Liam Ó Flaithearta agus gabháil an Rotunda

An 18 Eanáir 1922 ghlac Liam Ó Flaithearta as Árainn seilbh ar an Rotunda mar agóid in aghaidh an méid dífhostaíochta a bhí i mBaile Átha Cliath ag an am

Liam Ó Flaithearta agus gabháil an Rotunda

Déanfar comóradh Dé Sathairn seo chugainn ar eachtra stairiúil a tharla i mBaile Átha Cliath céad bliain ó shin. Ar an 18 Eanáir 1922 ghlac Liam Ó Flaithearta as Árainn seilbh ar an Rotunda mar agóid in aghaidh an méid dífhostaíochta a bhí i mBaile Átha Cliath ag an am.

Bhí dhá chéad fear dífhostaithe faoina cheannas. Cumannach ba ea Liam agus bhí sé ina eagarthóir ar an nuachtán a bhí ag na Cumannaigh. Bhí sé ina chathaoirleach freisin ar dhream a thug Dublin Council of the Unemployed orthu féin.

Tá an cur síos seo i mo dhiaidh bunaithe ar an gcuntas a scríobh nia Liam Uí Fhlaithearta, Breandán Ó hEithir, faoin méid a tharla.

Nuair a ghlac siad seilbh ar an Rotunda, a dúirt Breandán, chrochadar an brat dearg as ceann de na fuinneoga, chuir siad suas bacainní agus d’fhógair siad go bhfanfaidís ann mar agóid in aghaidh an líon mór daoine a bhí dífhostaithe i mBaile Átha Cliath —12,500 de réir a n-áirimh féin.

Agóid shíochánta a bhí inti cé go raibh gothaí míleata ar an “ngarastún” agus gur thug na fir “commander in chief” ar an bhFlaitheartach.

Chuir an brat dearg fearg as cuimse ar chuid mhór de phobal Bhaile Átha Cliath agus chruinníodar go bagrach taobh amuigh.

Ar feadh dhá lá bhí ar dhíormaí ón IRA agus an DMP [Póilíní Chathair Átha Cliath] an slua a choinneáil óna raibh istigh a stracadh as a chéile. Nuair a fiafraíodh den Fhlaitheartach céard a dhéanfadh sé féin agus a chuid fear dá mbrisfeadh na póilíní isteach ina mullach dúirt sé go luífidís síos ar an urlár agus go dtabharfaidís cead do na póilíní iad a iompar amach.

Rud atá suimiúil ná an tacaíocht a fuair an agóid ó ghnólachtaí Bhaile Átha Cliath. Thug Kennedy’s Bakery 400 builín dóibh, thug Boland’s Bakery 500 builín. Tháinig tae, siúcra, bainne agus subh ón Monument Creamery agus Kelly Bros. agus chuir Diamond Coal céad guail chucu.

B’éigean do na fir agus dá gceannaire imeacht sa deireadh faoi bharántas an IRA. Chuaigh Liam Ó Flaithearta go Corcaigh agus as sin go Sasana.

Is le scríbhneoireacht agus le síorthaisteal a chaith sé a shaol ina dhiaidh sin agus ní raibh aon bhaint aige le polaitíocht réabhlóideach as sin amach, a dúirt Breandán Ó hEithir.

Tá sé mór agamsa locht a fháil ar bhreithiúnas Bhreandáin Uí Eithir ach bhí dul amú air sa gcás sin. Cinnte rinne Liam scríbhneoireacht den scoth agus neart taistil ach ní raibh ann ach go raibh a chos ar thalamh Shasana nuair a bhí sé ag scríobh do nuachtán na gCumannach i Londain.

Bhí a dheartháir Tomás ar dhuine de cheannairí Pháirtí Cumannach Mheiriceá agus é ina eagarthóir agus ina cholúnaí ar chuid de na nuachtáin agus de na hirisí a bhí acu. Lean Liam ag cur tuairiscí agus gearrscéalta réabhlóideacha chuige go dtí gur fhág Tomás Meiriceá.

Ag 1.30pm ag 24 Sráid Sheoirse Uachtair a thosós an searmanas cuimhneacháin Dé Sathairn. Rachfar as sin go dtí an Rotunda.

Ag 2pm, taobh amuigh d’Amharclann an Ambassador, labhróidh an staraí Donal Fallon, léifidh an scríbhneoir Alan O’Brien an forógra a scaip Liam Ó Flaithearta agus a chairde agus canfar an Bhratach Dhearg.

Fág freagra ar 'Liam Ó Flaithearta agus gabháil an Rotunda'