Leitir Ceanainn agus an Daingean an chéad dá bhaile le haitheantas a fháil mar bhailte seirbhíse Gaeltachta

In 2014 fógraíodh liosta de bhailte a d’fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012

Leitir Ceanainn agus an Daingean an chéad dá bhaile le haitheantas a fháil mar bhailte seirbhíse Gaeltachta

Tá Leitir Ceanainn agus an Daingean ar an gcéad dá áit le haitheantas a fháil mar bhailte seirbhíse Gaeltachta faoin bpróiseas pleanála teanga.

D’fhógair Aire agus Aire Stáit na Gaeltachta, Catherine Martin agus Jack Chambers inniu, go bhfuil plean teanga Leitir Ceanainn i gContae Dhún na nGall agus plean an Daingin i gCiarraí ceadaithe.

D’fhógair siad chomh maith go mbeidh €80,000 sa bhliain á chur ar fáil chun tacú le cur i bhfeidhm na bpleananna. Bainfear leas as cuid mhór den mhaoiniú sin chun Oifigigh Pleanála Teanga a fhostú.

In 2014 fógraíodh liosta de bhailte a d’fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Dúradh an uair sin go ndíreofaí i dtús báire ar chathair na Gaillimhe, Leitir Ceanainn agus Daingean Uí Chúis.

Tuairiscíodh in 2019 gur cuireadh €50,000 breise sa bhliain ar fáil d’Fhoras na Gaeilge chun feidhmeannach breise a fhostú le “tuilleadh dlúis” a chur le bunú na mbailte seirbhíse Gaeltachta.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tugtar Bailte Seirbhíse Gaeltachta ar na bailte atá suite le hais na Gaeltachta, nó laistigh di, agus a chuireann seirbhísí poiblí, tráchtála agus sóisialta ar fáil do phobal na Gaeltachta.

Tá sé mar chuspóir ag  Roinn na Gaeltachta go mbeadh tionchar dearfach ag na bailte ar an nGaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sna ceantair oifigiúla Ghaeilge atá taobh leo nó timpeall orthu.

Léiríonn anailís a rinne Tuairisc.ie ar na figiúirí ó Dhaonáireamh 2016 go mbeidh obair mhór le déanamh sna 16 baile a ainmníodh in Acht na Gaeltachta 2012 mar ‘bhailte seirbhíse Gaeltachta’ má tá siad le freastal ar mhuintir na Gaeltachta ina dteanga féin.

Ag titim atá céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i bhformhór mór na 16 baile, Leitir Ceanainn agus an Daingean ina measc.

Thréaslaigh Aire agus Aire Stáit na Gaeltachta a gcuid oibre leis na heagraíochtaí Líonra Leitir Ceanainn agus An Lab sa Daingean, a d’ullmhaigh na pleananna, agus le muintir an dá bhaile. Mhol siad freisin Foras na Gaeilge, a thacaigh le hullmhú plean Leitir Ceannain agus Údarás na Gaeltachta, a bhí freagrach as plean an Daingin.

Dúirt an tAire Catherine Martin agus an tAire Stáit Jack Chambers gur “léir go bhfuil an próiseas pleanála teanga ag bailiú nirt mar a bhaineann sé leis na bailte seirbhíse Gaeltachta”. Bhíodar, beirt ag súil, a dúirt siad, “le tuilleadh pleananna a cheadú i leith bailte seirbhíse Gaeltachta eile sa tréimhse atá romhainn”.

Fág freagra ar 'Leitir Ceanainn agus an Daingean an chéad dá bhaile le haitheantas a fháil mar bhailte seirbhíse Gaeltachta'