LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Ní achrann go dtí pléascadh Patriots Day

Tá scéalaíocht liobarnach in áiteanna in ‘Patriots Day’ ach tá cur síos corraitheach ann ar uafás nach bhfuil a rian iomlán feicthe againn go fóill

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Ní achrann go dtí pléascadh Patriots Day

Patriots Day
Sitúrthóir/Scríbhneoir: Peter Berg
Cliar: Mark Wahlberg, John Goodman, Michelle Monaghan, Themo Melikidze, Alex Wolf, J.K Simmons

Tá srathair faoi leith ort nuair atá ábhar den saghas seo idir lámha agat. Níl na ceithre bliana féin gafa tharainn ó phléasc buamaí ag maratón Bhostúin agus gur maraíodh triúr mar aon leis na céadta a ghortú go holc. Tánn tú ag rith ar an tanaí nuair atá tragóid a tharla le fíordhéanaí á cíoradh. Ní hamháin go gcaithfear a bheith airdeallach orthu siúd a tháinig slán agus iad siúd a chaill daoine muinteartha, ach caithfear a bheith cúramach maidir leis an léiriú a dhéantar orthu siúd a ciontaíodh (agus nár ciontaíodh) as an uafás agus nithe ag éirí as.

Cheana féin tá ionadaithe Katherine Russell (bean chéile an bhuamálaí a cailleadh) ag píopaireacht faoin éagóir a dhéanann an scannán uirthi agus bhí cairde ollscoile leis an mbuamálaí a mhair, agus ar cuireadh ina leith go ndearna siad fianaise a cheilt, fós in adharca an chórais dlí agus cirt nuair a deineadh an scannán. Go deimhin, ba ar an Luan a d’fhógair an chúirt go rabhthas le seasamh le ciontú duine acu. Ina theannta sin, caithfear a bheith cúramach gan a bheith cogúil agus a bheith ag feacadh glúine os comhair bhrat Mheiriceá an iomad. Ní achrann go dtí é.

Tarraingíonn an stiúrthóir/scríbhneoir Peter Berg dhá chiúta chuige féin. An chéad cheann ná cuntas buille ar bhuille a thabhairt ar an mbuamáil agus an tóraíocht a cuireadh sa tsiúl. Éiríonn go maith leis an gcur chuige seo. Go mórmhór ag an tús. Déantar suan na muice bradaí a chruthú ón gcéad luí súl agus déantar brúidiúlacht na buamála a léiriú go soiléir, ach gan dul thar fóir. Chuige sin déantar ábhar cartlainne a mheascadh go stuama le scannánú nua. Leantar leis an gcur chuige faisnéiseach seo ag an deireadh mar a bhfuil ionchur ó ghnáthdhaoine seachas ó aisteoirí.

Léirítear an mearbhall, an sceimhle agus an paranóia go paiteanta.

Bíonn ceannairí na ngníomhaireachtaí difriúla (daoine iomráiteacha) i bpíobáin a chéile. Bhí corraitheacht ag baint leis an mbleachtaireacht theicneolaíoch a chinntigh go rabhthas in ann teacht ar phictiúir na mbuamálaithe go tapa agus tugtar léiriú ar an tionchar a bhíonn ag na meáin shóisialta ar fhiosrúcháin mar seo. Ina theannta sin ar fad, déantar trácht ar an mbaol a bhí ann go mbainfí díoltas amach ar Mhoslamaigh agus an baol a bhí ann go bpléascfaí buamaí eile. 

An dara cleas a úsáideann Berg ná Tadhg an mhargaidh, Mark Wahlberg (carachtar ficsin), a chur inár láthair le sinn a threorú tríd na heachtraí ar fad. Is dóigh liom gur imigh seo ar bóiléagar beagáinín. Cuireadh in iúl ag tús an scannáin go bhfuil tréimhse fionraíochta á cur isteach aige (ar chúis éigin ná mínítear i gceart) agus gurb in an chúis go bhfuil sé ar an stádar lá na buamála. Déantar go leor cainte faoina ghlúin ghortaithe (ar chúis éigin ná tuigim agus ná mínítear) agus is duine teasaí, ciotrúnta é lena chois sin. Bhí rian den áiféis ag baint leis an tslí go raibh sé lárnach i ngach cuid d’eachtraí an lae agus bhí cuid dá dhreasa cainte tuirsiúil agus míchuí.

Bhain seo ar fad macalla as Deepwater Horizon, saothar eile de chuid Berg a bhí dírithe ar eachtraí a tharla agus ina raibh Wahlberg mar Thadhg an mhargaidh.

Cé go bhfuil an scéalaíocht liobarnach in áiteanna, is cur síos corraitheach é seo ar uafás nach bhfuil a rian iomlán feicthe againn go fóill.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Ní achrann go dtí pléascadh Patriots Day'