Liadh Ní Riada le seasamh do Shinn Féin sa chéad olltoghchán eile

Deir Liadh Ní Riada, an t-iarfheisire Eorpach as Gaeltacht Mhúscraí, gur 'onóir mhór' é a bheith roghnaithe ag baill Shinn Féin le seasamh i gCorcaigh Thiar Thuaidh sa chéad olltoghchán eile

Liadh Ní Riada le seasamh do Shinn Féin sa chéad olltoghchán eile

Tá Liadh Ní Riada, an t-iarfheisire Eorpach as Gaeltacht Mhúscraí, le seasamh do Shinn Féin sa chéad olltoghchán eile.

D’fhógair Sinn Féin aréir go mbeadh Ní Riada ag seasamh don pháirtí i gCorcaigh Thiar Thuaidh.

Dúirt Ní Riada, atá ina hOifigeach Pleanála Teanga do Ghaeltacht Mhúscraí,  gur “onóir mhór” é a bheith roghnaithe ag Sinn Féin le seasamh sa dáilcheantar agus go raibh sí ag súil go mór le dúshlán Fhine Gael agus Fhianna Fáil a thabhairt.

Beirt Teachtaí Dála atá ag Fianna Fáil sa dáilcheantar seo, Aindrias Moynihan agus Michael Moynihan, agus Michael Creed a bhuaigh an suíochán eile d’Fhine Gael in olltoghchán 2020. Nach mór 75% de na vótaí a caitheadh i gCorcaigh Thiar Thuaidh a bhí ag an dá pháirtí anuraidh.

Ní raibh aon iarrthóir ag Sinn Féin sa toghcheantar in 2020.

Mhaígh Liadh Ní Riada go raibh sé in am bean a thoghadh don dáilcheantar agus gurb iad an pobal a bhí thíos le polasaithe Fhianna Fáil agus Fhine Gael.

Dá n-éireodh léi suíochán a fháil chabhródh sé lena chinntiú go mbeadh Sinn Féin sa chéad rialtas eile agus go mbeadh Mary Lou McDonald ina Taoiseach, a dúirt sí.

“Tabharfaidh Sinn Féin faoiseamh d’oibrithe agus do theaghlaigh, oibreoidh muid le hathaontú na hÉireann a chur i gcrích agus chun fíorathrú a dhéanamh. Sin atá ag teastáil. Tá mé ag súil go mór leis,” a dúirt Liadh Ní Riada.

Nuair a ceapadh í ina hoifigeach pleanála teanga anuraidh, dúirt Ní Riada, a bhí ina hiarrthóir sa toghchán uachtaránachta deireanach, nach raibh a fhios aici an bhfillfeadh sí ar an bpolaitíocht arís nó dá ndéanfadh an le Sinn Féin a rachadh sí nó an mbeadh sí ina neamhspleách.

“Tá an doras fágtha ar an laiste agam,” a dúirt sí mí Iúil seo caite.

Maidir le cúrsaí polaitíochta, dúirt sí an uair sin gur bhraith sí go ndearna Sinn Féin faillí áirithe inti nuair nár éirigh léi sa toghchán Eorpach deireanach ná sa toghchán uachtaránachta, ach gur thuig sí leis gurb in í “an pholaitíocht”.

Roghnaigh Sinn Féin Ní Riada le bheith ar Bhord Fhoras na Gaeilge le déanaí.

Fág freagra ar 'Liadh Ní Riada le seasamh do Shinn Féin sa chéad olltoghchán eile'

  • Eoin Ó Murchú

    Scéal maith. Bean a bhfuil fiúntas mór ag baint léi. Tá súil agam go n-éireóidh léi.