‘Limerick’s Lorca’ – Michael Hartnett á cheiliúradh inniu i gcathair Luimnigh

‘An líon a bhailíonn gach iasc’ is teideal den chomhdháil faoi Michael Hartnett a bheidh ar siúl i gColáiste Mhuire gan Smál inniu

‘Limerick’s Lorca’ – Michael Hartnett á cheiliúradh inniu i gcathair Luimnigh

Déanfar ceiliúradh i gcathair Luimnigh inniu ar shaol, ar shaothar agus ar oidhreacht Michael Hartnett, an file Béarla agus Gaeilge as iarthar Luimnigh a bhásaigh 20 bliain ó shin.

‘An líon a bhailíonn gach iasc’ is teideal den chomhdháil faoi Hartnett a bheidh ar siúl i gColáiste Mhuire gan Smál inniu. 

Is iad na filí Rita Kelly agus Mícheál Ó Siochrú na haoichainteoirí a bheidh ag an gcomhdháil faoin bhfile ar thug Séamas Heaney ‘Limerick’s Lorca’ air.

‘Mo chara Michael Hartnett: a scéal agus a shaothar’ is teideal do chaint Mhíchíl Uí Shiochrú agus ag trácht ar ‘Ó hAirtnéide, an fhilíocht agus Cultural Prestige’ a bheidh Rita Kelly,

Ag 9.15 ar maidin a chuirfear tús le himeachtaí an lae le píosa cainte ón Dr Máiréad  Conneely as Coláiste San Aingeal faoi théama an ghrá i saothar an Airtnéidigh, a bhí ar dhuine de mhórfhilí na hÉireann sa bhfichiú haois.

Mar chuid den cheiliúradh beidh ócáid ‘Cith Filí’ ar siúl ag 4.15 pm mar a léifidh filí saothar de chuid Hartnett agus a saothar féin.

Mar chlabhsúr ar an gcomhdháil, seolfar na leabhair Scáil an scéil le Mícheál Ó Siochrú agus an cnuasach Saol Corrach, curtha in eagar ag Aindrias Ó Cathasaigh.

Beidh saothar de chuid an fhile ar taispeáint sa leabharlann le linn na comhdhála agus beidh tob-shiopa leabhar speisialta ag an gCaifé Liteartha ón nDaingean ar oscailt.

Saorchead isteach. Gach eolas ar fáil anseo

Fág freagra ar '‘Limerick’s Lorca’ – Michael Hartnett á cheiliúradh inniu i gcathair Luimnigh'