LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Críoch curtha leis an allagar reifrinn ar RTÉ le comhscór

Ráineodh nár éirigh le ‘Prime Time: The Referendum Debate’ daoine atá idir dhá cheann na meá a sheoladh slí amháin nó slí eile

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Críoch curtha leis an allagar reifrinn ar RTÉ le comhscór

I ndiaidh míonna de dhíospóireachtaí, trasnaíl agus áiteamh tá an t-allagar reifrinn ag teannadh chun deiridh. Bhí an babhta deireanach díospóireachta ag RTÉ aréir ar Prime Time: The Referendum Debate agus beidh dhá chlár ar TV3 anocht, clár Pat Kenny agus The Tonight Show. Ina dhiaidh sin beidh an moratóir craoltóireachta i bhfeidhm.

Bhí fothragadh againn roimh thosach chlár na hoíche aréir nuair a tugadh le fios go raibh an dlíodóir Cora Sherlock ón bhFeachtas ar Son na Beatha tar éis tarraingt amach, rud a d’fhág an clár gann ar chainteoir ó thaobh amháin.

Thug RTÉ an t-eiteach don tairiscint go mbeadh Maria Steen ó Institiúid Iona mar ionadaí toisc, a dúradar, go raibh sí ar chlár Claire Byrne an tseachtain seo a d’imigh tharainn agus go raibh éagsúlacht de dhíth.

Chuathas in adharca a chéile, níor thángthas ar réiteach agus sa deireadh seachas ceathrar a bheith sa chaibidil bhíomar i dtaobh le beirt fhear; an tAire Sláinte Simon Harris agus an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Peadar Tóibín. ’Sí Miriam O’Callaghan a bhí istigh eatarthu mar chathaoirleach agus thug David McCullough an t-iliomad geábhanna isteach sa lucht féachana le héisteacht le dochtúirí teaghlaigh, cnáimhseoirí, síciatraithe agus scéalta pearsanta mhná éagsúla. Deineadh dreas maith cainte leis an Ollamh Mary Higgins, an ceathrú duine a bhí in ainm is a bheith sa phríomhdhíospóireacht. Lena gceart a thabhairt don mheitheal agus na cainteoirí ar fad reáchtáladh an díospóireacht go múinte, sibhialta; rud atá deacair nuair atá ábhar chomh híogair agus goilliúnach leis seo idir chamáin.

Ní hin le rá nach raibh teasaíocht ann ar uairibh. Cuireann Harris pip ar mhórán ach labhair sé go diongbháilte, deisbhéalach aréir. Má dhein, bhí Tóibín breá in ann é a fhéachaint leis. Cúpla buille oird ar inneoin acu beirt. I ndeireadh na dála, áfach, níl a fhios agam ar éirigh leo, nó leis an gclár trí chéile, daoine atá idir dhá cheann na meá a sheoladh slí amháin nó slí eile.

Ar ábhar eile ar fad, ábhar neafaiseach, fánach; an pósadh ríoga. Bhí sé deacair éalú ón dríodar cainte ar fad agus caitheadh cúpla slais le RTÉ mar go gcinneadar dhá uair an chloig den seó bóthair a chraoladh ar an Satharn. Bímis ionraic faoi; tá póstaí leadránach. An searmanas agus na ciútaí céanna arís is arís eile. Baineann tú súp as do cheann féin agus cinn a bhaineann le do theaghlach agus do dhlúthchairde ach go minic téann tú chucu mar go gcaitheann tú imeacht chucu. Tá seanfhondúir Duibhneach ar m’aithne a thugann ‘summons’ ar an gcuireadh chuig pósadh. Téann díom a thuiscint mar sin canathaobh go mbeadh daoine sásta féachaint ar phósadh strainséara? Cé gur mó mo shuim i Gooch ná Gucci tuigim go mbeadh suim ag daoine sa bhfaisean, sa ghúna pósta go háirithe, ach nuair a chonac go raibh samhail den ghúna curtha le chéile go speisialta don Late Late Show le go bhféadfadh beirt saineolaithe faisin léirmheas a dhéanamh air, ba léir dom go raibh daoine tar éis rith amach ón gcairt ar fad. Fógraím moratóir.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Críoch curtha leis an allagar reifrinn ar RTÉ le comhscór'

  • tommy

    ‘Tá póstaí leadránach’! Agus costasach!