LÉIRMHEAS: Saothar coráistiúil draíochtúil é ‘Song of Granite’

Ní haon iontas gur roghnaíodh scannán nua Pat Collins le bheith san iomaíocht thar ceann na hÉireann d’ainmniúchán Oscar i rannóg na dteangacha iasachta

LÉIRMHEAS: Saothar coráistiúil draíochtúil é ‘Song of Granite’

Song of Granite
Stiúrthóir: Pat Collins
Cliar: Colm Seoighe, Micheál Ó Confhaola, Macdara Ó Fátharta, Leni Parker

Tá aois na Caillí Béarra agam, aois Bhrú na Bóinne, aois na heilite móire. Tá dhá mhíle bliain den chráin bhréan sin arb í Éire í, ag dul timpeall i mo chluasa, i mo bhéal, i mo shúile, i mo cheann, i mo bhrionglóidí  – Máirtin Ó Cadhain

Is táirge ar leithligh é Song of Granite a dhéanann léamh impriseanaíoch ar shaol Joe Éinniú; máistir an tsean-nóis. Tugtar éachtaint ar an sean-nós mar fhoirm ealaíne, ar an bpobal/cultúr as ar eascair sé agus ar an oidhreacht a d’fhág fear Charna le huacht. Ní haon iontas gur roghnaíodh scannán nua Pat Collins le bheith san iomaíocht thar ceann na hÉireann d’ainmniúchán Oscar i rannóg na dteangacha iasachta.

Is comhghuaillíocht idir Pat Collins, Sharon Whooley agus Eoghan Mac Giolla Bhríde a sholáthraigh an scríbhinn agus seachnaíonn siad gnáthchiútaí an tsaothair bheathaisnéisigh. Déantar an ealaín, an amhránaíocht agus an drámaíocht a chniotáil leis an bhfaisnéis ar shlí nach bhfuil feicthe agam cheana. Is léir gur saothar é seo atá go hiomlán teann as féin agus bogann sé ar aghaidh ar a bhogstró. Tá a láidreachtaí agus a laigí féin ag baint leis an gcur chuige atá aimsithe.

Dar liom gurb é an léiriú a dhéantar ar Charna le linn óige Joe buaicphointe an tsaothair ar mhórán slite. Is beag focal atá le clos agus Joe óg agus an lucht féachana á sú isteach ag nósanna agus cultúr an phobail dhlúith seo. Bairnigh á mbaint le cloch, móin á cnuchairt, prátaí á gcur,  agus gliomaigh a mbaint as potaí mar aon le scéalta agus amhránaíocht cois adharta. Cuireann an scannánú dubh agus bán go mór leis an atmaisféar agus tírdhreach Chonamara ina charachtar ann féin.

Ina dhiaidh sin címid Joe ina fhear agus é á léiriú ag Ó Confhaola. A chuntanós folamh ag cur lena theacht i láthair cumhachtach. An greim a bhí ag an amhránaíocht air le feiscint go soiléir. Déantar iarracht anseo léargas de shaghas a thabhairt ar shaol an eisimircigh; é ag sclábhaíocht leis agus sáinnithe idir dhá shaol.

Tugann Macdara Ó Fatharta léiriú cumasach (mar is dual dó) ar an bhfear i ndeireadh a shaoil agus é mar ealaíontóir cónaitheach in Ollscoil Washington in Seattle. Paistí beaga cainte ag tabhairt léargas éigin ar mheon Joe. 

Is neafaiseach iad na tagairtí a dhéantar den tréigean a dhein sé ar a bhean agus a chlann; cúpla soicind fánach de ghuth beirt leanaí. Tríd is tríd ní dhéantar aon iarracht cíoradh a dhéanamh ar mheon an fhir, cuntas téagartha a thabhairt ar a oidhreacht ná léargas a thabhairt ar an sean-nós do lucht an aineolais, agus b’fhéidir go bhfágfaidh sin coiscéim bhacaí bheag sa saothar do dhaoine áirithe.

Ag an am céanna tá draíocht agus ealaín thar na bearta ag baint le míreanna faoi leith; na hamhráin á gcanadh sa mheaisín taifeadta os comhair an tí agus Joe le feiscint ag teacht isteach an doras iata; aithris á déanamh ar na focail ó léacht cháiliúil chraicneach an Chadhnaigh; agus an paiste cainte faoin bhfile a scríobh a fhaoistin dheireanach i bhfoirm filíochta ar an mballa agus é ag fanacht ar an sagart nár tháinig.

Saothar coráistiúil é seo a thugann a léamh draíochtúil féin ar ealaíontóir tábhachtach faoi leith de chuid na Gaeltachta, na hÉireann agus an domhain mhóir.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Saothar coráistiúil draíochtúil é ‘Song of Granite’'

  • Bart

    Tá amhráin Joe idir Ghaeilge is Bhéarla ar fáil ar http://www.seosamhoheinniu. org