LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Faic aisteach ná iontach faoi Dr Strange

Sa lá atá inniu ann is féidir le maisiúcháin, dá fheabhas iad, imeacht chun leadráin agus tá sé dainséarach a bheith ró-spleách orthu

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Faic aisteach ná iontach faoi Dr Strange

Dr Strange

Stiúrthóir: Scott Derrrickson

Cliar: Benedict Cumberbatch, Tilda Swinton, Chiwetel Ejiofor, Rachel McAdams, Benedict Wong, Mads Mikkelsen

Tá go leor iarann á bhualadh ar inneoin i gceárta Marvel ar na saolta seo. Ó 2008 i leith tá ceithre scannán déag tagtha uathu agus ocht gcinn eile ar na bioráin as seo go 2019. Is leo gaiscí na Avengers, cultacha sainiúla X-Men agus alfraitsíocht The Guardians of the Galaxy. Leis an gcoincheap den ‘Marvel Cinematic Universe’ á dtiomáint tá comghuaillíochtaí agus trasnaíl againn a chuirfeadh mearbhall ort. Scannáin leantacha á sluaisteáil chugainn, cnuasaigh nach féidir éalú uathu agus, ag an bpointe seo, n’fheadar Dia ná duine an mó uair go bhfuil Wolverine léirithe ag Hugh Jackman.

Agus ré órga na teilifíse fós in airde láin is léir go bhfuil lucht na bpinginí i dtionscal na scannánaíochta tar éis a n-iontaoibh a chur i laochra na ngreannán. Duine eile acu sin is ea Dr. Strange. Néarólaí cumasach é Strange (Cumberbatch) atá lán de mhórchúis agus sotal, tréithe a chuirfeadh Tony Stark i gcuimhne duit ar uairibh, ach gan é a bheith chomh geanúil céanna leis an bhFear Iarainn.

Tá a chóta bán déanta ag an néareolaí ach i bhfaiteadh súl athraíonn timpiste chairr a shaol ó bhonn. Gortaítear a lámha chomh holc sin go bhfuil air a hata a chaitheamh lena cheird. Ní nach ionadh níorbh fhéidir leis glacadh lena chinniúint. Chuir othar eile, ar tháinig biseach míorúilteach air, i dtreo Neipeal é mar a mbuaileann sé le gúrú, le Tilda Swinton, bean ar a dtugtar ‘The Ancient One’. Tá oscailt súl i ndán dó ansin agus cuirtear saol eile agus cumhachtaí eile os a chomhair.

Bhíos clipthe go maith ag an dríodar cainte tar éis scaithimh. Ní raibh aon oidhre air ach an truflais a thiocfadh ó dhuine éigin a bheadh siar ó thuaidh ar dhrugaí. Ba mar a chéile a bhí cuid de na maisiúcháin.

Gan amhras bhí na maisiúcháin chéanna i lár an aonaigh agus chuir cuid acu Inception i gcuimhne dom, mar aon le The Matrix ar uairibh. Ar an drochuair níl aon chomparáid eile idir an saothar seo agus na táirgí snasta úd.

Sa lá atá inniu ann is féidir le maisiúcháin, dá fheabhas iad, imeacht chun leadráin agus tá sé dainséarach a bheith ró-spleách orthu. Cé go raibh míreanna cuidsúlacha anseo is dóigh liom gur thit an táirge isteach i ngaiste an ró-mhaisiúcháin. É sin agus an chuma áiféiseach, amaitéarach a bhí ar smideadh an bhithiúnaigh Kaecilius (Mikkelsen). Ní raibh bun ná barr leis an scéal go minic agus fágadh sinn i dtaobh le sraith de mhíreanna aicsin.

D’éirigh le Cumberbatch uabhar an charachtair a thabhairt leis go paiteanta. Cé nach é an t-aisteoir is ansa liom, bhí bá de shaghas agam leis an gcarachtar agus dhein sé na míreanna grinn a láimhseáil go cumasach. Ba charachtar ann féin a chlóca dearg agus bhain sé cúpla gáire asainn.

Tá meitheal ábalta ina thimpeall (Swindon, Mikkelsen, Ejiofor agus Wong), cé gur cuma ann nó as carachtar McAdams agus ba chúis iontais dom gur thoiligh sí tabhairt faoi charachtar nárbh fhiú an deich triuf é.

Cé nach raibh gá leis tá cnuasach eile curtha sa tsiúl agus más fíor don mhír tar éis na teidil chreidiúna tá trasnaíl eile ar na bacáin.