Leithscéal gafa as cumarsáid i mBéarla le hiarrthóirí ar Bhord Údarás na Gaeltachta

Dúradh ag cruinniú i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo gur ‘náire shaolta’ a bheadh teagmháil a dhéanamh i mBéarla le hiarrthóirí ar fholúntais ar Bhord Údarás na Gaeltachta

Leithscéal gafa as cumarsáid i mBéarla le hiarrthóirí ar Bhord Údarás na Gaeltachta

Tá leithscéal gafa ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí as teagmháil a dhéanamh i mBéarla le daoine a chuir isteach ar fholúntais ar Bhord Údarás na Gaeltachta.

Is nuair a bhíothas ag socrú agallamh leis na hiarrthóirí a rinneadh teagmháil leo i mBéarla.

I nGaeilge a reachtáladh an chuid eile don phróiseas agus sa chéad ráiteas a chuir an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar fáil do Tuairisc faoin scéal dúradh nár baineadh úsáid ar chor ar bith as an mBéarla ach amháin nuair a bhí freagra á thabhairt ar cheisteanna a chuir iarrthóir orthu i mBéarla.

Rinne an tSeirbhís um Cheapacháin Phoíblí teagmháil le Tuairisc arís aréir agus chuir siad ráiteas leasaithe ar fáil.

“Tháinig sé chun solais go ndearna an fhoireann earcaíochta teagmháil le hiarrthóirí trí mheán an Bhéarla go míchuí chun agallaimh a eagrú. Ba mhian leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus stateboards.ie leithscéal a ghabháil as an earráid seo agus as eolas míchruinn a chur ar fáil inár gcéad ráiteas do na meáin.

“Bhí sé de dhualgas orainn a chinntiú go ndearnadh gach comhfhreagras a bhain leis an bpróiseas a reáchtáladh chun iarrthóirí a aimsiú do cheapacháin ar Bhord Údarás na Gaeilge trí mheán na Gaeilge amháin.”

Dúradh ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge i dTeach Laighean an tseachtain gur deineadh teagmháil i mBéarla le daoine a chuir a gcuid ainmneacha chun cinn do Bhord an Údaráis le déanaí.

Tá cúig cinn d’fholúntais le líonadh ar Bhord Údarás na Gaeltachta faoi láthair agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a reáchtáil an comórtas.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív gur “náire shaolta” a bheadh ann dá mba i mBéarla a deineadh teagmháil leis na hiarrthóirí agus dúirt Aengus Ó Snodaigh, Cathaoirleach an choiste agus urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, go bhfiosrófaí an scéal.

Dúirt Roinn na Gaeltachta le Tuairisc gur thug siad treoir don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí maidir le teanga an phróisis cheapacháin agus go raibh siad le  labhairt leo faoin scéal.

Dúirt ceannasaí Tuismitheoirí na Gaeltachta, Sorcha Ní Chéilleachair ag an gcruinniú i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo, gurb í a tuiscint féin gur deineadh teagmháil le hiarrthóirí ar na folúntais i mBéarla.

“B’fhéidir go mbeifí ag rá go bhfuil an méid seo géar – ach cuirim an cheist seo. Cén saghas teachtaireachta a thugann a leithéid do mhuintir na Gaeltachta – déan scrúdú Gaeilge do Bhord an Údaráis le léiriú dúinn go bhfuil Gaeilge agat – ach pléifimid leat i mBéarla?”

Leanadh an tseachtain seo leis an scrúdú atá á dhéanamh ag Coiste Oireachtais na Gaeilge ar an mbille a bhfuil faoi toghchán an Údaráis a thabhairt ar ais.

Fág freagra ar 'Leithscéal gafa as cumarsáid i mBéarla le hiarrthóirí ar Bhord Údarás na Gaeltachta'