Líomhaintí go ndearna fear é féin a nochtadh go míchuí á bhfiosrú i nGaeltacht Chonamara

Tá na Gardaí ag fiosrú scéil go ndearna fear é féin a nochtadh go míchuí os comhair grúpa daoine óga i mBearna i nGaeltacht Chonamara tráthnóna inné

Líomhaintí go ndearna fear é féin a nochtadh go míchuí á bhfiosrú i nGaeltacht Chonamara

Tá fiosrúchán á dhéanamh ag na Gardaí faoi líomhaintí go ndearna fear é féin a nochtadh go míchuí os comhair grúpa daoine óga i nGaeltacht Chonamara inné.

Dheimhnigh na Gardaí do Tuairisc.ie go raibh a leithéid d’eachtra i mBearna á fhiosrú acu ó thráthnóna inné.

Dúirt siad nár gabhadh aon duine i dtaobh na heachtra go fóill ach go raibh an cás á fhiosrú i gcónaí acu.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur tharla an eachtra go gairid roimh a trí a chlog tráthnóna inné, Dé Céadaoin, nuair a lean fear, a measadh a bhí sna tríochaidí, grúpa cailíní a bhí ag teacht ón trá.

Fág freagra ar 'Líomhaintí go ndearna fear é féin a nochtadh go míchuí á bhfiosrú i nGaeltacht Chonamara'