LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Mo ghraidhin é Mars is diail an drochíde atá tugtha ag lucht an fhicsin air

Bhí lucht déanta ‘Life’ ag iarraidh neach domharaithe a chruthú nach mbeadh ródhealraitheach le neach na bhfiacla in ‘Alien’. Ní raibh aon oidhre air ach smugairle róin, faraor…

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Mo ghraidhin é Mars is diail an drochíde atá tugtha ag lucht an fhicsin air

Life

Stiúrthóir: Daniel Espinosa

Cliar: Jake Gyllenhaal, Rebecca Ferguson, Ryan Reynolds, Hiroyuki Sanada, Olga Dihovichnaya. 

Murach Alien! Murach é bheadh saol an mhadra bháin ag na scannáin uafáis a dhéanann iomaire na neach neamhshaolta a rómhar, an táirge seo ar an gceann is déanaí acu. Leag Ridley Scott cloch mhíle agus slat tomhais thábhachtach síos leis an táirge bunaidh in 1979 agus chuir James Cameron an dlaoi mhullaigh air seacht mbliana ina dhiaidh sin leis an dara gála.

Bhí ceann feadhna baineann den scoth sa dá scannán a bhí lán go gad le haicsean, eachtraíocht, atmaisféir thuarúla, agus gan amhras neacha neamhshaolta suaithinseacha, scanrúla.

Bhí an oiread sin cumais sa chnuasach nach bhféadfadh dhá scannán eile, nárbh fhiú an deich triuf iad, an cnuasach a chur go tóin poill. A mhalairt ar fad agus caint ar an gcúigiú ceann i gcónaí, mar aon leis na scannáin sa chraobh den chnuasach (Prometheus/Alien: Covenant) atá ag rith comhthreomhar leis. É sin ar fad agus an truflais a bhain leis an gcnuasach a chuir (Ripley idir sinn agus an t-olc) Predator in adharca Alien.

Is sa chomhthéacs sin atá an saothar seo ag iarraidh a phaiste a aimsiú dó féin. Cé nach aon dóithín é an scannán seo, tá an táirge eiseamláireach úd ina néal os a chionn. Go deimhin bhí gach aon chnead agam ag staid amháin agus mé in amhras go rabhadar chun aithris iomlán a dhéanamh ar an radharc úd ina bpléascann ucht an andróidigh.

Ag tús an scannáin cuirtear in iúl dúinn go bhfuil an mheitheal atá ar bord an Stáisiúin Spáis Idirnáisiúnta ar tí glacadh le lastas samplaí ó Mhars. Tine ar an gcraiceann ní nach ionadh. Seatanna cuidsúlacha den chruinne ag meabhrú radharcanna as Gravity dúinn.  Tosnaíonn siad ag rith le brothall ar fad nuair a aimsítear rian beag den bheatha sna samplaí. Níl go maith agus níl go holc go dtí dtosaíonn an neach neamhshaolta seo, atá dúisithe as codladh céad bliain agus a fhásann ar luas lasrach, ag tarraingt raice. Mo ghraidhin é Mars is diail an drochíde atá tugtha ag lucht an fhicsin air; gach rud ó War of the Worlds go dtí The Martian dhá bhliain ó shin.

Ceann de na comparáidí le Alien is ea an neach féin. Is ceann de laigí an tsaothair é chomh maith óir gur deineadh cac sleaidí dá shamhlú. Bhíothas ag iarraidh neach do-mharaithe a chruthú nach mbeadh ródhealraitheach le neach na bhfiacla. Ní raibh aon oidhre air ach smugairle róin.

Beirt cheann feadhna mealltacha iad  Gyllenhaal agus Reynolds. Tá sé léirithe go paiteanta ag Gyllenhaal le blianta go bhfuil sé in ann taispeántais thathagacha a thabhairt uaidh. Is é a charachtar gruama, machnamhach siúd a dhéanann cuid mhaith den scannán a iompar.

Cloítear le seanmhúnlaí an tseánra ag tarraingt i dtreo an deiridh agus an chuid den mheitheal atá fágtha ag iarraidh na cosa a thabhairt leo agus an domhan a shábháil. É sin ar fad agus casadh ag an deireadh nach mbainfidh an oiread sin de gheit asat. Murach Alien bheimis leathshásta leis an rud ar fad.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Mo ghraidhin é Mars is diail an drochíde atá tugtha ag lucht an fhicsin air'