mí (3.3%)
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 63% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 34% agus taisteal thar lear ba chúis le 3%

Fág freagra ar 'Líon na n-othar le Covid-19 sna haonaid dianchúraim níos ísle ná mar bhí aon lá le cúig seachtaine'