Lig d’fhuaimeanna do theanga drithlíní a chur le do dhroim…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: ceacht scríbhneoireachta a d’fhoghlaim ár gcolúnaí ó bheith ag éisteacht le saothar an fhile ó Thír na Sámach, Áillohaš

Lig d’fhuaimeanna do theanga drithlíní a chur le do dhroim…

Spotify, creid é nó ná creid, a chuir i dtreo fhilíocht Nils-Aslak Valkeapää den chéad uair mé, bliain nó dhó ó shin, agus taighde á dhéanamh agam do ghearrscéal de mo chuid atá suite i gcríocha na Sámach.

Ó shin i leith, bím ag éisteacht go tráthrialta lena mhórshaothar Beaivi, áhčážan (‘An ghrian, m’athair’), dán fada agus ceol curtha leis a dtugtar ‘eipic náisiúnta na Sámach’ air go hurramach. 

Ealaíontóir ildánach a bhí in Nils-Aslak Valkeapää, nó Áillohaš mar ab fhearr aithne air i dteanga na Sámach, pobal bundúchasach a bhfuil cónaí orthu i dtuaisceart Chríoch Lochlann agus na Rúise agus ar imríodh cos ar bolg orthu ar feadh na gcéadta bliain. 

I dtuaisceart na Fionlainne, i bhfoisceacht scread réinfhia de theorainneacha na Sualainne agus na hIorua, a rugadh Valkeapää féin. Aoirí a bhí ina mhuintir ach oileadh Áillohaš ina mhúinteoir scoile agus chaith sé an chuid is mó dá shaol ag iarraidh féinmhuinín a thabhairt dá phobal tríd an bhfocal scríofa agus lena chuid ceoil.

Ní hiad dindiúirí Áillohaš mar laoch pobail mhionlaithe a theastaíonn uaim a phlé anseo áfach ach ceacht scríbhneoireachta a d’fhoghlaim mé ó bheith ag éisteacht leis agus a mhórshaothar Beaivi, áhčážan á aithris aige.

Níl teanga na Sámach agam. D’fhéadfadh an foclóir a bheith á léamh amach ag Áillohaš in Beaivi, áhčážan. Go deimhin, agus athrá seasta á dhéanamh aige ar fhocail áirithe – athruithe beaga bídeacha á gcur i bhfeidhm aige orthu de réir a chéile – shílfeá gur ag infhilleadh briathra nó ag cur ainmfhocal san uimhir iolra a bhíonn an file seachas a bheith ag aithris dáin.

Tuigim nach é sin atá ar bun ag Áillohaš dáiríre – ach fiú dá mbeadh, d’éisteoinn leis arís is arís eile. A chuid foghraíochta a chuireann faoi gheasa mé. Foghraíonn Áillohaš chuile fhocal amhail is go mbeadh sé i ngrá leis: tá meas agus urraim le cloisteáil ní hamháin sna focail féin ach sna gutaí agus sna consain, sna litreacha rúndiamhracha sin ‘č’, ‘š’ agus ‘ž’. 

Nuair a bhímid ag plé le focail ar pháipéar, nó – níos measa fós – ar scáileán, déanaimid dearmad gur fuaimeanna iad dáiríre, sraitheanna fuaimeanna le bheith cruinn. Spreag filíocht Áillohaš mé focail a thógáil i mo bhéal, iad a thiontú thart, iad a rá amach os ard agus meas agus urraim mar is cuí a thabhairt do chuile ghuta, consan agus défhoghar iontu.

‘Crrrrriathrachhh.’

‘Brrrrrrrrrreachhhhhlllllllainnnnnn.’

‘Sssssssssssneachhhhhta.’

Nuair a thugaimid ómós d’fhocal lenár scornach, lenár dteanga, lenar bhfiacla agus lenár mbeola, tugaimid cuid dá chumhacht ar ais dó – an chuid sin a chailltear i ngan fhios dúinn nuair is ag díriú ar an bhfocal scríofa a bhímid. 

Bain triail as. Lig d’fhuaimeanna do theanga drithlíní a chur le do dhroim.

Fág freagra ar 'Lig d’fhuaimeanna do theanga drithlíní a chur le do dhroim…'