Leithscéal gafa ag comhlacht bus as logainmneacha Béarla a úsáid do sheirbhís Ghaeltachta

Tá an comhlacht Local Link Kerry le seilbh a ghlacadh ar sheirbhís bus i gCorca Dhuibhne go luath ach cuireadh olc ar dhaoine sa cheantar nuair a d’úsáid siad leaganacha Béarla de logainmneacha i bhfógra

Leithscéal gafa ag comhlacht bus as logainmneacha Béarla a úsáid do sheirbhís Ghaeltachta

Tá raic tarraingthe ag comhlacht bus agus an leagan Béarla de logainmneacha Gaeltachta úsáidte acu i bhfógra do sheirbhís nua.

Tá an comhlacht Local Link Kerry le seilbh a ghlacadh ar sheirbhís bus i gCorca Dhuibhne go luath ach cuireadh olc ar dhaoine sa cheantar an tseachtain seo nuair a chonaic siad fógraí an chomhlachta don tseirbhís nua.

Baineadh úsáid as Dunquin, Ballyferriter, Ventry, Feohanagh agus Ballydavid san fhógra in áit na leaganacha Gaeilge – Dún Chaoin, Baile an Fheirtéaraigh, Fionntrá, An Fheothanach agus Baile na nGall.

Tá leithscéal gafa ag Local Link Kerry as an mbotún agus deirtear go bhfuil obair ar bun chun go mbeidh fógraíocht agus litríocht an chomhlachta ar fáil go dátheangach as seo amach.

“Tá sé i gceist againn cur leis an tseirbhís sa bhliain nua agus tá gealltanas déanta go mbeidh na comharthaí ar na busanna agus an litríocht ar fad dátheangach,” a dúirt bainisteoir Local Link Kerry, Alan O’Connell.

“Tá ábhar sealadach á aistriú againn ar maidin, áfach, agus scaipfear é chomh luath agus is féidir,” a dúirt sé agus é ag gabháil leithscéal.

Tiocfaidh Local Link Kerry i gcomharbacht ar Bus Éireann an tseachtain seo chugainn chun seirbhís bus a chur ar fáil i gCorca Dhuibhne.

Ó Dé Luain seo chugainn, an 23 Samhain, beidh an comhlacht i mbun na seirbhíse 275A a théann idir Dún Chaoin, Baile an Fheirtéaraigh agus an Daingean Dé Luain agus Déardaoin agus a théann idir an Daingean agus Baile na nGall Dé Máirt agus Dé hAoine.

Cuireann Local Link Kerry seirbhís bus ar fáil cheana féin idir Baile an Fheirtéaraigh, Fionntrá agus an Daingean gach Céadaoin agus idir Baile an Fheirtéaraigh, Dún Chaoin agus an Daingean gach Aoine.

Tá sé i gceist ag Local Link Kerry cur leis an tseirbhís seo luath sa bhliain nua.

Bhí ar Bus Éireann leithscéal a ghabháil an tseachtain seo tar éis dóibh botún a dhéanamh a d’fhág go raibh an logainm mícheart tugtha ar bhaile i nGaeltacht na Gaillimhe.

Dúirt Bus Éireann le Tuairisc.ie go gceartófar na botúin “a luaithe is féidir”.

Fág freagra ar 'Leithscéal gafa ag comhlacht bus as logainmneacha Béarla a úsáid do sheirbhís Ghaeltachta'

  • Donncha Eile

    Ah bhuel, má ghlac siad leithscéal tá sé sin togha… go dtí an chéad uair eile. Leanaidís treoir TG4 agus Údarás, abair gur “botún” a bhí ann. Ceann de na botúin sin nach dtárlaíonn ach i gcás na Gaeilge dhe.