LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Pat Kenny v Claire Byrne – coimhlint idir iar-chomhghleacaithe

Cé nach n-aithneodh Pat Kenny an difríocht idir liathróid caide agus adharca reithe, bhí sé ar a chompord aréir ag cur agallaimh ar an gcéad aoí ar a chlár nua teilifíse, bainisteoir foireann caide Thír Eoghain, Mickey Harte

Pat Kenny

Thug na hiar-chomhghleacaithe ar Prime Time, Claire Byrne agus Pat Kenny, aghaidh ar a chéile aréir (In The Round, UTV Ireland agus Claire Byrne Live, RTÉ 1). D’fhill Pat ar an scáileán beag aréir agus caint sa timpeall le seachtain go bhfuil a bhuille tugtha go hiomlán in RTÉ. Is clár uair an chloig a bheidh aige anseo ina mbeidh sé i mbun cainte le haoi amháin, struchtúr a bhaineann macallaí as Piers Morgan’s Life Stories. Tá na cláir réamhthaifeadta os comhair lucht féachana agus aréir, ba é bainisteoir foireann caide Thír Eoghain, Mickey Harte, a bhí i mbun cadrála leis.

Ó tharla gur pearsa CLG a bhí ann aréir, thosaigh comparáidí le Laochra Gael ag ráthaíocht i m’intinn óir tá agallamh leis an aoi measctha le míreanna físe agus cloigne cainte.

Aoi geanúil, deisbhéalach é Harte a bhfuil scéal a bheatha ina ábhar inspéise do mhórán. Ní nach ionadh, díríodh cuid mhaith den chlár ar dhúnmharú a iníne Michaela i Mauritius in 2001. Labhair sé go hionraic faoi seo agus is léir go bhfuil a chreideamh láidir mar chrann taca aige i gcónaí. Díríodh chomh maith ar na buanna ar pháirc na himeartha. Faoina stiúir, bhuaigh Tír Eoghain a gcéad Craobh Uile Éireann in 2003. Thugadar an svae leo arís in 2005 agus 2008. Mhaígh mórán, Pat Spillane ina measc lena sleais faoi chaid na múisce, go raibh longbhriseadh na caide traidisiúnta tagtha. Thug Harte aghaidh ar an gcáineadh seo go cliste agus go gealgháireach.

Tugtar íde na madraí ar Kenny bocht go minic agus le bheith fírinneach, ní hé an láitheoir is ansa liom. Ina dhiaidh sin féin, bhí sé ar a chompord aréir, rud nach mbíodh amhlaidh i gcónaí ar an Late Late. Tá a fhios ag an saol Fódlach ná feadar sé an difríocht idir liathróid caide agus adharca reithe. Is cuimhin linn ar fad an clár tubaisteach faoi CLG in 2009 nuair ab éigean do Des Cahaill teacht amach leis an rud a tharrtháil. Sin an oíche gur thaispeáin Pat pictiúr do Bhrian Dooher le Sam do Dhara Ó Sé. Bhíos ag cúbadh chugam féin ag baile agus ag guí go dtabharfadh Dara an uillinn sainiúil sin dó. Ba léir go raibh a thaighde déanta aige an babhta seo, áfach, (ba é a dhein guthú ar na míreanna físe) agus stiúraigh sé an comhrá go tuisceanach, nádúrtha.

Uair an chloig taitneamhach (do Chiarraíoch fiú) ach beidh an tsraith seo ag brath go mór ar aíonna deisbhléalacha, suimiúla le scéalta a mheallfaidh mórán.

RTÉ Claire Byrne Live.  Presenter Claire Byrne on the set of RTE's new current affairs TV show, Monday nights at 10.35pm on RTE One starting 19th January 2015.  Picture Andres Poveda
Claire Byrne ó RTÉ. Pictiúr: Andres Poveda

Ar RTÉ 1 timpeall an ama chéanna, bhí Claire Bynre ag iarraidh teacht idir dhaoine a bhí dul i bpiobáin a chéile faoin bpósadh comghnéis. Ba léir an taighde arís anseo mar go raibh an lucht féachana lán le daoine a raibh tuairimí difriúla acu agus tugadh deis cainte do mhóran acu. Is iad an tAire Simom Coveney, Stiúrthóir Toghchánaíochta an Rialtais, agus an Seanadóir Ronan Mullen a bhí i lár an aonaigh. Pé acu gur áin leat iad nó nach áin, nó go n-aontaíonn tú leo nó nach n-aontaíonn, chruthaigh an bheirt acu go han-mhaith. Bhíodar deisbhéalach agus cumhachtach ina gcuid argóintí agus is iontach an rud é sin a fheiscint. Bhí an tAire go mórmhór ag éirí an-mhothúchánach agus ag staid amháin mheasas go raibh deora i gceann a chuid súl. 

Ní nach ionadh, ní rabhadarsan ná an lucht féachana ar aon intinn faoi mhórán agus seans go raibh speabhraídí orthu siúd a bhí ag baile, agus b’fhéidir go rabhadar níos soiléire faoin gceist roimh an gclár ná mar a bhíodar ina dhiaidh. Is léir ón gclár seo, agus an díopóireacht a bhí ar Prime Time seachtain ó shin, gurb é an atáirgeadh daonna cuidithe, an mháthairionadaíocht go háirithe, an chnámh spairne is mó atá ann.

Leanfaidh an díospóireacht agus is é is dóichí ná a mhalairt go n-éireoidh sí níos teasaí. An cheist atá ag dó na geirbe agamsa ná cá bhfuil Enda Kenny?

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Pat Kenny v Claire Byrne – coimhlint idir iar-chomhghleacaithe'