LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Blas míchuí na heachtraíochta ar Hotel Mumbai

Scannán é seo atá bunaithe ar scéal fíor agus é lán le haicsean is eachtraíocht, ach in ainneoin a mhaitheasaí bhí sé an-mhíchuí in áiteanna

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Blas míchuí na heachtraíochta ar Hotel Mumbai

Hotel Mumbai
Cliar: Dev Patel, Anupam Kher, Nazanin Boniadi,  Jason Isaacs, Armie Hammer

Ar an 26 Samhain 2008 thug deichniúr sceimhlitheoirí Pacastánacha ruathar faoi dheich láthair dhifriúla ar fud chathair Mumbai san India. Maraíodh tuairim is 164 duine i rith an tsléachta. Maraíodh tuairim is 31 duine acu sin sa Taj Mahal Palace agus sa Tower Hotel fad is a bhí an t-óstán faoi léigear ar feadh tréimhse ceithre lá. Díríonn an saothar seo ar an ár san óstán agus tá sé bunaithe ar an gclár faisnéise Surviving Mumbai a craoladh in 2009.

I dtosach an scannáin címid Arjun (Patel) i slumaí Mumbai agus é ag fáil faoi réir dá phost mar fhreastalaí sa Taj. Léirítear dúinn nach bhfuil aige féin agus a theaghlach ach ón lámh go dtí an béal. Le barr deabhaidh fágann sé ceann dá bhróga ina dhiaidh agus nuair a shroicheann sé an obair fógraíonn an príomhchócaire, Oberoi (Kher) air imeacht abhaile. Níl sé inghlactha go mbeifí ag tindeáil ar mhóruaisle an óstáin agus cuaráin á gcaitheamh agat. Ar deireadh thiar tugann an fear geanúil céanna péire bróg ar iasacht dó.

Tá a fhios againn ón radharc seo agus míreanna beaga eile mar é go bhfuil dhá aicme atá go hiomlán difriúil le fáil san óstán galánta. Na déithe beaga atá ina n-aíonna ann agus an chosmhuintir atá ag lútáil orthu. Téama tábhachtach é seo óir nuair a thosaíonn an sléacht tá deis ag an lucht freastail, an príomhchócaire úd san áireamh, éalú, ach cinneann siad fanacht le teacht i gcabhair ar na haíonna.

Is iad an lánúin ghustalach, Hammer agus Boniadi, agus Rúiseach bagrach, Isaacs, na haíonna a chuirtear os ár gcomhair agus nuair a chuirtear an lasair sa bharrach déantar iad a chaitheamh i gcomhluadar a chéile i dteannta Arjun.

 

Folach bíog agus an cat is an luch in aghaidh a chéile atá againn i gcuid mhaith den scannán. Níl fórsaí slándála na cathrach inniúil ar ionsaithe den saghas seo a smachtú agus bíonn orthu fanacht go dtiocfaidh fórsaí ó New Delhi i gcabhair orthu. Tá lucht an óstáin fágtha ar a gconlán féin.

Tá an scannán lán le teannas agus aicsean ach ós rud é gur tragóid í seo a tharla ní fada ó shin n’fheadar an bhfuil sé cuí go mbeadh blas na heachtraíochta chomh láidir sin ar an scannán agus go mbeadh an foréigean chomh follasach sin.

Aisteoir caithiseach é Patel agus, mar is iondúil, is carachtar geanúil, uasal a chuireann sé os ár gcomhair. Tá na haíonna, nach bhfuil aon dea-chríoch i ndán dóibh, tanaí go maith mar charachtair. Cuirtear na sceimhlitheoirí inár láthair mar amadáin óga a bhfuil a n-intinn múnlaithe agus smachtaithe go hiomlán ag an té is cionsiocair leis na hionsaithe.

Scannán é seo atá bunaithe ar scéal fíor agus é lán le haicsean is eachtraíocht, ach in ainneoin a mhaitheasaí taibhsíodh dom go raibh sé an-mhíchuí in áiteanna.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Blas míchuí na heachtraíochta ar Hotel Mumbai'