Ag tús an earraigh chuile bhliain tagann teachtaí chumainn pheile na Gaillimhe le chéile i gceannáras Raidió na Gaeltachta i gCasla áit a dtarraingítear na foirne in aghaidh a chéile i gcraobhacha sinsearacha agus idirmheánacha an chontae don séasúr atá ar leic na tairsí.
Ócáid bheag dheas a bhíonn inti. Ní bhíonn na cuairteoirí faoin mbrú a bheadh orthu ag gnáthchruinniú de chuid an Choiste Peile mar nach bhfuil aon ábhar a tharraingeodh clampar ar an gclár. Ólann siad an cupán tae a fhaigheann siad ar a gcompord ag breathnú ina dtimpeall ar an mbealach a gcuirtear clár raidió le chéile.
Tá an stáisiún thar a bheith sásta a leithéid de dheis a bheith acu freisin – aitheantas é ó CLG na Gaillimhe go dtuigtear tábhacht na seirbhíse mar gur dóibh agus nach d’aon eagraíocht eile de chuid na meán a thugtar an deis is túisce craobhscaoileadh a dhéanamh ar an leagan amach a bheidh ar shocruithe na bliana.
Nuair a thosaíonn an obair sin bíonn na spéacláirí tarraingthe as na pócaí ag chuile theachta a dteastaíonn a leithéid uathu, iad ar leathmhaing ar chraol na sróine, peann ina lámha agus píosa páipéir ar a nglúine. B’in mar a bhí le mo linnse ar chuma ar bith. Sa lá ata inniu ann tá seans ann gur le teileafóin agus leis an gcóras digiteach a stórálann an chuid is óige acu an t-eolas.
Nuair a thosaítear ar an tarraingt féin ní haon ábhar iontais é gurb iad Cora Fine, atá sa tóir ar an seachtú craobh sinsearach as a chéile inniu agus Réalta Thuama rompu, an fhoireann a dteastaíonn ó na teachtaí eile a sheachaint.
Má thagann a n-ainm siúd amach ar na trí nó ceithre cinn is túisce, láithreach tagann cuma níos suaimhní ar an gcuid sin de na teachtaí atá fós ag fanacht. I gcás leath na hoibre a bheith déanta agus gan ainm Chora Fine léite, méadaíonn ar an teannas.
I láthair na huaire tá cúig chraobh sa mbreis buaite ag Réalta Thuama (25) ná atá ag a gcéilí comhraic inniu. Ach is mór idir an chaoi a bhfuil na craobhacha sin bailithe acu.
Is é an fáth go ligeann formhór na dteachtaí osna faoisimh i stiúideo Raidió na Gaeltachta nuair a tharraingítear Cora Fine in aghaidh club éicint seachas a cheann féin gur ón mbliain 1991 i leith a bhuaigh siadsan 17 den 20 craobh atá acu agus dosaen acu sin ó theacht na Mílaoise. Tá craobh chlubanna na hÉireann buaite faoi thrí acu le cúig bliana anuas.
Ar an taobh eile den scéal ba i ndeireadh an 19ú céad agus i dtús agus i lár an chéid seo caite a facthas ré órga Réalta Thuama.
Idir 1892 agus 1911 bhuaigh siad an comórtas naoi n-uaire agus arís idir 1952 agus 1962 bhíodar ina seaimpíní ar Ghaillimh naoi n-uaire eile – seacht gcraobh as a chéile le n-áireamh orthu sin.
Ba é Seán Puirséil – an peileadóir ab fearr a chuir cos i mbróg a déarfadh go leor – captaen na foirne le linn na seacht mbua sin (1954 – 1960), ach gur sheas sé i leataobh nuair a himríodh cluiche ceannais ’58 ar mhaithe leis an onóir a thabhairt dá chomrádaí mór Frank Stockwell, a d’fhógair go raibh sé le n-éirí as a luaithe agus a bheadh an craobhchluiche in aghaidh Bhéal Átha Ghártha thart.
Comharsana iad Réalta Thuama agus Cora Fine – ceann lonnaithe i mbaile beag ina bhfuil suas le 9,000 duine a mhaíonn go mba é an áit ina bhfuileadar ina gcónaí príomhchathair na hÉireann sa 12ú Céad. Ba ann a mhair Ruaidrí Ua Conchobair, an tArdrí deireanach a bhí ar Éirinn.
Paróiste mór fairsing atá roinnte ina dhá leith ag an mbóthar N17 atá luaite ag na Sawdoctors is ea Cora Fine – an ceantar as a dtagann ainm na foirne ó dheas agus leath eile an pharóiste, Béal Chláir, ó thuaidh.
Bhí foireann i chaon leath i dtús aimsire agus ba iad Cláirsigh Bhéal Chláir a bhuaigh Craobh na Gaillimhe i 1900.
Mar a tharla i bparóistí móra go leor bhí coimhlint agus scaití aighnis idir foirne an cheantair agus idir sin agus an tionchar a d’fhág an imirce agus cogaíocht ar an tuaith, socraíodh i 1925 go dtiocfadh an dá thaobh de pharóiste Chora Fine le chéile. Dúradh gur chluiche peile eatarthu a shocródh ainm na foirne nua agus ba iad an taobh ó dheas a thug an lá agus an t-ainm leo.
Ós ag caint ar ainmneacha muid, d’fhéadfaí a rá freisin go raibh seans láidir ann gur in ómós d’fhear as Cora Fine a bheadh ceanncheathrú Chumann Lúthchleas Gael i mBaile Átha Cliath ainmnithe murach cor a tháinig i stair na heagraíochta sin.
Bhí an Dr. Pádraig Ó Duagáin as an bparóiste sin ina easpag ar Chluain Fearta nuair a bhíothas ag bunú na heagraíochta agus ba eisean ba rogha le Micheál Cíosóg mar chéad uachtarán. Ach bhí an Duagánach (a bhfuil an pháirc i gCora Fine ainmnithe ina ómós) 71 bliain d’aois agus an tsláinte ag teip air. É féin a mhol don Chíosógach cuireadh a thabhairt d’Ardeaspag Chaisil a bhí níos óige ná é.
Fág freagra ar 'Ligtear osna faoisimh i stiúideo RnaG nuair a tharraingítear Cora Fine in aghaidh club éicint eile…'