LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: An rud is annamh is iontach – fios ag lucht ‘Nowhere Fast’ cá bhfuil a dtriall

Ní haon mhórshaothar é an tsraith grinn nua ar RTÉ ‘Nowhere Fast’ ach bainfidh sé gáire asat

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: An rud is annamh is iontach – fios ag lucht ‘Nowhere Fast’ cá bhfuil a dtriall

Is liosta le háireamh iad na hiarrachtaí atá déanta ag RTÉ táirgí grinn a sholáthar i gcaitheamh na mblianta agus tá’s ag an saol Fódlach nach le moladh a bhí an-chuid acu; go deimhin níorbh fhiú an deich triuf cuid acu. Eisceacht ba ea leithéidí Can’t Cope, Won’t Cope  agus is léir ón gcéad dhá ghála de Nowhere Fast (RTÉ2, Dé Luain) gur féidir go  leor comparáidí a rianú idir é agus táirge Seána Kerslake; beirt phríomhcharachtar atá ag imeacht le haer an tsaoil agus an greann á chniotáil leis an ngruaim go paiteanta. Tá gaoth i seolta grinn RTÉ faoi dheireadh is léir.

Eascraíonn an tsraith seo as comhghuaillíocht idir an bhean ghrinn Alison Spittle agus Simon Mulholland agus ag Spittle atá an phríomhpháirt chomh maith. Sa chéad radharc címid Angela, atá ag obair do stáisiún raidió i mBaile Átha Cliath,  ag scaoileadh racht feirge uaithi faoi fhuathóir ban atá le cur fé agallamh.

‘He just looks like the type of prick that would wank over some briquettes or something,’ a deir sí go seanbhlastúil. I ngan fhios táthar fós ag craoladh; seanchleas agus meirg air, ach greannmhar mar sin féin mar aon le bheith curtha i gcrích go snasta. Is léir go bhfuil a dintiúir pinn agus aisteoireachta go maith ag Spittle.

Ní nach ionadh tugtar bata agus bóthar dár laoch agus bíonn uirthi filleadh ar an bhfód dúchais in Áth Luain; ciúta eile nach bhfuil chomh húrnua sin. Buailimid le meascán mearaí de charachtair ansin, na cairde Mary (Clare Monnelly) agus Bríd (Genevieve Hulme Beaman) ina measc. Buíon cairde a bhaineann macalla as Sex and the City. Bríd pioctha, pointeáilte cosúil le Charlotte agus is í Mary macasamhail Samantha gan aon agó. Tá an tíriúlacht agus an gháirsiúlacht linn ó thús go deireadh ach faigheann Mary an bhean mhaith ar gach éinne lena cuid slaiseanna faoi ghinmhilleadh agus cúrsaí leathair. Tugann an triúr acu, agus an cliar ar fad go deimhin, taispeántais uathu atá inchreidte agus ábalta.

An chontúirt is mó ag an saothar grinn i mo thuairimse ná dul rófhada amach ón gcairt agus sinn a fhágáil i dtaobh le háiféis gan dealramh. Cé go raibh sé sin le feiscint san achrann sa teach tábhairne éiríonn leis an táirge guaim a choiméad air féin, a bhuíochas sin do scríbhinn shnoite Spittle. Leibhéal á dhéanamh agus deismireachtaí cainte á gcaitheamh ar dalladh.

Tá toise níos dorcha ag baint leis an táirge chomh maith; é sin le feiscint sna tagairtí d’fhéinmharú agus don ghalar dubhach, an léiriú a dhéantar ar ráig ólacháin agus an léargas a thugtar ar an suarachas agus an nimh a bhíonn le sonrú go minic i bpobail logánta. Ní haon mhórshaothar é seo ach bainfidh sé gáire asat agus clochmhíle é dá bharr sin i stair an ghrinn ar RTÉ.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: An rud is annamh is iontach – fios ag lucht ‘Nowhere Fast’ cá bhfuil a dtriall'