Línte leictreachais ina n-údar imní ag héileapad Thoraí

Maíonn comhairleoir contae i nDún na nGall go gcaithfear línte leictreachais atá gar don héileapad i dToraigh a bhogadh ar mhaithe le cúrsaí sábháilteachta

Línte leictreachais ina n-údar imní ag héileapad Thoraí

Oileán Thoraí. Pictiúr: Photocall Ireland/Defences Forces

Caithfear línte leictreachais atá cóngarach do láthair thuirlingthe an héileacaptair i dToraigh a bhogadh ar shiúl, ar mhaithe le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta de, a deir comhairleoir contae as Dún na nGall.

Thug an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh le fios in agallamh a thug sé do RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil na línte leictreachais ag cur bac ar an héileacaptar tuirlingt agus imeacht go sábháilte ón láthair thuirlingthe

Mhaígh sé go bhfuil gá anois le ciste airgid ó Roinn na Gaeltachta le tabhairt faoin obair leis na línte a aistriú go láthair eile.

Bhí idir imní agus fhearg ar mhuintir Thoraí roinnt míonna ó shin faoi chaighdeán na hoibre a rinneadh ar an láthair, a chosain €200,000. Scoilt dromchla na láithreach agus bhí clocha ag éirí den talamh ar na paisinéirí dá bharr. B’éigean don héileacaptar tuirlingt i bpáirc in aice leis an ionad pobail ach bhí deacrachtaí leis sin fosta cheal soilse.

Bhí fadhbanna le soilsiú ag an héileapad féin roinnt seachtainí roimhe sin nuair a thug píolótaí faoi deara go raibh na soilse rógheal. Bhíodh na píolótaí á ndalladh agus iad ag tuirlingt san oíche.

Tá obair athchóirithe déanta ó shin ar dhromchla an héileapad agus ar an gcóras soilsithe agus tuairiscítear go bhfuil na cúrsaí sin ina gceart ó shin.

Dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil an conraitheoir a thug faoin obair ar an láthair thuirlingthe le híoc go fóill as a chuid oibre.

Sular tógadh an héileapad, d’éiligh muintir an oileáin aerstráice d’eitleán, ach ar deireadh, ba héileapad a tógadh.

Fág freagra ar 'Línte leictreachais ina n-údar imní ag héileapad Thoraí'