Líomhaintí faoi mhí-úsáid páistí curtha i leith bráthair a ndearnadh clár faisnéise do TG4 faoi

Deir Ord Naomh Eoin Dé go bhfuil líomhaintí faoin mBráthair Aidan Clohessy curtha ar aghaidh chuig na Gardaí

Líomhaintí faoi mhí-úsáid páistí curtha i leith bráthair a ndearnadh clár faisnéise do TG4 faoi

Craoladh clár ar TG4 in 2010 faoin mbráthair Aidan Clohessy, an bráthair de chuid Ord Naomh Eoin Dé a bhfuil líomhaintí ina leith a bhaineann le mí-úsáid páistí á bhfiosrú ag an nGarda Síochána.

Craoladh ar TG4 in 2010 an clár Croí Te na hAfraice inar chuir lucht a dhéanta rompu léargas a thabhairt ar an obair a bhí ar bun ag Aidan Clohessy in Mzuzu i dtuaisceart Malawi.

Tá sé tagtha chun solais go bhfuil líomhaintí nua a bhaineann leis an tréimhse a chaith Clohessy i St Augustine’s,  scoil do bhuachaillí le riachtanais speisialta sa Charraig Dubh i mBaile Átha Cliath, mar a raibh sé ina phríomhoide idir 1970-1993.

Aistríodh an Bráthair Clohessy go dtí Malawi i 1993. Ba i 1985 a rinneadh líomhaintí tromchúiseacha ina choinne maidir le mí-úsáid leanaí den chéad uair agus tuairiscítear chomh maith gur deineadh líomhaintí eile faoi ina dhiaidh sin, líomhaintí a deineadh an tseachtain seo caite san áireamh.

De réir tuairiscí nuachtán, nuair a bunaíodh an Bord Sásamh d’Institiúidí Cónaithe íocadh, in 2002, airgead cúitimh le cuid de na daoine a dhein líomhaintí i gcoinne Clohessy.

Lean Clohessy leis ag obair le leanaí sa Mhaláiv ina dhiaidh sin agus tugadh cuireadh d’iriseoirí as Éirinn cuairt a thabhairt ar an tír sin in 2010 chun éachtaint a fháil ar an obair a bhí ar siúl ag an mbráthair agus ar na seirbhísí a bhí á gcur ar fáil aige do mhuintir na háite.

Ba sa bhliain chéanna, 2010, a craoladh Croí Te na hAfraice clár faoin mBráthair Clohessy a rinne an comhlacht Creedo Productions do TG4. Beirt daltaí idirbhliana a chuaigh ar thuras chun na Maláive a chuir an clár faisnéise i láthair.

15 bliain a bhí caite ag Aidan Clohessy sa Mhaláiv nuair a deineadh Croí Te na hAfraice. Le linn na tréimhse sin bhunaigh sé ospidéal síciatrach agus seirbhísí comhairleoireachta do dhaoine a bhí ag teacht chucu féin ó fhadhbanna meabhairshláinte agus andúile. Bhí baint aige chomh le bunú seirbhísí do pháistí sráide.

Déanann lucht carthanachta a bhí ag obair leis an mBráthair Clohessy cur síos air sa chlár Croí Te na hAfraice mar fhear “inspioráideach” a bhí ag cur seirbhís ar fáil a bhí chomh maith lena leithéid sa chéad domhan. Labhair an Bráthair Clohessy sa chlár chomh maith faoina chuid oibre le hIonad Naomh Eoin Dé sa Mhaláiv.

Tá ráite ag Ord Eoin Dé go bhfuil eolas tugtha acu don Gharda Síochána faoi líomhaintí nua i leith an iar-phríomhoide, arb as Tiobraid Árann ó thús dó, a chuaigh chun obair i Malawi.

I ráiteas a d’eisigh Ord Naomh Eoin Dé, dúradh nach bhféadfaí trácht ar chásanna aonair ná ar thuairiscí nuachta neamhdheimhnithe. Dúradh, áfach, go bhfuil an t-ord ag plé leis an scéal de réir a nós imeachta agus a bpolasaí cosanta agus go bhfuil na líomhaintí curtha in iúl acu do na húdaráis chuí agus iad ag comhoibriú leo dá réir.

Ghlac an t-ord leis nach raibh an tslí ar chaitheadar le tuairisciú agus bainistiú cásanna mar seo  chomh maith agus ba cheart dóibh a bheith suas go dtí 2012. Dúradh go ndearna Ord Naomh Eoin Dé gach líomhain a bhreithnigh An Bord Náisiúnta um Páistí a Chosaint san Eaglais Chaitliceach in 2015 a chur ar aghaidh chuig an nGarda Síochána agus Tusla.

Fág freagra ar 'Líomhaintí faoi mhí-úsáid páistí curtha i leith bráthair a ndearnadh clár faisnéise do TG4 faoi'