Tá sraith eile do Cloch le Carn (RTÉ 1, Déardaoin) faoi lán seoil agus ar ghála na seachtaine seo caite ba é Martin McGuinness a bhí fé chaibidil. Tá an tsraith ócáideach seo sa tsiúl ó 2009 agus ag an bpointe seo táthar tar éis cuntas a thabhairt ar shaol agus saothar ochtar is fiche atá imithe ar shlí na fírinne; daoine neamhchoitianta a raibh tionchar mór acu ar shaol agus ar shochaí na hÉireann.
Is liosta le háireamh é cinnte; gach duine ó Pháidí Ó Sé agus Conor Cruise O’Brien go Mo Mowlam agus Eugene Lambert.
Gan amhras ní hionann saol aon bheirt acu agus cé go n-oireann scéalta daoine áirithe don insint leathuair an chloig, ní hamhlaidh le daoine eile. Tá scéalta áirithe atá chomh casta sin, agus gur bhain an oiread sin eachtraí tábhachtacha, cigilteacha don duine, go bhfuil sé deacair, dodhéanta b’fhéidir, cíoradh substaintiúil a dhéanamh ar a shaol agus a oidhreacht is tú i dtaobh le leathuair an chloig.
Tá McGuinness san iomaire áirithe sin. Dá fheabhas, agus dá thaitneamhaí is a bhí clár na seachtaine seo bhí sé á thaibhsiú dom i rith an ama nach raibh ann ach sciuird, sracfhéachaint thapa. Ní fhéadfadh an oiread sin téagair a bheith ag baint leis dá réir, agus ní dóigh liom gur tugadh go barr uisce mórán nach raibh ar eolas ag an lucht féachana cheana féin.
B’ait liom nach raibh piardaí móra Shinn Féin, Gerry Adams, Michelle O’Neill nó Mary Lou McDonald rannpháirteach. Ina dhiaidh sin féin bhí meitheal dheas cloigne cainte earcaithe agus labhraíodar go hionraic. Rinne Cathal Mac Coille agus Póilín Ní Chiaráin an tí seo ionchur tomhaiste, pointeáilte, deisbhéalacha, mar is dual dóibh. Thaitin caint Phóilín liom agus í ag cur síos ar an tslí go raibh McGuinness agus Adams ar a gcroí díchill scoilt san IRA a sheachaint is iad ar bhóthar na síochána. Dá bharr bhí siad sásta ‘fanacht leis an té ba mhoille’.
Ní nach ionadh bhí a léargas suaithinseach féin ag Nell McCafferty. Í ag maíomh go raibh McGuinness chomh ciúin, geanúil agus múinte sin ina óige gur measadh go mbeadh ábhar sagairt ann. Ag an am céanna bhí sé chomh dathúil sin gur mheabhraigh sé Art Garfunkel di. Níor chuir Denis Bradley fiacail ann ach an oiread i rith an chláir; é ag rá gur chuir an IRA muinín ann mar nár ól sé, nár chaith sé tobac agus nach mbíodh sé ag cliúsaíocht le mná.
Chaith Bertie Ahern luach a leathphingine isteach chomh maith á rá gur ar ghuaillí McGuinness a thit sé dul isteach sna ‘pluaiseanna’ leis na hantoiscigh a thabhairt ar phort na síochána. Dhéanfadh sé beart de réir a bhriathair, dar le Bertie, agus ní dhéanfadh sé scéal mhadra na n-ocht gcos dá chúraimí, murab ionann agus Gerry Adams.
Gan amhras tugadh sciuird ar mhór-imeachtaí an Tuaiscirt: eachtraí mhí Dheireadh Fómhair 1968 (an lá a maítear a thosaigh na Trioblóidí) agus Domhnach na Fola, ina measc. Níor deineadh dearmad ar fhoréigean na tréimhse ach an oiread. Dúirt Póilín Ní Chiaráin go bhféadfadh McGuinness a bheith ‘gan trua, gan taise’ agus tagraíodh do scéal truamhéalach Joanne Mathers, bean a dúnmharaíodh agus í ag bailiú foirmeacha daonáirimh i 1981.
Thug Ian Paisley Jr. éachtaint ar fhorás an ghaoil idir McGuinness agus a athair agus an tslí ar chuir cairdeas na ‘Chuckle Brothers’ olc ar sciar suntasach de chomhghuaillithe a athar.
Clár é seo a thugann cuntas ábalta, ach achomair, ar phearsa thábhachtach, cháiliúil agus chonspóideach.
Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Gan de locht ar ‘Cloch le Carn’ McGuinness ach a laghad…'