Léitheoireacht na saoire don aos óg – Rogha Tuairisc.ie

Seo thíos rogha Tuairisc.ie de na leabhair is fearr do léitheoirí óga, leabhair a ídeoidh na huaireanta fada idir seo agus oscailt na scoileanna mí Mheán Fómhair

Tá an bhliain scoile istigh agus laethanta buí an tsamhraidh ag síneadh amach romhainn. Beidh cuid againn ag dul thar sáile le cúpla lá a chaitheamh faoin ngrian cois farraige agus an chuid eile ag cuartú suaimhnis ón scoil ar thránna na tíre seo.

Is cuma cén áit a gcaithfidh tú an dá mhí atá romhat, teastóidh an rud ceannann céanna ó gach aon dalta atá saor ón scoil don samhradh: slám mór leabhar le léamh.

Seo thíos rogha Tuairisc.ie de na leabhair is fearr do léitheoirí óga, leabhair a ídeoidh na huaireanta fada idir seo agus oscailt na scoileannamí Mheán Fómhair.


 

Cuigear Croga

An Cúigear Cróga 

Aoisghrúpa: 8-10

Údar: Enid Blyton

Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Praghas: €7

Tá ceithre leabhar eachtraíochta sa tsraith cháiliúil seo le Enid Blyton: Tráthnóna Díomhaoin; Tá Gruaig George Rófhada; Maith Thú, a Timmy; agus Saoire na Samhna. Baineann siad ar fad le heachtraí an Chúigir Chróga agus iad ar laethanta saoire óna scoileanna cónaithe. Tá idir ghoid, fhuadach agus bhearradh gruaige sna scéalta mistéire seo a mbainfidh léitheoirí óga an-sult astu.


Ceist eile agam ort

Ceist Eile Agam Ort 

Aois-ghrúpa: 12-14

Údar:              Fionnuala Cloke

Foilsitheoir:  Cois Life

Praghas:         €8

Is quizleabhar é seo a bhfuil 1,000 ceist le fáil ann. Tá meascán deas de cheisteanna ann faoi thíreolas, stair, spórt, siamsaíocht agus eolas ginearálta, agus baineann cuid mhaith acu sin le hÉirinn.

Ní hé an cineál leabhair é a suífeá ar an trá leis ar feadh cúpla uair a chloig ach is cinnte go leigheasfadh sé leadrán san eitleán nó sa charr don duine óg agus turas fada roimhe amach. B’fhurasta tráth na gceist a dhéanamh le cairde freisin agus an leabhar seo faoi d’ascaill agat.


Is fuath liom dul ar saoire

Is fuath liom dul ar saoire!

Aois-ghrúpa: 6-10

Údar:              Gérard Moncomble

Foilsitheoir:  Futa Fata

Praghas:         €5.95

Scéal greannmhar faoi chat, Máire Treasa Mí-Abha, agus í ag dul ar saoire lena teaghlach.

B’fhearr i bhfad le Máire Treasa fanacht sa bhaile ar a compord seachas dul ar saoire lena teaghlach. Faraor géar, teipeann ar a cuid iarrachtaí dul i bhfolach agus caithfidh sí aghaidh a thabhairt ar an turas uafásach. Taitneoidh an leabhar ildaite lán-léaráidí seo le haon duine a bhfuil cat sa bhaile acu. Tá ceithre leabhar eile sa tsraith seo: Is linne an tolg!; Cé a ghoid mo chuid bia?; agus Sin bronntanas seafóideach!


I measc vaimpírí

I Measc Vaimpírí

Aois-ghrúpa: 10-13

Údar:              Orna Ní Choileáin

Foilsitheoir:  Cois Life

Praghas:         €8

Seo an tríú leabhar sa tsraith iomráiteach ó pheann Orna Ní Choileáin. An geábh seo tá Ailfí agus Marius, a chara vaimpíre, sa Trasalváin, áit a dtriaileann Marius bunscileanna na vaimpíre a mhúineadh dá chara daonna – an eitilt, cén chaoi codladh a dhéanamh i gcónra…

Ailfí agus an Vaimpír agus Vaimpír san Áiléar, leabhair eile leis an údar céanna, ar fáil cheana agus tá an ceathrú leabhar sa tsraith, Greim na Vaimpíre, á scríobh faoi láthair.


Scéalta scéine

Scéalta Scéine

Aois-ghrúpa: 8-11

Údar:              Máirín Ní Ghadhra agus Gormfhlaith Ní Thuairisg

Foilsitheoir:  Cló Iar-Chonnacht

Praghas:         €7

Tá ceithre leabhar scéine sa tsraith nua seo a d’fheilfeadh do léitheoirí óga atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna léitheoireachta. Insítear dúinn faoi chásanna na beirte bleachtairí, Ben agus Sam, agus iad ag fiosrú mistéirí osnádúrtha. Tá cás Vladya Dortafola ann, mar shampla, an cailín nua ar scoil a tharraingíonn aird an uile dhuine lena héadan geal agus a beola dearga, nó cás na láimhe a chnagann ar dhoras na mbleachtairí istoíche agus é ar thóir a choirp. Is iad na leabhair eile atá sa tsraith seo ná: Brú Fola; Taibhse an Dá Thaobh; Mac Tíre… Dáiríre!; agus Lámh Mharbh Abú!


Ór na Péiste

Ór na Péiste

Aois-ghrúpa: 10+

Údar:              Alain Surget

Foilsitheoir:  Leabhar Breac

Praghas:         €7.50

An ceathrú leabhar sa tsraith Bratach na gCnámh, seo scéal faoi Louise Bheag agus a deartháir Benjamin a fhágann Páras agus iad sa tóir ar a n-athair tar éis bhás a máthar.

Tá ceithre leabhar eile sa tsraith a leanann an bheirt óg agus iad ag dul trasna na farraige móire ar bord Ordóg na Feirge, siar go hOileán na Siorcanna (áit a ngabhann cabhlach Shasana orthu) agus ar aghaidh as sin go cósta Mheicsiceo. Bainfidh léitheoirí an-taitneamh go deo as na scéalta eachtraíochta seo agus iad ag glacadh sosa óna gcuid eachtraí féin i dtíortha i gcéin.

Is iad Long na dTaibhsí, Oileán na Siorcanna, agus Éalú as Páras na leabhair eile sa tsraith.

 

Fág freagra ar 'Léitheoireacht na saoire don aos óg – Rogha Tuairisc.ie'