Leithscéal gafa sa Dáil ag Varadkar as conradh rúnda a sceitheadh

Rinne polaiteoirí an fhreasúra diancheistiú ar an Tánaiste faoin gconspóid a bhain lena chinneadh conradh rúnda leis an IMO a sceitheadh le cara leis a bhí ina uachtarán ar ghrúpa eile dochtúirí

Leithscéal gafa sa Dáil ag Varadkar as conradh rúnda a sceitheadh

Tá leithscéal gafa sa Dáil ag an Tánaiste Leo Varadkar as an “iomrall breithiúnais” a bhain lena chinneadh conradh rúnda idir an Rialtas agus an IMO a sceitheadh le cara leis a bhí ina uachtarán ar ghrúpa eile dochtúirí.

Dúirt an Taoiseach gur údar aithreachais aige an tslí “neamhfhoirmeálta” ar chuir sé an cháipéis ar fáil don Dr Maitiú Ó Tuathail agus nach “dea-chleachtas” a bhí ann.

“Tá aiféala orm nár chuir mé ar fáil í ar bhealach níos cuí. Botún a bhí ann agus botún é a nglacaim leis gur mise amháin atá freagrach as.

“Tá brón orm faoin gconspóid agus faoin olc a chuir na rudaí a rinne mé ar dhaoine,” arsa an Tánaiste Leo Varadkar.

Dúirt an sé go raibh an comhaontú déanta leis an IMO faoin am gur thug sé an cháipéis ar láimh don Dr Maitiú Ó Tuathail a bhí ina uachtarán ar an NAGP.

Ag súil le tuairim an dochtúra as Conamara a fháil faoin gcáipéis a bhí sé, a dúirt an Taoiseach agus é ag súil le tacaíocht a fháil ón NAGP don chomhaontú.

Ba é an t-aon spreagadh a bhí ag an Tánaiste, a dúirt sé, ná leas na ndochtúirí, na n-othar agus an phobail a dhéanamh. Níl sé fíor a rá go raibh aon aidhm eile aige le sceitheadh an eolais ná gur bhain sé aon bhuntáiste as, a dúirt Leo Varadkar.

Cé gur ghéill an Tánaiste go ndearna sé botún, dúirt sé gur iomrall breithiúnais amháin a bhí ann agus nach raibh aon ní mícheart maidir leis an gcuspóir a bhí aige i dtaobh sceitheadh na cáipéise.

Dúirt an Tánaiste gur “údar aiféala” dó an tslí ar chuir sé an dréachtchonradh ar fáil don NAGP ach nach raibh aon rud “santach ná mímhacánta” faoi sceitheadh na cáipéise “gan trácht ar aon rud cam ná mídhleathach”.

Chuir Varadkar i leith an Dr Maitiú Ó Tuathail gurb amhlaidh go raibh an dochtúir ag “dul thar fóir” sa chur síos a rinne sé ar a chaidreamh leis.

Mhaígh an Tánaiste gur gnáthrud é i gcás polaiteoirí go mbíonn a lucht aitheantais ag maíomh go bhfuil siad níos gaire dóibh ná mar atá. “Cuid mhór den scéal seo atá ansin,” a deir Varadkar.

Dúirt Varadkar gur cara leis an Dr Maitiú Ó Tuathail ach nárbh é sin an chúis gur chuir sé an cháipéis ar fáil dó. Chuir sé ar fáil dó é mar go raibh Ó Tuathail ina uachtarán ar an gcumann dochtúirí, a dúirt sé. Dúirt sé gur “cara” leis an Dr Ó Tuathail ach nach “dlúthchara” é agus gurb amhlaidh go raibh an dochtúir ag déanamh áibhéile faoin gcairdeas a bhí eatarthu. “Sea, is cairde sinn. Ach tá cairde agus cairde ann,” a dúirt Leo Varadkar.

Fuair sé an cháipéis ón Roinn Sláinte nuair a d’iarr an Dr Ó Tuathail air í.

Dúirt an Tánaiste go raibh sé i dteagmháil leis an Dr Maitiú Ó Tuathail trí bhabhta ó foilsíodh an scéal faoi sceitheadh na cáipéise. Ar mhaithe le dáta a sheiceáil a bhí sé i dteagmháil leis, a deir sé. Deir Aodhán Ó Ríordáin gur “údar iontais” é seo.

Rinne leascheannaire Pháirtí an Lucht Oibre agus polaiteoirí an fhreasúra diancheistiú ar an Tánaiste tráthnóna faoin gconspóid agus caitheadh amhras ar ghnéithe dá chur síos ar an eachtra.

Tá Leo Varadkar faoi bhrú ó tuairiscíodh san iris Village gur thug sé, agus é ina Thaoiseach, eolas a bhí faoi rún do Chumann Náisiúnta na nDochtúirí Teaghlaigh (NAGP).

Fág freagra ar 'Leithscéal gafa sa Dáil ag Varadkar as conradh rúnda a sceitheadh'