‘Let’s make 2016 the year of Irish’ a deir an tAire Heather Humphreys. Tá 16 moladh againn don Aire agus don aos polaitíochta…

“Let’s make 2016 the year of Irish,” a dúirt an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Heather Humphreys ag an deireadh seachtaine. Tá 16 moladh ag Tuairisc.ie maidir le conas a d’fhéadfaí déanamh amhlaidh

30/8/2013. Pat Kenny Posters
Ba chóir feachtas náisiúnta feasachta teanga a reáchtáil le linn 2016. LÉARÁID: Tuairisc.ie

 

1.

Iarrtar ar scríbhneoirí, staraithe agus saineolaithe teanga Forógra 2016 a scríobh ina léireofaí tacaíocht an Stáit agus an phobail do shlánú na Gaeilge, mar atá molta ag an údar Joe Steve Ó Neachtain. Tugtar cuireadh do phobal na hÉireann an forógra seo a shíneadh agus bíodh sé ina bhunchloch ag polasaí teanga an Stáit.

2.

Bíodh sé mar gheallúint ag páirtithe an Rialtais go gceapfaí Aire Sinsearach mar Aire Gaeltachta i ndiaidh an chéad olltoghchán eile.

3.

Tugtar isteach an dara hábhar Gaeilge do scrúdú na hArdteistiméireachta chun freastal ar riachtanais ar leith dhaltaí na Gaeltachta agus daltaí eile arb ionann leo an scrúdú Gaeilge mar atá agus masla dóibh. Bíodh an t-ábhar nua mar rogha bhreise ag daltaí.

4.

Cuirtear tús ar an 1 Eanáir 2016 le mórfheachtas feasachta teanga náisiúnta a mhairfeadh bliain agus a léireodh an tábhacht a bhain leis an nGaeilge do cheannairí an Éirí Amach agus an tábhacht a bhaineann fós léi do mhuintir na hÉireann. Múintear rang faoin bhfeasacht teanga agus cearta teanga i ngach scoil sa tír le linn 2016.

5.

Cuirtear deireadh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach.

6.

Cuirtear ar a laghad uair a’ chloig ar leataobh sa Dáil agus sa Seanad gach seachtain le linn 2016 do dhíospóireachtaí i nGaeilge.

7.

Déantar cinnte de go bhfuil dóthain daoine le Gaeilge sa státseirbhís trí sprioc a leagan síos go mbeadh Gaeilge ag céatadán áirithe – abraimis 20.16% – d’fhostaithe nua an stáchórais. Déantar Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú seachas a lagú.

8.

Cuirtear gach seirbhís ar fáil do phobal na Gaeltachta ina dteanga féin.

9.

Déantar cás ar leith do Ghaelscoileanna nua sa chóras oideachais mar aitheantas ar an ról ar leith atá acu i slánú na teanga. Spreagtar daoine le Gaelscoileanna a bhunú in áit a bheith ag caitheamh leo amhail is nach bhfuil raison d’être ar leith acu.

10.

Cuirtear in áit arís an deontas a bhíodh ann d’ábhar oidí chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht agus bíodh tréimhse níos faide i gceist.

11.

Bíodh an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla ar gach comhartha bóthair nua a chrochtar.

12.

Cuirtear tús le ‘mórchúrsa foghlama’ le linn 2016 ag baint úsáid as na meáin thraidisiúnta agus na meáin nua.

13.

Cuirtear maoiniú breise ar fáil do TG4 agus RTÉ RnaG le go mbeadh na hacmhainní céanna acu is atá ag RTÉ chun cláracha speisialta a dhéanamh do 2016. Ag tosú i 2016, cuirtear maoiniú ar fáil do TG4 ar bhonn seasmhach.

14.

Tugtar cluas éisteachta do na saineolaithe agus aithnítear go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht. Cuirtear tacaíocht cheart ar fáil d’eagraíochtaí teanga agus do thuismitheoirí sa Ghaeltacht agus lasmuigh di atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge. Tugtar spreagadh do thuismitheoirí Gaeltachta a shocraíonn gan a leanaí a thógáil trí Ghaeilge.

15.

Baintear an cúram maidir le monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge de Roinn na Gaeltachta. Déantar athbhreithniú neamhspleách ar dhul chun cinn na Straitéise go n-uige seo agus déantar pé athrú is gá le go mbeadh muinín ag an bpobal go bhfuil fiúntas ag baint leis an Straitéis agus go bhfuiltear dáiríre fúithi.

16.

Tugtar maoiniú breise d’fhoilsitheoirí agus do scríbhneoirí na Gaeilge le linn 2016 le haird a tharraingt ar thábhacht litríocht agus saíocht na teanga. Ba dhuine de na scríobhneoirí sin, Máirtín Ó Cadhain, a dúirt gurb í ‘athghabháil na Gaeilge, athghabháil na hÉireann’. D’fhéadfadh an méid sin a bheith mar mhana oifigiúil ag ‘the year of Irish.’

 

– A léitheoirí dhil, má tá moltaí breise agaibhse do ‘the year of Irish’, fág trácht thíos le bhur dtoil

Fág freagra ar '‘Let’s make 2016 the year of Irish’ a deir an tAire Heather Humphreys. Tá 16 moladh againn don Aire agus don aos polaitíochta…'

  • Darach.

    Tosaíonn gach réabhlóid ag bord na cistine – labhair Gaeilge le do chuid páistí. Tabhair a n-oidhreacht dóibh. Dá dtabharfadh an dream a bhfuil Gaeilge acu, an teanga dá gclann, thiocfadh méadú láithreach ar líon na gcainteoirí…

    • Seán Mag Leannáin

      Aontaím leat gur bunriachtanas é an teanga a bhronnadh ar an gcéad ghlúin eile ach gan aitheantas agus tacaíocht cheart ón Stát do lucht labhartha na teanga tá an duine nó an teaghlach aonair ar nós fear ag feadaíl sa dorchadas. Mar dhuine a raibh air an-stró a chur air féin an Ghaeilge a fhoghaim cuireann sé brón orm cainteoirí dúchais a fheiceáil ag ligint an dúchas a fuair siad saor in aisce ón a sinsear dul i léig ach tá sé rí-shoiléir domsa cén fáth go bhfuil sé seo ag tarlú. Tá a fhios acu nach bhfuil an Stát i ndáiríre faoin nGaeilge agus nach bhfuil aitheantas ceart di taobh amuigh den saol príobháideach agus áiteanna áitiúla an-chúng.

  • Fionnuala Holohan

    An-tráthúil!
    Tús a chur le feachtas uileghabhálach amháin a bheadh oscailte, scaoilte (ach dírithe) mar shampla ‘Muscailt 2016’ – taobh amuigh don rialta, ag bailiú smaointe agus saothair na ndaoine a oibríonn ar son na Gaeilge (go deonach agus srl)
    Agus foghlaimeorí a spreagadh i bhfad roimhe – ó Cháisc 2015 amach – i mbealaí tarraingteacha.

  • Stiofán Ó Domhnaigh

    Is foghlaimeoir mé, ach tá mé ag iarraidh ar dhaoine a bhfuil líofa i nGaeilge tosú a chur lena gcuid teanga a chur i bhfeidhm isteach ar an meáncumarsáide go ginerálta.
    Cad atá i gceist anseo ná litreacha chuig na nuachtáin laethúil, teachtaireachtaí ríomhphoist, tuairimí ar Facebook, Twitter etc a chur suas trí Gaeilge.
    B’fhéidir go bhfuil tú ag úsáid Journal.ie…chuir do thuairim suas i nGaeilge. B’fhéidir go bhfuil tú ag iarraidh teachtaireacht ar an radio, chur é ar trí Gaeilge.
    Dá tosófar an méid seo, agus lean ar aghaidh leis, chuirfidh sé deireadh leis an nóisean bréagach go bhfuil an teanga marbh. Chaithfidh an teanga a bheith mar chuid den gnáth saol, ní tharlóidh sé muna bhfuil Gaeilgóirí réigh chun é a meascadh leis na Béarlóirí – lig dóibh an eolas go bhfuilimid anseo!

  • Pádraig Ó Sabhain

    Go mbeidh líofacht sa Ghaeilge mar bun-riachtannas le bheith i do Theachta Dála i Rialtas na hÉirinn agus gur cuma cár rugadh thú, is féidir í a fhoghlaim má tá spéis agat ann agus muna bhfuil ní chóir duit a bheith sa rialtas… an simplí….

  • Tuigim

    17. Foghlaim Gaeilge, Heather.
    18. Labhair í.

  • Léitheoir nach maith leis fílíocht leamh

    Níl fhios againn cé aici / an bhfuil teanga na nGael acu agus muid ar shráideanna ná tire . SUATHANTAS …..

  • Peig Bácaoir

    Tabhair aon la amháin do Ghaeilgeóirí (B’fhéidir i rith Seachtain na Gaeilge) go bhfuil cead againn Gaeilge AMHÁIN a labhairt – ie Is cuma cá n-oibríonn duine gur mian leo í a labhairt – ní féidir leis an bhfostóir a bheith ag gearán.

  • Tony Pratschke

    Tá an iomarca daoine ag súil leis an Rialtas chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Is linn go léir an teanga agus ní foláir dúinn ár gcuid féin a dhéanamh. Cuireann sé déistin orm é a chloisint: “I love Irish but….” Ní leor gearrcbúrsaí an “cúpla focal” a chur ar siúl ar Raidió agus ar TF. Is gá “focal nó dhó in aghaidh an lae” má bhíonns tú I ndáiríre faoi!