Tá leithscéal gafa ag comhairleoir contae sa Bhreatain Bheag as freagra i nGearmáinis a thabhairt ar dhá ríomhphost i mBreatnais.
Cuireadh Louise Hughes, ball de Chomhairle Gwynedd, ar fionraí ar feadh míosa níos luaithe i mbliana as cód iompair na Comhairle a shárú.
Thug sí freagra i nGearmáinis ar ríomhphoist i mBreatnais a sheol sí chuig gníomhaí teanga mí na Nollag 2021 agus Feabhra 2022.
Dúirt Louise Hughes ag an am gur ar mhaithe le píosa spraoi a d’fhreagair sí na ríomhphoist i nGearmáinis.
Dúirt sí gur iarracht a bhí á déanamh aici “a léiriú an deacracht a bhí agamsa nuair a fuair mé ríomhphost nach raibh mé in ann a thuiscint go hiomlán”.
“Ní raibh mé ag iarraidh ar bhealach ar bith a bheith maslach. Is minic a bhainim leas as an ngreann chun an ghoimh a bhaint as cásanna a d’fhéadfadh a bheith achrannach.”
Dúirt Hughes go raibh an-aiféala go deo uirthi faoi “freagra leanbaí gan ghá a sheoladh chuig an Uasal Huws”.
Bhí an té a sheol na ríomhphoist, ina bhall de Cylch yr Iaith, grúpa Breatnaise.
Rinne Huws gearán le hOmbudsman na Seirbhíse Poiblí agus cinneadh gur sháraigh Louise Hughes an cód iompair do chomhairleoirí, cinneadh ar ghlac Coiste na gCaighdeán i gComhairle Gwynedd leis an tseachtain seo.
D’aontaigh an tOmbudsman leis an ngearánaí áfach gurbh amhlaidh go raibh “masla agus searbhas” i gceist leis na freagraí.
Cinneadh san fhiosrúchán gur léirigh freagraí Louise Hughes ar na ríomhphoist easpa measa ar Huws, ar a chultúr agus ar a theanga.
Ghlac Louise Hughes leis an gcinneadh agus scríobh sí chuig Howard Huws chun leithscéal a ghabháil leis.
Dúradh gur cuireadh san áireamh san fhiosrúchán easpa seirbhísí aistriúcháin sa Chomhairle ach dúradh chomh maith go bhféadfadh cabhair a bheith faighte ag an gcomhairleoir dá mbeadh sí ag iarraidh an méid a bhí sna ríomhphoist a thuiscint.
Fág freagra ar 'Leithscéal gafa ag comhairleoir faoi fhreagra i nGearmáinis ar ríomhphoist i mBreatnais'