Leithscéal gafa ag an nGarda Síochána as gan coiste Oireachtais a chur ar an eolas faoi chinneadh i leith na Gaeilge

Theip ar ionadaithe ón nGarda Síochána, ón Roinn Dlí agus Cirt agus ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a rá cé acu a chéadmhol go bhfaighfí réidh leis an riachtanas Gaeilge d’arduithe céime sna Gardaí

Leithscéal gafa ag an nGarda Síochána as gan coiste Oireachtais a chur ar an eolas faoi chinneadh i leith na Gaeilge

Leas-Choimisinéir sa Gharda Síochána, Anne Marie McMahon

Gabhadh leithscéal thar ceann Choimisinéir an Gharda Síochána i dTeach Laighean tráthnóna as a theip Coiste Oireachtais a chur ar an eolas maidir le cinneadh fáil réidh le riachtanas Gaeilge san eagraíocht.

Agus í ag labhairt thar ceann an Choimisinéara Drew Harris, dúirt Leas-Choimisinéir sa Gharda Síochána, Anne Marie McMahon, le Teachtaí Dála agus Seanadóirí inniu gur botún a bhí ann gan tagairt do chinneadh fáil réidh leis an riachtanas teanga do sháirsintí agus cigirí nuair a bhí ionadaithe ó na Gardaí os comhair an choiste anuraidh.

Bhí an Coimisinéir Harris ina measc siúd a labhair ag an gcruinniú sin faoi chúrsaí Gaeilge sna Gardaí a reáchtáladh mí Bealtaine seo caite, ach níor luadh beag ná mór go raibh athrú ar na bacáin, i mí Iúil, deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge.

Nuair a iarradh ar an Leas-Choimisinéir McMahon cén fáth nár cuireadh an coiste ar an eolas faoin athrú ag an am, ghabh sí leithscéal.

“Ba mhaith liom leithscéal a ghabháil as sin agus níl aon amhras faoi, ag cuimhneamh siar air, gur rud é ar cheart dó a bheith tagtha chun solais,” a dúirt sí.

“Easnamh a bhí ann ar ár dtaobhna nár chuamar i ngleic leis ag an am. Dírithe ar thuarascáil an Choimisinéara Teanga, agus ár ndul chun cinn nó a mhalairt i leith mholtaí na tuarascála sin, a bhí an plé an lá áirithe sin.”

“Ní raibh sé [an riachtanas Gaeilge d’arduithe céime] ar an gclár agus, an uair sin, ní raibh formhór againn a bhí i láthair [ag an gcruinniú] ar an eolas faoi na mionsonraí faoi aon phlé maidir leis an nGaeilge.”

Ag an gcruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais inniu, theip ar ionadaithe ón nGarda Síochána, ón Roinn Dlí agus Cirt agus ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a rá cé acu a chéadmhol go bhfaighfí réidh leis an riachtanas Gaeilge d’arduithe céime sna Gardaí.

Cuireadh ceist ar na trí eagraíocht ag cruinniú de choiste Oireachtais na Gaeilge inniu cé a chéadmhol go bhfaighfí réidh leis an riachtanas do phoist sáirsintí agus cigirí sa bhfórsa.

“An bhfuil duine ar bith sa seomra seo in ann a rá cé a mhol é seo ar dtús?” a d’fhiafraigh an Teachta Dála Pa Daly.

Tost a lean ceist an Teachta Dála de chuid Shinn Féin nó gur tugadh cuireadh d’ionadaí ón Roinn Dlí agus Cirt freagra a thabhairt.

Doncha O’Sullivan, an Roinn Dlí agus Cirt

Dúirt Doncha O’Sullivan, Rúnaí Cúnta sa Roinn Dlí agus Cirt, gur cinneadh rialtais a bhí sa chinneadh fáil réidh leis na riachtanas Gaeilge. Cé gur ghéill sé gur tháinig an moladh ó oifigigh na Roinne ar iarratas ón Aire Dlí agus Cirt, dúirt sé gur as cainteanna leis na Gardaí agus PAS a d’eascair an moladh.

Dúirt Príomhfheidhmeannach na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, Shirley Comerford, nár lorg siadsan aon athrú ar na riachtanas cé gur thuig siad do na cúiseanna a luadh leis na moladh.

Dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána roimhe seo chomh maith nach raibh an eagraíocht ag iarraidh fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge ach gur aontaigh siad sin a dhéanamh tar éis an cheist a phlé leis an Roinn Dlí agus Cirt.

Ar an 13 Iúil anuraidh, a cinneadh go foirmeálta go bhfaighfí réidh leis an riachtanas Gaeilge a bhain le poist na sáirsintí agus cigirí.

Ach, de réir eolais a fuair Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, is i nóta polasaí a ullmhaíodh sa Roinn Dlí agus Cirt i mí Dheireadh Fómhair 2018 a moladh go bhfaighfí réidh leis an riachtanas sin.

Dúirt Doncha O’Sullivan, Rúnaí Cúnta sa Roinn Dlí agus Cirt, go raibh go leor taighde déanta mar chuid den athbhreithniú ar na rialacháin faoi arduithe céime sna Gardaí ach ghéill sé nár deineadh aon taighde ar leith faoi cheist an riachtanais Ghaeilge.

Dúirt sé nár dhóigh leis go raibh aon duine ann a cheap go raibh mórán suntais ag baint leis an riachtanas Gaeilge ná a raibh tuairim láidir acu gur “bac” roimh éinne a bhí ann.

Mar a tuairiscíodh roimhe seo, bhí an tuairim go bhféadfadh an Ghaeilge a bheith ina bac ar dhaoine a bhfuil disléicse orthu agus ar dhaoine ó thíortha eile ar na cúiseanna ar moladh go bhfaighfí réidh leis an riachtanas teanga a bhain le hardú céime sa Gharda Síochána.

D’fhiafraigh na Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Aindrias Moynihan, de na toscaireachtaí ar ghlac siad leis gur “ísliú céime” don Ghaeilge a bhí sa chinneadh fáil réidh leis an riachtanas.

Dúirt Doncha O’Sullivan, Rúnaí Cúnta sa Roinn Dlí agus Cirt, nach raibh sé i gceist ar chor ar bith masla a thabhairt do lucht labhartha na Gaeilge ná baint den “iarracht” atá ar siúl ag na Gardaí ar son na teanga.

Údar imní a bhí ann go gceapfadh daoine gur “ísliú céime” a bhí ann.

Fág freagra ar 'Leithscéal gafa ag an nGarda Síochána as gan coiste Oireachtais a chur ar an eolas faoi chinneadh i leith na Gaeilge'

  • Kearnan Kelly

    Ghaeilge a bheith ina bac ar dhaoine a bhfuil disléicse orthu? Hmmm. Gcónaí, chónaí, gcónaí, cónaí … ubh, uibhe, uibheacha, huibheacha … arán, t-arán, aráin … t-úll, úll, úill, húlla … cat, gcat, cait … Gan dabht

  • Seán ÓM

    Nach n-úsáideann na Gardaí féin-mheasúnacht agus an Ardteistiméireacht maidir lena gcuid chumasaí Gaeilge ar aon chaoi!?
    Nach bhfuil an córas seafóideach ó bhun go barr ar aon chaoi!?

    Ba chóir an córas TEG a chur i bhfeidhm orthu go léir.
    Ní cáilíocht mar Gharda gan B2 sa TEG a bheith bainte amach acu!
    Agus is féidir leo fanacht sa mbarracks go dtí go bhfuil sé bainte amach!

  • Gearóid de Grás

    Údar imní a bhí ann go gceapfadh daoine gur “ísliú céime” a bhí ann.

    Údar imní atá ann go gceapfadh daoine go mbeidh báisteach againn mí Feabhra.
    Údar imní atá ann go gceapfadh daoine go dtapóidh na státseirbhísigh agus a máistrí gach deis chun deireadh a chur leis an nGaeilge mar theanga labhartha.
    Údar imní atá ann go gceapfadh daoine gur faoina bpinsin mhóra agus an chéad ardú pá eile a mbíonn imní i ndáiríre ar na daoine seo.
    Údar imní atá ann go gceapfadh daoine nár ith an madra an obair bhaile.
    Údar imní atá ann go gceapfadh daoine nach bhfuil meas madra ag na ceannairí seo ar an gCoiste Gaeilge agus i ndáiríre go mbíonn an-spórt acu ag cumadh leithscéalta.
    Údar imní atá ann go gceapfadh daoine nach ar mhaithe leis féin a bhíonn an cat ag crónán.
    Údar imní atá ann go gceapfadh daoine go raibh an ceart ag an bPiarsach nuair a scríobh sé “Mór mo náire, mo chlann féin do dhíol a máthair”.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    “Cinneadh rialtais a bhí sa chinneadh fáil réidh leis na riachtanas Gaeilge”: Ceist anseo d’Aire na Gaeltachta.
    “As cainteanna leis na Gardaí agus PAS [Public Appointments Service] a d’eascair an moladh”:
    Daoine gan Gaeilge, ba léir.
    Nach iontach an tír í?