Leo béalscaoilte Varadkar ag filleadh ar an ardán mór

Cén teachtaireacht a bheidh ag Leo Varadkar ag Ard-Fheis Fhine Gael amárach?

Leo béalscaoilte Varadkar ag filleadh ar an ardán mór

Leo Varadkar. Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

Leanfar le séasúr ardfheiseanna na bpáirtithe polaitiúla an deireadh seachtaine seo nuair thiocfaidh Fine Gael le chéile i gceartlár na tíre in Áth Luain. Tá an páirtí i gcumhacht gan stad anois ó 2011 agus iad ar tí oifig an Taoisigh a fháil ar ais an mhí seo chugainn. Ní raibh oiread rath ar Fhine Gael riamh agus tá údar ceiliúrtha acu dá réir, shamhlófá?

Léiríonn an chaint agus an tuairimíocht faoin ról a bheidh ag Simon Coveney ach a ndéanfar atheagar ar aireachtaí an t-am sin go bhfuil míshuaimhneas áirithe i bhFine Gael. Teastaíonn é a chur ar ais sa Roinn Talmhaíochta, dar le cosmhuintir Fhine Gael mar go bhfuil tacaíocht an pháirtí i measc feirmeoirí agus lucht gnó faoin tuath laghdaithe. Riamh anall sa stair, ó bunaíodh Fine Gael sna tríochaidí, bhí siad luaite leis na feirmeoirí gustalacha i gceantair thuaithe. Tá suáilce déanta acu freisin den tacaíocht a thugann siad do lucht fiontair agus gnólachtaí beaga.

Ní mór an creimeadh i dtacaíocht an pháirtí i measc na ngrúpaí sin a stopadh agus creideann go leor sa bpáirtí gurb é Coveney an fear len é sin a dhéanamh. Ná déanadh muid dearmad go bhfuair an tAire Gnóthaí Eachtracha a dhá oiread tacaíochta ó bhallraíocht Fhine Gael sa toghchán ceannaireachta in 2017.

Cén teachtaireacht a bheidh ag Leo Varadkar don bhallraíocht amárach? Fine Gael fós i rialtas tar éis aon bhliain déag. É féin ina Thaoiseach den dara huair. An páirtí seasmhach go maith sna pobalbhreitheanna. Cé a bheadh ag clamhsán? Iad siúd a chreideann go bhfuil siad rófhada i rialtas agus go dteastaíonn tréimhse sa bhfreasúra uathu ar mhaithe leis an bpáirtí a choinneáil láidir.

Ní bheidh tada mar sin le cloisteáil ó Leo Varadkar amárach. Beidh muid ag súil le hionsaithe fíochmhara ar Shinn Féin, cinnte. Cáineadh ar pholasaithe Shinn Féin. Feabhas na bpolasaithe atá ag an rialtas reatha. An labhróidh sé arís ar an méid a dúirt sé le gairid faoi na deiseanna atá ann dá pháirtí féin agus Fianna Fáil comhoibriú sa gcéad olltoghchán eile?

Dá mhéid cáil dá bhfuil ar an Taoiseach faoi láthair as a bheith cúramach ina chuid cainte agus a chuid gníomhartha, tá cáil ar Leo Varadkar gur féidir leis a bheith béalscaoilte agus míchúramach. Cén tionchar a bheidh aige sin ar obair an rialtais nuair a bheidh Varadkar sa gcathaoir? An mbeidh an teannas a bhíonn idir na páirtithe anois agus arís níos follasaí? D’uireasa móraimh sa Dáil an féidir linn a bheith ag súil le deacrachtaí mar gheall ar leithéid CETA agus na deacrachtaí leanúnacha san earnáil tithíochta?

Taoiseach nua, bord rialtais nua agus bliain nua ar an mbealach. Roimhe sin ar fad tá baill agus lucht tacaíochta an pháirtí le gríosú an deireadh seachtaine seo.

Fág freagra ar 'Leo béalscaoilte Varadkar ag filleadh ar an ardán mór'

  • Pádraig O'hEipicín

    An Luchóg a Lig béic Ass.
    Go bhfóire orainn.