Tá leithscéal gafa ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste as botúin litrithe sa Ghaeilge ar chúig cinn de chomharthaí sráide sa chathair.
I ráiteas a chuir Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ar fáil do Tuairisc, dúradh go rabhthas ag obair faoi láthair ar na comharthaí a cheartú.
Dúradh go ndéanfaí sin gan aon chostas breise a tharraingt ar an gcomhairle.
Bhí an chuma ar phictiúr a scaip an grúpa feachtasaíochta an Dream Dearg de cheann de na comharthaí tráthnóna go raibh iarracht déanta ag duine éigin é ‘a chur ina cheart’ le téip bhán.
Dúirt an Chomhairle go raibh scrúdú á dhéanamh acu chomh maith ar chaighdeán aon chomharthaí sráide eile a cuireadh in airde le déanaí.
“Gabhaimid leithscéal as an mbotún seo agus beidh athbhreithniú á dhéanamh againn ar bhonn práinne ar an phróiseas dearbhaithe caighdeáin atá againn lena chinntiú nach dtarlaíonn a leithéid arís,” a dúradh i ráiteas Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste.
Ar thrí shráid éagsúla a bhí na cúig chomhartha agus botúin dhifriúla ar chomharthaí a bhí ar an tsráid chéanna. Ar chomhartha amháin do Pháirc La Salle in iarthar na cathrach, bhí an focal Páirc litrithe mar ‘Páire’ agus ar chomhartha eile bhí sé litrithe mar ‘Paire’. ‘Paire’ in áit ‘Páirc’ chomh maith a bhí ar chomhartha eile ar Ascaill Pháirc an Fhéir i ndeisceart na cathrach. I dtuaisceart na cathrach tugadh faoi deara botún ar chomhartha do Pháirc Gharrán na Fuinseoige
Dúirt an grúpa feachtasaíochta An Dream Dearg go raibh sé “thar am” ag an gcomhairle cathrach athbhreithniú a dhéanamh ar a gcóras.
Dornán comharthaí nua eile le meancóga bunúsacha @belfastcc 🤢
Another batch of brand new bilingual street signs with glaringly obvious spelling mistakes. 🚨 Signs on the same street have different mistakes!
Time for @belfastcc to review their spelling & quality control 🙏 pic.twitter.com/jVx267EBar
— An Dream Dearg 🅾️🦸🏽♀️🦸🏻♂️ (@dreamdearg) October 17, 2023
Vótáil Comhairle Cathrach Bhéal Feirste anuraidh ar son polasaí nua don chomharthaíocht dhátheangach, a dhéanfadh níos éasca é do dhaoine iarratas a dhéanamh go gcrochfaí comhartha dátheangach ina gceantar.
Faoin bpolasaí sin, is féidir le duine amháin, nó a chomhairleoir áitiúil, iarratas a dhéanamh go gcuirfí in airde comhartha dátheangach.
Má thacaíonn 15% d’áitritheoirí leis an iarratas cuirtear faoi bhráid na comhairle é chun a beannacht a fháil.
Ollscoil na Banríona a dhéanann téacs na gcomharthaí sráide dátheangacha a aistriú go Gaeilge, ach is cosúil gur tharla na botúin agus na comharthaí á bpriontáil.
Deir Conradh na Gaeilge gur “údar mór díomá” na botúin ar na comharthaí.
Cómhartha eile, Meancóg eile
Another sign,Another mistake #Meas #Respect pic.twitter.com/SLb7NJyla6— Ionad Uíbh Eachach Cultúr & Teanga (@IonadUibhEach) October 17, 2023
Fág freagra ar 'Leithscéal gafa ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste as botúin litrithe sa Ghaeilge ar chomharthaí'