‘Leithéidí Paul Conroy, ní bhfaighidh siad deis níos fearr Craobh na hÉireann a bhuachan’ – Joe Bergin

Anois nó riamh ag Gaillimh a deir Bergin agus é den tuairim nach bhfaighidh cuid d’imreoirí na foirne seans níos fearr bonn uile-Éireann a bhuachan

‘Leithéidí Paul Conroy, ní bhfaighidh siad deis níos fearr Craobh na hÉireann a bhuachan’ – Joe Bergin

Nuair a bhuaigh Gaillimh Craobh Shinsir Peile na hÉireann i 1998, an chéad cheann acu le 32 bliain anuas, bhí Joe Bergin seacht mbliana déag d’aois agus é i bPáirc an Chrócaigh an lá úd ag ceiliúradh a chuid laochra. Nuair a bhain Gaillimh an cluiche ceannais amach arís dhá bhliain dár gcionn, bhí Bergin ag imirt taobh leis na laochra céanna agus é ainmnithe i lár na páirce in aghaidh Chiarraí.

“Ba í sin mo chéad bhliain ar an bpainéal,” a deir Bergin. “Tháinig mé fhéin agus Kieran Comer isteach, bhí muid an-an-óg, díreach amuigh as na mionúir.

“Bliain iontach a bhí inti. Bhuaigh muid Craobh Chonnacht, gan casadh ar Mhaigh Eo ná ar Ros Comáin, rud nach dtarlaíonn go minic. Chuaigh muid ar aghaidh agus bhuaileamar Cill Dara sa chluiche leathcheannais agus ansin, ar ndóigh, bhí Ciarraí linn sa chluiche ceannais.”

Ní raibh sé ag ceiliúradh i bPáirc an Chrócaigh ag deireadh na bliana sin, áfach, agus na Gaillimhigh cloíte ag fir na Ríochta in athimirt. Mar sin féin, in ainneoin an chrá, bhraith Bergin go dtiocfadh a sheans.

“Bhí sé díomách nár bhuaigh muid an cluiche an chéad lá, is dócha. Bhí na deiseanna againn agus deirtear gur cheart go mbeadh sé buaite againn ach níor tharla sé. Níor imir muid chomh maith céanna san athimirt agus bhuaigh Ciarraí orainn le ceithre phointe sa deireadh.

“Bhí sé an-díomách cluiche ceannais na hÉireann a chailliúint, ba chuma nach raibh mé ach i mo chéad bhliain, ach, sin ráite, bhí go leor dóchais agus misnigh againn toisc go raibh foireann láidir againn.” 

Ní raibh ar Bergin ná ar Ghaillimh fanacht i bhfad mar chuadar chomh fada leis an gcluiche ceannais arís an bhliain dár gcionn agus, an uair seo, rinneadar an beart.

Joe Bergin agus Michael McCann. Pictiúr: INPHO/Presseye/Russell Pritchard

Is in aghaidh chontae na Mí a bhí Gaillimh sa chluiche ceannais in 2001 agus stánáil tugtha ag na Laighnigh do Chiarraí sna babhtaí leathcheannais. Thug Gaillimh an lá leo, áfach, 0-17 in aghaidh 0-10, agus deir Bergin go raibh a lán foghlamtha aige ón mbliain roimhe sin.

“Bhí mé imithe i dtaithí ar an tréimhse sin idir an cluiche leathcheannais agus an cluiche ceannais. Bíonn an oiread ar siúl sna seachtainí sin…bhíodh trí nó ceithre seachtaine i gceist agus go leor ag tarlú chun cur isteach ort. In 2001, bhí níos mó cleachtaidh agam ar na hócáidí preasa, fuadar na dticéad agus gach rud mar sin. Bíonn tú i do tharraingt an bealach seo agus an bealach siúd ach, an dara huair, bíonn níos mó taithí agat agus bíonn tú in ann rudaí a láimhseáil níos fearr,” arsa Bergin.

Bhí sé in ann díriú níos mó ar a chluiche féin, seilbh a fháil ar an liathróid luath agus socrú isteach san imirt chomh tapa agus is féidir. 

“Tá an cliché ann go bhfuil cluiche ceannais na hÉireann cosúil le haon chluiche eile ach níl sé sin fíor i ndáiríre. Tá a fhios ag gach duine an deis atá ann agus go gcaithfidh tú luí isteach ar an obair chomh luath agus is féidir agus coinneáil ag an leibhéal sin an t-am uile.”

Deir Bergin gur cheart go bhfeilfeadh sé do na Gaillimhigh nach raibh ach coicís acu chun fáil réidh don chluiche ceannais i mbliana.

“Tá sé ag teacht tiubh, te, tapa anois agus níl an t-am agat le bheith ag suí thart ag cuimhneamh ar an gcluiche. Rud nua é seo dóibh ar fad, níor imir duine ar bith acu i gcluiche ceannais na hÉireann. Dá luaithe is fearr é,” ar sé.

“Sílim go bhfuil Gaillimh in áit mhaith agus an cluiche ceannais ag teannadh linn. Tá siad ag imirt gach cúpla seachtain agus tá siad ag éirí níos muiníní agus níos muiníní de réir mar atá na cluichí ag dul ar aghaidh. In aghaidh Ard Mhacha, rinne siad an-teacht aniar tar éis dóibh an cluiche a chaitheamh uathu, nach mór, agus chuir siad leis sin an lá cheana [in aghaidh Dhoire]. 

“Bain amach an cúpla iarracht a cuireadh amú ag tús an chluiche sin agus ní fhéadfadh an cluiche a bheith leagtha amach níos fearr ag Gaillimh. Choinnigh siad rudaí cóngarach go maith agus nuair a thug siad rúid sa dara leath, ní raibh Doire in ann acu.”

Tá foireann óg go maith ag Gaillimh, mar a bhí aimsir na mílaoise agus cé go bhfuair Bergin an dara deis Craobh na hÉireann a bhuachan, is minic nach bhfaightear agus deir fear an Chreagáin-Maigh Locha go bhfuil sé tábhachtach go nglacfadh imreoirí seo na Gaillimhe an deis atá os a gcomhair.

“I nGaillimh, ní bhaineann muid cluiche ceannais na hÉireann amach go rómhinic. Caithfidh tú an seans a thógáil nuair atá sé ann. Leithéidi Paul Conroy, fear a bhfuil seirbhís den scoth tugtha aige do Ghaillimh i rith na mblianta, ní bheidh deis níos fearr aige Craobh na hÉireann a bhuachan. Bheadh Damo [Comer] agus Shane [Walsh] ar an gcaoi chéanna. Beidh a fhios acu go bhfuil deis iontach ann anois agus, do chuid acu, d’fhéadfadh nach bhfaigheadh siad ceann eile. Ní bhíonn a fhios agat riamh.

“Ní féidir leo a bheith ag ceapadh nach bhfuil anseo ach tester agus go mbeidh siad ann arís an chéad bhliain eile mar, faoin am sin, beidh gach foireann ar ais ag bun an dréimire.”

Tá a fhios ag Bergin féin nach mbíonn in aon rud ach seal. Tar éis dóibh an dara craobh a bhuachan in 2001, bhí súil ann go mbeadh foireann sin na Gaillimhe san iomaíocht bliain i ndiaidh bliana ach níor tharla sé.

“Bhí muid muiníneach go mbeadh muid san iomaíocht an chuid is mó den am sna blianta ina dhiaidh sin ach chlis go hiomlán orainn théis 2001.”

Ciarraí arís a bhuaigh orthu in 2002 agus cé go nglacann sé go mbíonn aura faoi leith ag baint le foirne na Ríochta, níl Bergin go hiomlán tógtha le foireann seo Chiarraí.

“Níl an beart déanta acu go fóill,” a deir sé. “In 2000, bhí imreoirí ag Ciarraí a raibh boinn buaite acu i 1997 ach tá píosa le dul ag an bhfoireann seo. Ní dóigh liom go mbeidh aon eagla ar imreoirí na Gaillimhe roimh gheansaí Chiarraí agus níor cheart go mbeadh.

“Sílim go bhfuil seans iontach againn. Tá foireann an-mhaith ag Ciarraí ach, go dtí go mbuann siad Craobh na hÉireann, ní fhéadfá a rá gur foireann iontach í. Tá an brú orthusan anois. Chlis orthu cúpla babhta le blianta beaga anuas agus, cé gur sárimreoirí iad leithéidí an bheirt Clifford agus Seán O’Shea, sílim go bhfuil na cosantóirí ag Gaillimh chun iad a mharcáil,” arsa Bergin.

“Níos tábhachtaí fós, teastaíonn sárthosaithe chun Craobh na hÉireann a bhuachan agus sílim go bhfuil fir na Gaillimhe ag baint barr a maitheasa amach ag an am ceart. Tá Shane ag bualadh na gciceanna saora go han-mhaith, agus tá sé sin iontach, ach dá mbeadh muid in ann beagáinín níos mó a fháil uaidh ón imirt, bheadh an-seans againn. Tá Damien Comer i mbarr a réime, tá Rob Finnerty ag imirt an-mhaith agus tá Matthew Tierney ag feabhsú an t-am uile.”

Deir Bergin go mbíonn sé de nós ag foirne ó Chiarraí dul sa tóir ar chúil luath i gcluichí ceannais na hÉireann agus dá n-éireodh le Gaillimh iad a choinneáil amach, bheadh leo.

“A fhad agus a choinníonn muid leo, tiocfaidh an brú uile sa mhullach ar Chiarraí agus bheadh an-seans againn.”

Fág freagra ar '‘Leithéidí Paul Conroy, ní bhfaighidh siad deis níos fearr Craobh na hÉireann a bhuachan’ – Joe Bergin'