Leithscéalta agus maslaí – fáilte go dtí an Tuaisceart, a Karen Bradley

Tá Karen Bradley ceaptha ina státrúnaí ó thuaidh tráth a bhfuil an caidreamh idir Sinn Féin agus aontachtaithe níos measa ná riamh de bharr na conspóide faoi Bharra Mac Giolla Dhuibh

Leithscéalta agus maslaí –  fáilte go dtí an Tuaisceart, a Karen Bradley

‘Ba cheart di cainteanna uilepháirtí a ghairm gan mhoill, iad a lonnú in áit éigin seachas Stormont faoi chathaoirleach neamhspleách.’ Ba é sin moladh na coitiantachta do Státrúnaí nua Thuaisceart Éireann, Karen Bradley a ceapadh tráthnóna inné.

Chaithfeadh an plean sin a bheith níos éifeachtaí ná na hiarrachtaí gan rath a rinne James Brokenshire le bliain. Ghuigh daoine biseach ar Brokenshire a d’éirigh as oifig de bharr fadhb sláinte. Caithfidh sé a dhul faoi scian de bharr lot ar a scamhóg agus beidh cóir leighis de dhíth air i ndiaidh na hobráide. Dúirt Brokenshire féin nach mbeadh sé in ann sa ngearrthéarma ag an obair phráinneach atá riachtanach chun Stormont a tharrtháil.

Titeann an crann sin anois ar Karen Bradley, 47, atá ina feisire parlaiminte do Staffordshire Moorlands ó 2010. Má bhí suim aici cheana i dTuaisceart Éireann coinníodh ina rún é. Ceapadh ina haire sóisearach í san Oifig Gnóthaí Baile in 2014 nuair a bhí Theresa May ina státrúnaí ansin agus in 2016 cheap May ina státrúnaí cultúir í.

Bhí Londain beo le ráflaí Dé Luain nár theastaigh post Thuaisceart Éireann ó éinne de na Tóraithe. Bíodh sin fíor nó bréagach fuair Bradley an cupán nimhe ag an am céanna a raibh aontachtaithe ag rá nach raibh Sinn Féin inniúil chun oifige i Stormont. Chuir an chonspóid faoi mhasla an fheisire Parlaiminte, Barry McElduff do ghaolta na ndaoine a maraíodh i sléacht Kingsmill i gContae Ard Mhacha cor nua i gcaidreamh a bhí nimhneach roimhe. Masla i gceann na héagóra ab ea ‘an pionós’ – tréimhse fionraíochta trí mhí – a ghearr Sinn Féin ar an bhfeisire, a dúirt na híobartaigh.

Ar an 5 Eanáir 1976 mharaigh an tIRA deichniúr Protastúnach ar bhus i gceann de na hionsaithe seicteacha ba mheasa le linn na dTrioblóidí.

Ordaíodh an t-aon Chaitliceach a bhí ar an mbus amach sular ionsaigh na fir ghunna an t-aon duine dhéag eile. Tháinig duine amháin slán, é gortaithe an-dona. Níor admhaigh an tIRA riamh gurb iad a rinne, ach níl aon amhras faoi.

Go moch ar maidin an 5 Eanáir i mbliana d’eisigh feisire Shinn Féin in iarthar Thír Eoghain físeán de féin le builín aráin ar a chloigeann, branda Kingsmill a bhí ar an arán, i litreacha móra. Chuir an tvuít alltacht ar íobartaigh agus ar a lán eile a mheas gur ag maslú muintir Kingsmill a bhí sé. Mhaígh roinnt íobartach gur mhinic a fuair daoine glaonna gutháin ‘ag ordú arán Kingsmill’ ag spochadh astu. Chealaigh McElduff an tvuít Dé Sathairn agus ghabh sé a leithscéal, ag rá nach raibh sé ag smaoineamh ar shléacht Kingsmill nuair a chuir sé amach í agus nach raibh sé ag iarraidh éinne a ghortú.

Is deacair a shamhlú conas a d’fhéadfadh éinne a bhíonn ag gabháil do pholaitíocht nó cúrsaí reatha abhus a bheith dall ar chomóradh Kingsmill –bhí go leor ábhar faoi ar na meáin agus ar na meáin shóisialta. Taithíonn Barra Mac Giolla Dhuibh na meáin shóisialta chéanna – tá an cháil sin air. Tá sin fíor freisin faoin teachta tionóil agus iar-aire de chuid Shinn Féin, Máirtín Ó Muilleoir, fear nuachtán agus caidreamh poiblí. Rinne Ó Muilleoir atvuíteáil ar fhíseán Mhic Ghiolla Dhuibh, gníomh aisteach agus go deimhin gníomh domhínithe. Mheas sé go raibh an tvuít ‘neamhpholaitiúil’, arsa Ó Muilleoir, is é ag gabháil leithscéil. Níor mhínigh an Feisire Mac Giolla Dhuibh céard a bhí i gceist aige.

Ba léir gur thuig Sinn Féin go raibh dochar déanta dóibh. Bhí an chuma ar an scéal go raibh an páirtí a bhí ag éileamh le bliain go léireofaí meas orthu ag fonóid faoi íobartaigh. Fimíneacht nó níos measa.

Cruthúnas, arsa an DUP gur chuma le Sinn Féin faoi phian na ndaoine a d’fhulaing foréigean an IRA. D’éiligh an SDLP agus Alliance go n-éireodh an feisire as oifig.

Dúirt a pháirtí féin go raibh iompar Mhic Ghiolla Dhuibh dochosanta, mífhreagrach. Chothaigh sin an tuairim go mbrisfí as a shuíochán é. Ansin ghearr siad trí mhí fionraíochta air, le pá. Níl ansin ach leath an téarma fionraíochta a gearradh ar Pheadar Tóibín, TD, nuair a vótáil sé in aghaidh an Bhille um Chosaint na Beatha le linn Toirchis in 2013. An lú de pheaca é satailt sheicteach ar íobartaigh, fiú más de thaisme é?

Níl deireadh an scéil seo cloiste againn agus tá an t-iarann á bhualadh ag aontachtaithe agus gach ceart acu é sin a dhéanamh, fiú má tá ceisteanna le freagairt acu féin. Bainfear leas as an gconspóid ó dheas freisin, dúshlán ar leith do cheannaire Shinn Féin a thoghfar, nó a roghnófar, ar an 10 Feabhra mar chomharba ar Gerry Adams. Ó thuaidh níl dabht ach go gcuirfidh sé isteach ar iarrachtaí réitigh nua a bhí sách casta sular deineadh an phraiseach seo. Comhthéacs achrannach don Státrúnaí nua, Karen Bradley, agus don Tánaiste Simon Coveney a bhí ag dréim le comhráite Dé hAoine i Stormont faoi chainteanna úra. Bhí gach éinne, seachas Brokenshire agus an DUP, i bhfabhar cathaoirleach neamhspleách a cheapadh; chífimid an ndéanfaidh státrúnaí nua difríocht.

Fág freagra ar 'Leithscéalta agus maslaí – fáilte go dtí an Tuaisceart, a Karen Bradley'

  • Seán Mag Leannáin

    “Ansin ghearr siad trí mhí fionraíochta air, le pá. Níl ansin ach leath an téarma fionraíochta a gearradh ar Pheadar Tóibín, TD, nuair a vótáil sé in aghaidh an Bhille um Chosaint na Beatha le linn Toirchis in 2013. An lú de pheaca é satailt sheicteach ar íobartaigh, fiú más de thaisme é?” Ceist mhaith.