Liam agus Fiadh ar bharr liosta na n-ainmneacha Gaeilge arís ach dul chun cinn déanta ag Odhrán agus Éabha

Tá liosta na n-ainmneacha is coitianta a tugadh ar pháistí an stáit in 2019 foilsithe inniu ag an CSO 

Liam agus Fiadh ar bharr liosta na n-ainmneacha Gaeilge arís ach dul chun cinn déanta ag Odhrán agus Éabha

Is iad Liam agus Fiadh na hainmneacha Gaeilge is coitianta a tugadh ar leanaí in Éirinn arís in 2019 de réir eolais atá curtha ar fáil ag an CSO.

Bhí an dá ainm céanna ar bharr na liostaí do chailíní agus do bhuachaillí in 2018 agus níor tháinig aon athrú ar an scéal anuraidh agus liostaí 2019 foilsithe inniu ag an bPríomh-Oifig Staidrimh.

Aisteach go leor, tugadh Liam ar 334 buachaill a rugadh in Éirinn in 2019 agus tugadh Fiadh ar an méid díreach céanna cailíní, 334, anuraidh chomh maith.

Ní raibh aon ainm Gaeilge i measc na ndeich n-ainm is coitianta ar liosta na mbuachaillí in 2018 ach tá Liam san ochtú háit agus Tadhg sa naoú háit ar mhórliosta 2019.

Fiadh an t-aon ainm Gaeilge a bhí i measc na ndeich n-ainm is coitianta a tugadh ar chailíní. Sa cheathrú háit atá sé ar mhórliosta na gcailíní.

Ar na hainmneacha Gaeilge eile a bhain áit amach i measc an 20 ainm is coitianta a tugadh ar bhuachaillí in 2019, bhí Oisín (13), Fionn (16) agus Cillian (17).

Seachas Fiadh bhí dhá ainm Gaeilge eile i measc an 20 ainm is coitianta a tugadh ar chailíní in 2019. Bhí Aoife sa 16ú háit agus sa 17ú háit a bhí Caoimhe in 2019.

Bhí dhá ainm Gaeilge i measc na n-ainmneacha is mó a rinne dul chun cinn idir liostaí 2018 agus 2019.

Tháinig an t-ardú is mó ar an ainm Odhrán, a chuaigh ón 138ú háit ar liosta 2018 go dtí an 97ú háit ar cheann 2019. Tugadh Odhrán ar 68 buachaill anuraidh, i gcomparáid le 44 in 2018.

Tháinig méadú ar an tóir ar an ainm Odhran, gan aon síneadh fada, chomh maith agus chuaigh sé ón 131ú háit go dtí an 92ú háit ar liosta 2019.

Ar liosta na gcailíní, bhí Éabha ar cheann de na hainmneacha is mó a rinne an dul chun cinn. D’imigh an t-ainm ón 48ú háit ar liosta 2018 go dtí an 29ú háit ar liosta 2019.

Bhí Ruairí, Doireann agus Méabh i measc na n-ainmneacha Gaeilge eile a bhain áit amach sa 100 ainm ar liostaí na mbuachaillí agus na gcailíní in 2019.

Ba é Jack arís an t-ainm ba choitianta a tugadh ar bhuachaillí in Éirinn in 2019. Bhí an t-ainm sin ar bharr an liosta gach bliain ó 2007 seachas bliain amháin, nuair a bhí James ar bharr liosta na mbuachaillí in 2016.

Bhí Emily ar bharr mhórliosta na gcailíní don naoú bliain as a chéile.


Buachaillí

Ainm Mórliosta 2019 Mórliosta 2018
1 Liam 7 11
2 Tadhg 8 20
3 Oisín 13 15
4 Fionn 16 14
5 Cillian 17 17
6 Rían 20 23
7 Finn 22 18
8 Seán 23 13
9 Cian 32 27
10 Donnacha 56 57

Cailíní

Ainm Mórliosta 2019 Mórliosta 2018
1 Fiadh 3 10
2 Aoife 16 17
3 Caoimhe 17 25
4 Saoirse 23 20
5 Éabha 29 48
6 Sadhbh 37 52
7 Róisín 40 38
8 Ciara 49 43
9 Niamh 54 59
10 Aoibhín 69 68

Fág freagra ar 'Liam agus Fiadh ar bharr liosta na n-ainmneacha Gaeilge arís ach dul chun cinn déanta ag Odhrán agus Éabha'