LÉIRMHEAS: Snáithe an fhaisin agus seoid bheag cheoil agus– dhá chlár nua ó TG4

Clár snasta do na handúiligh seachas na haineolaithe faisin é ‘Snáithe’ agus ba dheas na páistí a fheiscint ‘i gcroílár an aicsin’ ar ‘Cúl an Tí’

LÉIRMHEAS: Snáithe an fhaisin agus seoid bheag cheoil agus– dhá chlár nua ó TG4

Dála na mbusanna tagann dhá cheann sna sála ar a chéile. Sinn ag cásamh easpa cláracha nua ar sceideal TG4 le tamall agus ansin dhá shraith nua sa mhullach ar a chéile.

Tabharfaidh an tsraith sé chlár Snáithe (Dé Céadaoin) cuntas dúinn ar dhearthóirí faisin comhaimseartha na hÉireann agus an oidhreacht chultúrtha agus faisin as ar eascair siad. ’Sí an blagálaí faisin, Ciara O’Doherty a bheidh farainn don tsraith agus dhein sí a cúraimí go slachtmhar sa chéad ghála.

Dúirt sí linn ag tosach an chláir go dtugann an t-éadach a chaithimid ‘léargas orainne mar dhaoine’ mar aon le héachtaint a thabhairt ar ár bhféiniúlacht. Chuir sí abhaile orainn go bhfuil borradh faoi earnáil faisin na hÉireann agus éileamh ar tháirgí dhearthóirí na hÉireann ar fud an domhain; gaisce atá ag tarlú i ngan fhios do mhórán, dar léi.

Bhí meascán mearaí de mhíreanna sa chéad chlár agus éagsúlacht mhór cloigne cainte dá réir. Ar an drochuair bhí a bhformhór ag labhairt i mBéarla, rud a chloíonn le nósmhaireacht atá go rábach i gcláracha faisnéise TG4 le tamall. Bhí Johnny Dillon ar dhuine den bheirt a labhair as Gaeilge agus bhaineas súp as a chuid cainte faoi thagairtí don bhfaisean sa bhéaloideas; an tslí nár thaitin an dath dearg leis an dream sí agus an nós a bhíodh ann gráinne salainn a chur isteach i gcasóg nua.

I gcaitheamh an ama tugadh éachtaint dúinn ar chruthaitheacht na ndearthóirí faisin agus cad as a eascraíonn a gcuid inspioráide; an sméar dhubh ina ábhar inspioráide ag dearthóir amháin, mar shampla.

Clár snasta é seo ach déanaim amach gur saothar é dos na handúiligh seachas na haineolaithe.

Clár de shaghas eile ar fad ab ea, Cúl an Tí (Dé Luain), sraith a mheabhraigh an cnuasach gleoite sin Anam an Amhráin dom ar mhórán slite. 

Sa tsraith beidh Pól Ó Ceannabháin, a fuineadh agus a fáisceadh as traidisiún an tsean-nóis i gCarna, ag dul ar chamchuairt ar fud na tíre le leaganacha de sheanamhráin agus dánta a sholáthar i gcomhar le páistí scoile, lucht ceoil agus saoistí beochana.

Sa chéad chlár, a bhí go hiomlán as Gaeilge, címid Pól Ó Ceannabháin, ag filleadh ar an bhfód dúchais le dul i mbun comhghuaillíochta le scoláirí Scoil na hAirde. Bhí Colm Ó Snodaigh ó KÍLA lena ais agus ceardaithe Cartoon Saloon réidh le beochan a chur leis an léamh úr ar An tAmhrán Bréagach. Ina dhiaidh sin tugadh aghaidh ar Mheánscoil San Lughaidh i gCoillte Mach áit ar chuir sé caint ar dhéagóirí an cheantair faoin amhrán Cill Aodáin le hAntoine Ó Raifteirí agus earcaíodh Danny O’Reilly os na Coronas le dreas amhráin a chasadh. Ba dheas na páistí a fheiscint ‘i gcroílár an aicsin’ agus bhí sé go hálainn a bheith ag féachaint ar an sásamh a bhaineadar as an táirge deiridh. Seoid bheag.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Snáithe an fhaisin agus seoid bheag cheoil agus– dhá chlár nua ó TG4'