Leithscéal gafa ag Snickers as tvuít ‘aineolach’ faoin mBreatnais

Bhí sé ina raic ar Twitter nuair a sheol Snickers teachtaireacht amach inar dúradh gurb ionann an Bhreatnais agus an toradh a gheofá dá suífeá ar mhéarchlár

Leithscéal gafa ag Snickers as tvuít ‘aineolach’ faoin mBreatnais

Tá leithscéal gafa ag lucht an bharra seacláide Snickers as muintir na Breataine Bige a mhaslú trí beag is fiú a dhéanamh den Bhreatnais.

Bhí sé ina raic ar Twitter nuair a sheol Snickers teachtaireacht amach inar dúradh gurb ionann an Bhreatnais agus an toradh a gheofá dá suífeá ar mhéarchlár.

“A place in Wales or someone sat on a keyboard? A thread,” a dúradh sa tvuít ón gcomhlacht, tvuít a scriosadh tar éis tamaill.

Liostáladh mar chuid den teachtaireacht logainmneacha Breatnaise.

Chuir an tvuít alltacht ar go leor daoine agus rinneadh diancháineadh ar an gcomhlacht as dímheas a léiriú ar an mBreatnais agus lucht a labhartha.

Ghabh Snickers leithscéal tráthnóna le gach duine a bhí “maslaithe” ag a dtvuít “aineolach”.

“Rinneamar míléamh ar chúrsaí agus admhaímid é sin,” a dúradh i dtvuít eile.

Fág freagra ar 'Leithscéal gafa ag Snickers as tvuít ‘aineolach’ faoin mBreatnais'