LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Tús le biaiste spóirt an earraigh ach a rás rite ag an ‘Late Late’

D’fhéadfadh an Satharn ar fad a bheith caite ar an gcúits agat ag alpadh siar spórt beo ó TG4, RTÉ agus Eir

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Tús le biaiste spóirt an earraigh ach a rás rite ag an ‘Late Late’

Tá biaiste spóirt an earraigh faoi lán seoil agus bhí raidhse cluichí caide, iománaíochta agus rugbaí againn an deireadh seachtaine seo. D’fhéadfadh an Satharn ar fad a bheith caite ar an gcúits agat ag alpadh siar spórt beo ó TG4, RTÉ agus Eir.

Cé gur breá liom an rugbaí cuireann áiféis a lucht leanta pip orm go minic. Galamaisíocht chainte faoi Chúige Chonnacht, buaileam sciath nuair a bhuann an fhoireann náisiúnta cluiche dúshláin agus cliseadh nuair a thagann an crú ar an tairne.

Thosaigh lucht na gaoithe móire ag rith le brothall nuair a fuair foireann na hÉireann an ceann is fearr ar an Nua-Shéalainn i rith an tsamhraidh agus meabhraíodh dúinn míle babhta go raibh an fear maith fachta ar an Afraic Theas agus ar an Astráil chomh maith. Níor leomh éinne a rá gur chluichí dúshláin a bhí iontu. D’imigh sin agus tháinig tubaiste chluiche na hAlban. Chacadar ar na huibheacha. Arís.

An deireadh seachtaine seo (Live Six Nations Rugby, RTÉ1, Dé Sathairn), thugadar crústáil don Iodáil agus bhí rian den áiféis le sonrú arís.

Idir an dá linn, bhí ana-chluiche caide idir Crócaigh Chill Airne agus Cora Fine na Gaillimhe i Luimneach ar an Satharn (GAA Beo, TG4). Ba dhiail an feic é an Gooch i mbarr a mhaitheasa agus ba dheacair a shamhlú go mbímis ar an trá fholamh do chluichí den saghas seo sara dtáinig TG4 ar an bhfód. Lean TG4 lena gclúdach ar CLG le craoladh beo ar shraith náisiúnta na gcamán ar an Domhnach. Ní clúdach cuimsitheach go dtí é (go mórmhór nuair a chuireann tú craoladh beo rugbaí na hAoine san áireamh). N’fheadar conas mar a luíonn seo ar fad leis an bhfís shainiúil atá ag an gceannasaí nua?

Tá cluichí CLG an tSathairn tugtha leo ag Eir (Setanta, mar a bhíodh) le tamall, agus tairne eile sa mbeo é seo dóibh siúd nach áin leo margadh Sky. Ní féidir teacht ar an gcainéal seo mura bhfuil síntiús agat le comhlacht cosúil le Sky, agus ní féidir an cainéal a fháil a thuilleadh má tánn tú le Virgin (UPC, mar a bhíodh).

Bíodh sin mar atá, dúirt na húdair ar fad linn go raibh an ceithre fhoireann is fearr ag imirt in aghaidh a chéile ar an Satharn (Baile Átha Cliath, Ciarraí, Tír Eoghain agus Maigh Eo). Is minic, áfach, go dtaibhsítear dom féin gur troid na mba maol atá sa tsraith ina hiomláine i gcónaí agus fios ag madraí an bhaile go bhfuil gach mac máthar ag tiargáil do chomhraic mhóra an tsamhraidh.

Tá rás an Late Late (RTÉ 1, Dé hAaoine) rite. Tráth dá riamh ba chlár é ná féadfaí a chailliúint agus nuair a bhí sé i mbarr a réime bhíodh sé in ann creathadh a bhaint as an bpobal agus as an mbunaíocht araon. Ar an Aoine, in iarracht fhánach neafais thaitneamhach Ant agus Dec a leanúint, soláthraíodh clár speisialta do Lá le Vailintín. In ainneoin gur chaith Al Porter cúpla slais seoigh le Ryan Tubridy agus Linda Martin bhíos ag cúbadh chugam féin formhór an ama. Ní hé nach féidir le seó meascán ábhar a chlúdach, ach ar uairibh imíonn an Late Late ón gcairt ar fad. Caithfear cinneadh a dhéanamh an bhfuil sé ag iarraidh fanacht dílis d’oidhreacht an chláir nó an bhfuil sé ag iarraidh teacht i dtír ar an éileamh a bhíonn ar thruflais sheoigh Ant agus Dec.