LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Aiséirí na mbuachaillí bó? Ní go fóill…

Scannán slachtmhar a dhóthain é ‘Jane got a Gun’ ach ní éiríonn leis laincisí oidhreacht na mbuachaillí bó a chur de

jane-got-a-gun-review

Jane Got a Gun
Stiúrthóir: Gavin O’Connor
Cliar: Natalie Portman, Joel Edgerton, Ewan McGregor, Noah Emmerick, Boyd Holbrook.

Tá iomaire na n-iartharán rómhartha níos minice ná aon seánra eile. Agus mé ag éirí chun coinlíochta dhá Phápa ó shin bhí an seánra ag meath. Ba mhór idir é agus laethanta órga na ‘horse operas’ nuair a bhí John Ford, Sam Peckinpah, Sergio Leone, Gary Cooper, James Stewart, Alan Ladd agus John Wayne i mbarr a maitheasa. ‘Hind you John Wayne, hind you,’ a bhéic buachaill saonta éigin agus scannán á thaispeáint go poiblí i dtuaisceart na Gaillimhe tuairim is seasca bliain ó shin.

Ba é Clint Eastwood a bhí i mbarr a réime le mo linn agus aithníodh go forleathan gur chuir sé an dlaoi mhullaigh ar an seánra lena mhórshaothar Unforgiven i 1992.

Tá na Westerns ag strácáil leo ó shin agus na sean-andúiligh Éireannacha i dtaobh le turasanna maoithneacha TG4 chuig an iarthar fiáin. Cinnte tá leithéidí Open Range (2003) agus The Assassination of Jesse James by the Coward Robert Ford (2007) againn le cur abhaile orainn go bhfuil speach sna buachaillí bó agus a gcapaill go fóill.

Is as an gcúlra sin a eascraíonn an scannán seo agus é ag iarraidh dris chosáin na hoidhreachta ársaí a chur de. Le casadh a bhaint as an oidhreacht sin tá bean mar cheann feadhna. Deineadh seo cheana chomh maith áfach leis na táirgí cuíosacha The Quick and the Dead (1995), The Missing (2003) agus go pointe áirithe True Grit (2010).

In iarthar fiáin na 1860í iarrann Jane (Portman) ar a seanleannán Dan (Edgerton) teacht i gcabhair uirthi féin agus ar a fear céile atá leonta go dona.
Ina theannta sin táid ar a dteitheadh ó bhuíon bithiúnach.  Téann siad i mbun comhghuaillíochta go drogallach agus le cabhair na n-iardhearcadh léirítear conas mar a cruthaíodh an triantán grá ait seo agus cad is cúis leis an
naimhdeas le buíon John Bishop (McGregor). Taibhsíodh dom ar dtús go mbeadh an ciúta seo tuirsiúil ach ar chúis éigin d’oibrigh sé agus chuaigh an scéal agus na carachtair i bhfeidhm orm.

Beirt cheann feadhna chaithiseacha iad Edgerton agus Portman. Í féin leochaileach, stobarnáilte agus misniúil. É féin beagfhoclach, misniúil, calma. ‘The strong silent type,’ go mbíodh caitheamh ag Tony Soprano ina dhiaidh. Ait go leor bhí an Ciarraíoch Fassbender le tabhairt faoin ról ach chaith sé a chaipín leis tar éis dul in adharca an stiúrthóra. Go deimhin chaith an bhean chéanna a caipín féin leis an gcúram ina dhiaidh sin.  Tá bóthar fada achrannach curtha de ag an saothar seo mar cé gur deineadh é a thaifeadadh in 2013 níor seoladh go dtí i mbliana é.

Tugann McGregor faoina ról le fonn is le flosc mar an bithiúnach ach dar liom nach raibh dóthain ama tugtha dó.

Deineadh radharcanna slachtmhara aicsin a sholáthar agus tá tine ar do chraiceann ag tarraingt ar cheann scríbe.

Cé go mb’fhéidir nach é a chuir sé roimhe, ní éiríonn leis an táirge seo laincisí na hoidhreachta a chur de agus an goile a ghéarú d’aiséirí na mbuachaillí bó.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Aiséirí na mbuachaillí bó? Ní go fóill…'