Is fada liom go bhfeicfidh mé an scannán nua ‘Black 47’. Bhí na léirmheasanna go dtí seo sách moltach. Ní raibh aon locht mór ag Breandán S. Mac Gearailt air, cé gur thrua leis nach raibh Máirtín Jaimsie le feiceáil ann.
Ní dhearna Breandán aon tagairt don chaighdeán Gaeilge atá sna habairtí Gaeilge atá anseo agus ansiúd tríd an scannán is cosúil, ach ní cúis iontais ar bith go mbeadh Gaeilge sa scannán ar ndóigh. Ba í príomhtheanga na ndaoine í aimsir an Ghorta agus ba iad na Gaeilgeoirí ba mhó a bhásaigh leis an ocras agus arbh éigean do chuid mhór eile acu greadadh leo thar sáile.
Thairis sin ar fad, is é cnámharlach an scéil atá sa scannán seo gur fhill saighdiúir a bhí ag troid san Afganastáin abhaile go Conamara agus go bhfaca sé go raibh drochbhail curtha ar a mhuintir agus ar a chomharsana.
Shocraigh sé díoltas a bhaint amach.
Chuirfeadh sé sin téama as scannán buachaillí bó i gcuimhne duit.
Go deimhin dúirt mac barúil éicínt gur ‘potato Western’ atá ann.
D’fhéadfadh an té a rinne an scannán díriú go hiomlán ar théama sin an díoltais agus neamhaird a dhéanamh de stair an ghorta. De réir gach tuairisce, ní hin é a rinne sé: chuir sé an-stró air féin ag bailiú mioneolais faoi na fíorchúiseanna a bhí leis an ngorta.
Tháinig an dúchan ar na fataí cinnte, dúirt sé, ach bhí níos mó ná sin ann.
Níor spáráil sé rialtas na Breataine ná an polasaí eacnamaíochta laissez faire a bhí i réim ag an am—an polasaí céanna a raibh Mary Harney agus a cairde sa bPáirtí Daonlathach chomh dílis dó nuair a bhí siadsan i mbarr a réime.
Ar ndóigh ní hé seo an chéad uair ar smaoiníodh ar scannán mór a dhéanamh faoin nGorta. Chuaigh Liam Ó Flaithearta bog agus crua ar John Ford ag iarraidh air an t-úrscéal a scríobh seisean faoin tubaiste a chur in oiriúint don scáileán.
Bhí gaol ag an bhFlaitheartach agus ag Ford le chéile agus an-chaidreamh eatarthu. Ba as an Spidéal cuid de shinsir Ford.
Seacht mbliana déag agus fiche a bhí an Flaitheartach nuair a thosaigh sé ag scríobh Famine i 1933.
Chaith sé seal ag scríobh scripteanna in Hollywood agus b’in é an áit ar chuir sé aithne cheart ar John Ford.
Sóisialach amach is amach a bhí sa bhFlaitheartach, rud nach bhféadfaí a rá faoi Ford, ach bhí meas ealaíontóirí ar a chéile acu, gan trácht ar an ngaol.
Rinne Ford scannán i 1935 den úrscéal The Informer a scríobh Ó Flaithearta. Ceapadh an uair sin go raibh chuile chosúlacht ann go ndéanfadh sé an rud céanna le Famine.
Bhí cairdeas an Spidéil idir Ford agus Lord Killanin—fear eile a raibh an-mholadh aige ar Famine.
Sa mbliain 1937 foilsíodh Famine.
Cháin Ó Flaithearta an ‘tyrant queen’ Victoria ach níor dhún sé a shúil ar bhealach ar bith ar pháirt lucht gaimbín na hÉireann in uafás an Ghorta.
Faraor ní dhearna Ford an scannán a raibh súil leis. Dhírigh sé a aird ar úrscéal John Steinbeck The Grapes of Wrath.
Nuair a fiafraíodh de cén fáth a ndearna sé an scannán sin, ar seisean ‘because it was similar to the famine in Ireland, when they threw the people off the land and left them wandering on the roads to starve’.
Beagán blianta dár gcionn rinne Ford The Quiet Man. Bhí lámh ag Lord Killanin san obair. Mar a dúirt léirmheastóir amháin ‘it was more commercially viable paddywhackery’.
Ní thuairiscítear céard a cheap Liam Ó Flaithearta faoi ach ní chuirfeadh sé iontas ort dá mba fonn múisce a chuir sé air.
Declan Grogan
Bíonn an alt ar ‘Liam Ó Flaithearta, John Ford agus an scannán faoin nGorta Mór nár éirigh leo é a dhéanamh’ an suimiúil chun é ag leamh agus thaiteann sé go mór liom