Liam, Ciara agus Róisín na hainmneacha Gaeilge ag Met Éireann do na stoirmeacha romhainn amach

I gcomhar le Met Office na Breataine agus KNMI, oifig aimsire na hOllainne, d’eisigh Met Éireann inniu na hainmneacha atá roghnaithe don bhliain seo chugainn

Liam, Ciara agus Róisín na hainmneacha Gaeilge ag Met Éireann do na stoirmeacha romhainn amach

Tá ainm anois againn d’aon stoirm a thiocfaidh an bealach as seo go ceann bliana agus tá trí ainm Gaeilge ina measc –  Liam, Ciara agus Róisín. I gcomhar le Met Office na Breataine agus KNMI, oifig aimsire na hOllainne, d’eisigh Met Éireann inniu na hainmneacha atá roghnaithe don bhliain seo chugainn.

Ba in 2015 a thosaigh Met Éireann an feachtas poiblí chun ainmneacha a bhaisteadh ar na stoirmeacha agus é mar aidhm acu an pobal a spreagadh le suim a chur i gcúrsaí aimsire agus an tionchar a bhíonn ag an drochaimsir ar an saol. I mbliana an chéad bhliain ag KNMI na hOllainne a bheith i bpáirt le hÉirinn agus an Bhreatain.

Fuair Met Éireann na mílte ainmneacha ón bpobal agus is as na moltaí sin a ceapadh an liosta.

Dúirt Evelyn Cusack, Ceannaire na Seirbhíse Réamhaisnéise i Met Éireann:

 “Cuidíonn na hainmneacha agus an cód dathanna ar stoirmeacha le teachtaireacht shoiléir údarásach a thabhairt don phobal agus tugann sé deis dóibh iad féin a ullmhú agus aon chontúirt a sheachaint.”

21 ainm ar fad atá ar an liosta do 2019/2020 agus is léir go bhfuil ainmneacha ann as na trí thír atá páirteach sa chóras. I measc ainmneacha as an tír seo tá Brendan, a ainmníodh i gcuimhne ar an bhfear grinn Brendan Grace a bhásaigh le déanaí. Tá Francis ann in ómós do Francis Beaufort as an Uaimh i gcontae na Mí a thug scála Beaufort dúinn, an scála a úsáidtear chun luas na gaoithe a thomhas.

Tá Liam, Ciara, Róisín agus Maura ar an liosta chomh maith. Ón bpobal a tháinig na moltaí agus a gcuid cúiseanna féin ag daoine lena rogha.

Atiyah an chéad stoirm eile a bhuailfidh an taobh seo den domhan agus ina diaidh aniar, nó pé treo eile a dtiocfaidh siad, beidh Brendan, Ciara, Dennis, Ellen, Francis, Gerda, Hugh, Iris, Jan, Kitty, Liam, Maura, Noah, Olivia, Piet, Róisín, Samir, Tara, Vince and Willow.

Ní úsáidtear ainmneacha a thosaíonn leis na litreacha Q, U, X, Y ná Z faoi rialacha idirnáisiúnta na meitéareolaíochta.

Fág freagra ar 'Liam, Ciara agus Róisín na hainmneacha Gaeilge ag Met Éireann do na stoirmeacha romhainn amach'