Leithscéal gafa ag an Taoiseach faoi shagairt ‘a mhaslú’

Bhí an Taoiseach i láthair ag cruinniú idir ionadaithe ó eaglaisí éagsúla inniu agus tharraing sé siar an chaint a chuir as do go leor daoine

Leithscéal gafa ag an Taoiseach faoi shagairt ‘a mhaslú’

Pictiúr: RollingNews.ie

Ghabh an Taoiseach Leo Varadkar leithscéal inniu as cur as do dhaoine lena chuid cainte i ndíospóireacht Dála inné. Agus é ag tabhairt freagra ar Mhicheál Martin sa Dáil dúirt sé leis nach raibh a shamhail beo ach sagart paróiste Caitliceach ag seanmóireacht faoi pheacaí a sheachaint agus é féin ansin ag peacú ar chúl na haltóra.

Bhí an Taoiseach i láthair ag cruinniú idir ionadaithe ó eaglaisí éagsúla agus ionadaithe rialtais inniu agus ar a bhealach isteach chuig an ócáid sin, dúirt sé: “Dúirt mé rud éigin agus caint theasaí ar siúl sa Dáil inné. Bhí an díospóireacht gangaideach agus pearsanta ar an dá thaobh agus ghortaigh mé a lán daoine nár theastaigh uaim a ghortú. Tá brón orm agus tarraingeoidh mé siar an chaint sin.”

Dúirt an Taoiseach go raibh “an-mheas” aige ar shagairt agus “ar na híobairtí a dhéanann siad” ina saol agus “ar dhaoine a bhfuil creideamh acu”.

Micheál Martin

Cáineadh an Taoiseach go géar sa Dáil inné mar gheall ar a chuid cainte le Micheál Martin. Dúirt Mary Butler, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil go raibh geallúint tugtha i gClár an Rialtais go gcuirfí deireadh le leithcheal ar bhonn reiligiúin ach nár léirigh an Taoiseach aon mheas ar an gcreideamh Caitliceach.

Dúirt Pat the Cope Ó Gallchóir a bhí sa gcathaoir tráth a ndearna an Taoiseach an chaint a chuir as do dhaoine go mb’fhéidir go mbeadh an Taoiseach ‘ag iarraidh labhairt faoin scéal an tseachtain seo chugainn nuair a bheidh sé ar ais sa Dáil’.

Labhair an Seanadóir Ronan Mullen faoin ábhar sa Seanad agus dúirt gur iarradh air an t-ábhar a ardú. Dúirt Mullen gur chuir an chaint iontas air. Dúirt sé go raibh cuid den chléir á maslú ar na meáin shóisialta agus ar an tsráid.

“Ar an gceann is fearr de, tá an chuma air gur ag sásamh na ndaoine sin atá in aghaidh na cléire a bhí sé. Ar an gceann is measa de, d’fhéadfadh gur léiriú a bhí sa gcaint ar ghráin éigin atá aige féin ar an gcléir,” a dúirt an Seanadóir Mullen sa Seanad. “Ní call dom a rá dá ndéarfadh duine a leithéid de rud dímheasúil faoi cheannairí an phobail aeraigh nó faoi urlabhraithe an lucht taistil go gcáinfí go géar é, mar ba cheart.”

Fág freagra ar 'Leithscéal gafa ag an Taoiseach faoi shagairt ‘a mhaslú’'