‘Lig dó fás suas gan an Ghaeilge mar ualach air’ – ‘díomá’ ar mhuintir Dháithí Mhic Gabhann faoi litir fuatha

Dúirt Máirtín Mac Gabhann gur tháinig litir lámhscríofa chuige nach raibh aon ainm léi Dé Céadaoin agus go measann na póilíní go bhfuil ráitis sheicteacha inti

‘Lig dó fás suas gan an Ghaeilge mar ualach air’ – ‘díomá’ ar mhuintir Dháithí Mhic Gabhann faoi litir fuatha

Tá litir ‘sheicteach’ faighte ag muintir Dháithí Mhic Gabhann, an cainteoir Gaeilge óg as Béal Feirste atá luaite le dlí nua faoin deonú orgán sa tuaisceart.

I ráiteas a scaip muintir Mhic Gabhann ar líne dúradh go raibh “díomá ollmhór” ar an teaghlach go bhfuair siad litir “ghránna” sa phost.

Tá an PSNI ag caitheamh leis an eachtra mar ‘eachtra fuatha’.

Agus é ag caint The Stephen Nolan Show ar an BBC, dúirt Máirtín Mac Gabhann gur tháinig litir lámhscríofa chuige nach raibh aon ainm léi Dé Céadaoin agus go measann na póilíní go bhfuil ráitis sheicteacha inti.

“Is in iarracht Dáithí a chosaint a thosaíomar an feachtas. Labhraíodh mé i gcónaí faoin scéin a bhaineann le gan a bheith ar ár gcumas Dáithí a chosaint ón éalang a bhí ag cur as dó,” a dúirt a athair.

“Dá bharr sin, nuair nach mbíonn riamh i d’intinn ach do theaghlach a chosaint agus ansin faigheann tú an litir náireach seo isteach i do dhoras.

“Lámhscríofa i gceannlitreacha a bhí sí. Bhí mé míshuaimhneach faoi gach aon rud a bhain léi.”

Rinne Máirtín cuid dá raibh sa litir á aithris le linn an agallaimh:

“Déan aithrí i do chuid peacaí, glan an smál dod’ bhuachaillín beag bocht.

“Ar fhaitíos go mairfeadh sé, lig dó fás suas saor agus sona, gan an Ghaeilge mar ualach air agus an murdar agus an fuath a thuigtear léi…tá do mhac á úsáid agat le poiblíocht a fháil duit féin díreach mar a d’úsáid tú do mhac le do chuid tuairimí polaitiúla míchuibheasacha féin a chur chun cinn.

“Is mí-úsáid páistí a leithéid d’ainm gránna a thabhairt ar do mhac.’”

Bhí Dáithí 14 mí nuair a fuair Máirtín Mac Gabhann agus Seph Ní Mhealláin, beirt Ghaeilgeoirí as Béal Feirste, amach go raibh aistriú croí de dhíth air agus chuir siad tús le feachtas chun an dlí maidir le deonú orgán a leasú.

Mar leasú ar an Northern Ireland (Executive Formation) Bill a tugadh ‘Dlí Dháithí’ isteach an mhí seo caite toisc nach raibh an feidhmeannas ó thuaidh ag feidhmiú.

Beidh an dlí nua sin faoin deonú orgán á chur i bhfeidhm sa Tuaisceart ar an 1 Meitheamh.

Fág freagra ar '‘Lig dó fás suas gan an Ghaeilge mar ualach air’ – ‘díomá’ ar mhuintir Dháithí Mhic Gabhann faoi litir fuatha'

  • Breathnóir1

    Tá sin go hiomlán samhnasach. Cad é atá ag gabháil ar aghaidh i gcloigeann duine ar bith a scríobhfadh a leithéid faoin ghasúr beag galánta sin agus a chuid tuismitheoirí atá ag déanamh a ndíchill le cuidiú leis agus le daoine eile atá sa bhád céanna?

  • jpmorley0@gmail.com

    Ár seasamh oraibh a Mháirtín agus Seph. Cuimhnigh gur mó agus gur measa an éalaing atá ar an duine a scrígh an litir uafásach sin ná mar atá ar do úillín órga féin, do Dháithíse. Is é an éalaing sin ná an Fuath. Ní bheidh aon teacht aniar as sin aige/aici faid a mhairfidh sé/sí. Iomard saolta is ea an fuath a bheidh á c(h)reimeadh is á c(h)naí an dá lá is an fhaid a mhairfidh sé/sí. Ach déanfaidh do Dháithíse an-teacht aniar, is bláthóidh ina fhear rábach, scafánta, táim cinnte de. Óir tá seod ró-luachmhar aige nach bhfuil agus nach mbeidh go deo ag lucht an fhuatha .i. an grá.