Leithscéal gafa ag Bus Éireann as dul amú san aistriúchán le logainm Gaeltachta

Dúirt Bus Éireann le Tuairisc.ie go gceartófaí na botúin ‘a luaithe is féidir’

Leithscéal gafa ag Bus Éireann as dul amú san aistriúchán le logainm Gaeltachta

Pictiúr: Rollingnews.ie

Tá leithscéal gafa ag Bus Éireann as botún aistriúcháin a d’fhág go raibh an logainm mícheart tugtha ar bhaile i nGaeltacht na Gaillimhe.

Tugadh an botún faoi deara ar sheirbhís an 424 idir Gaillimh agus an Cheathrú Rua agus Coistealaigh tugtha ar cheantar Chasla i gConamara.

Bhí leagan Béarla Chasla míchruinn ar an bhfógra chomh maith agus Costello tugtha ar an áit seachas Costelloe.

Dúirt Bus Éireann le Tuairisc.ie go gceartófar na botúin “a luaithe is féidir”.

Coistealaigh is ainm do cheantair i Maigh Eo agus i Ros Comáin ach níl a leithéid d’áit i nGaillimh.

Bhí an botún le feiceáil ar an scáileán sa mbus a thaispeánann na bailte atá ar bhealach an bhus.

Ghabh Bus Éireann leithscéal inniu agus dúirt go bhfuil fúthu na botúin a cheartú.

“Tá Bus Éireann ag tabhairt aghaidh ghníomhach ar mhíchruinnis san aistriúchán Gaeilge ar logainmneacha ar bhealach 424 idir Gaillimh agus an Cheathrú Rua,” arsa urlabhraí de chuid na comhlachta.

“Gabhann Bus Éireann buíochas leo siúd a dhírigh ár n-aird ar an tsaincheist sin agus ceartófar na hearráidí a luaithe agus is féidir.”

Tharraing an scéal go leor cainte ar líne agus a míshásacht léirithe ag roinnt daoine ar na meáin shóisialta nuair a chonaic siad an botún.

Fág freagra ar 'Leithscéal gafa ag Bus Éireann as dul amú san aistriúchán le logainm Gaeltachta'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Cuireann seo i gcuimhne dhom feachtas “TOI” a bhí ar bun ag Pádraig Ó Snodaigh siar blianta ó shin – ‘Tis Only Irish.

  • Gabriel Rosenstock

    Jóc.

  • Máthair an chantail

    ‘Bus Stop’ atá scríofa ar an talamh i gceannlitreacha ollmhóra ag Bus Éireann ag an stad bus nua atá in aice le Scoil na Tulaí agus ar aghaidh cheannáras TG4 i mBaile na hAbhann…

  • Mairéad

    Ní “aistriúcháin” atá sna logainmneacha Ggaeilge. Seans nach bhfuil eolas ar bith ag Buserin faoi Logainm.ie

  • S. Mac Muirí

    Más ag tóraíocht leaganacha gallda d’áitainmneacha Gaeltachta a bhíodar, ba chóra dóibh a fhiosrú leis an dream oilte úd darb ainm Urchóid. Bhí muintir Chorca Dhuibhne ag casaoid fúthu súd an tseachtain seo caite. Tá leagan gallda déanta amach acusan de gach sloinne Gaeilge 7 de gach baile fearainn in Éirinn.
    “Céard tá tú a scríobh!?” a dúirt Garda liom sa mbeairic innu, i mBéarla ar ndóigh. Níor thug mé aon aird uirthi ach choinnigh orm ag breacadh. An cló gaelach a ghoin í, ach thuig sí. “Tá tú a scríobh i nGaeilg!” a deir sí i mBéarla le hanbharr iontais. Deimhniú macasamhla a bhí ann, de cheadúnas tiomána. Bhuail sí an stampa air, don uasal neanderthal so, agus ghlac mé buíochas léi. Tá mé den mbarúil go ndúirt sí “slán go fóill” ag an deireadh, i nGaeilg.