Do bharúil, an mbeidh leathshúil ag an Taoiseach nua, Leo Varadkar, ar Theresa May inniu? Baineann ceannaire nua Fhine Gael agus an Taoiseach nua leis an traidisiún céanna polaitíochta léi. Lena chois sin, tá saoistí a pháirtí féin i ndiaidh ceannaireacht agus ardoifig pholaitiúil a bhronnadh air go díreach mar a bhronn na Coimeádaigh ceannaireacht agus ardoifig pholaitiúil ar Theresa May. Is bocht an toradh a bhí ar scéal May – go dtí seo ar aon nós.
Do bharúil, an mbeidh Leo ag machnamh faoina chroí an bhféadfadh an chríoch chéanna bheith i ndán dó féin?
Is rud amháin é cúram Taoisigh agus ceannaire a bheith bronnta ort de bharr córas polaitíochta; is rud eile ar fad é a chruthú go bhfuil mianach Taoisigh agus ceannaire ionat. Sin, is dócha, an dúshlán a bheidh roimh Varadkar, a chumas a chruthú dá lucht leanúna féin agus, níos tábhachtaí, do na vótóirí.
Ní raibh May ina ceannaire ar a páirtí féin nuair a rinneadh príomhaire di. Shíl sí gur ghá di mandáid a fháil chun í féin a chruthú mar cheannaire páirtí agus náisiúnta. Theip ar an iarracht – bíodh is nach raibh an teip, ó thaobh líon na vótaí de, chomh holc sin ar fad. Mar sin féin, teip a bhí ann.
Luath nó mall, beidh ar Varadkar dul os comhair an phobail le mandáid a fháil dó féin agus dá chuid polasaithe. I bhfianaise ar éirigh do May, déarfainn nach mbeadh deifir ar bith air dul sa tseans. Níl a fhios agam ar imir Varadkar peil Ghaelach nó spórt riamh ach is mór idir captaen na foirne agus gnáthbhaill na foirne. Ní dhearna mise gaisce mór sa spórt ach bhí céimiúlacht agus cumas ag baint le cibé cén captaen foirne a bhí os mo chionn. Daoine a bhí iontu a spreag thú le himirt níb fhearr, le hiarracht a dhéanamh, le dul sa bhearna bhaoil ar mhaithe leis an gheansaí.
Mar an gcéanna atá sé i gcúrsaí polaitíochta. Bíodh do thoil leo nó ná bíodh, spreag de Valera, John F. Kennedy, Bertie Ahern, Margaret Thatcher, Ronald Reagan, Barack Obama, Gerry Adams, John Hume agus, b’fhéidir, Garret Fitzgerald a lucht leanúna féin, lucht leanúna ina gcuid páirtithe agus an lucht leanúna is tábhachtaí ag polaiteoir – vótóirí.
Cad é an draíocht nó mallacht a bhaineann le ceannaireacht? Tá an ghráin ag a oiread daoine ar Dev agus a bhfuil grá acu dó. Is amhlaidh an scéal i gcás Adams de. Meas agus gean, is dóigh, a bhí ag daoine ar Obama agus Fitzgerald. Dia beag atá in Reagan ag mórán Meiriceánach den traidisiún poblachtánach.
Agus Hume? Bhuel, bhí a chuid dílseoirí féin ag Hume agus sin an fáth go raibh, go bhfuil agus go mbíonn fuath ag na Sealadaigh dó. Chuala mise Hume ag caint ar Ollscoil na Ríona 30 inteacht bliain ó shin faoi chúrsaí polaitíochta agus níor chuala mé cainteoir chomh deisbhéalach, chomh paiseanta, chomh cumasach riamh. Chuirfeadh sé Obama féin in áit na leithphingine.
Is dócha go raibh fís acu sin uilig go léir a spreag daoine. Bhí siad cróga, cumasach, cainteach. Spreag siad cairdeas nó cultas fiú. Shantaigh a gcomhpholaiteoirí méar a leagan ar bhrat an cheannaire; shantaigh oibrithe an pháirtí dea-thoil agus focal molta uathu; thug na vótóirí a mbeannacht féin tráth toghcháin. Mhothaigh siad uilig go raibh siad níb fhearr as de bharr an duine seo bheith i mbun a bpáirtí, gur dhuine dá gcuid féin é, go raibh anamchara i gceannas.
Ní fíor sin faoi Varadkar go fóill.
Rinneadh ceannaire de ach an mise amháin a mhothaigh go raibh rian den Pholitbiúró ag baint leis an phróiseas ar fad, gur chuir Fine Gael Páirtí Cumannach na Rúise i gcuimhe duit, iad ag roghnú Brezhnev i ndiaidh deireadh a bheith le ré Krushchev agus go gcuirfeadh siad an t-athrú daonlathach faoi bhráid an phobail ar ball?
Ní i gcónaí a bhíonn ciall ag vótóirí, is fíor.
Beidh do liosta féin agat d’amadáin a thogh Éireannaigh thar na blianta, polaiteoirí gránna nach mbeadh le feiceáil tigh measúil s’agatsa. Bíodh geall, ámh, nach raibh siad leamh mar dhaoine, go raibh ciall inteacht d’ealaíona dubha na polaitíochta acu ach gur cheil siad an méid sin leis an bhéal bhinn, le gliceas, le greann.
Maithfidh na vótóirí mórán laigí ach ní maith leo ceannairí atá leamh. Nach é sin an rud is mó a bhaineann le Varadkar faoi láthair, gur apparatchik é a thuigeann an córas ach gur sin uilig atá le rá ar a shon?
An mbeidh sé in ann croí an phobail a spreagadh?
Harriet P.
Tá fís ag Leo, ach ní fís a spreagfadh aoinne atá inti – ach amháin na haicmí is saibhre agus iad siúd a chaith a vótaí ar son Renua. Is é cacamas eacnamaíochta ón eite dheis atá á thairiscint aige dúinn, cacamas den saghas nach bhfuil cloiste againn anso in Éirinn le fada. Ní maith leis an bpobal é – ba é sin an rud a chuir ‘toghchán’ a pháirtíse in iúl dúinn – ach níor éirigh le pobal Fhine Gael stop a chur leis. Tá súil agam anois go mbeidh deis ag pobal na hÉireann fáilt réidh le Leo sara fada.