
D’fhoilsigh Red Moon Press, Winchester, sna Stáit Aontaithe leabhar haiku dar teideal as far as i can sa bhliain 2010. Rud neamhghnách faoin leabhar sin ná gur leabhar dátheangach a bhí ann, Gearmáinis agus Béarla. Rud neamhchoitianta go maith, i Meiriceá ar aon nós.
Cé go mbíonn scata leabhar dátheangach ag na Chicanos is na Latinos sa dá theanga, Spáinnis agus Béarla, is annamh an Ghearmáinis sa mheascán – bíodh is go raibh sé sa mheá, tráth, an Gearmáinis nó Béarla a bheadh in uachtar i Meiriceá.
Thugas suntas cúig bliana ó shin do na haiku seo a leanas de chuid Dietmar Tauchner:
i ngrá
giolc
na réaltaíverliebt
die Sterne
zirpen
Tá spéis mhór aige sa spás amuigh (ag freagairt don spás istigh ann féin agus an spás a fhaighimid idir na línte sa haiku) agus bíonn tagairtí go leor aige do na réaltaí faoi mar a bheadh sé ag caint go rúnda linn faoi mhistéirí an spáis:
fuinneamh dorcha
fágann daid
an domhandunkle Energie
Vater verlässt
die Erde
Haiku nua-aimseartha iad seo, gan amhras, ach fiú sna seanhaiku clasaiceacha sa tSeapáinis, bhí gaol go minic idir spéir agus talamh, an domhan seo agus an t-alltar. Bhí an ghrian, an ghealach, na gaotha, na réaltaí agus na scamaill an-lárnach i haiku traidisiúnta na Seapáine.
fuineadh lae
véineas á lorg
ag seanbheanTagesende
eine alte Frau sucht nach
der Venus
Is féidir tuilleadh de na haiku sin a léamh ar mo bhlag:
Fáiltím go mór roimh leabhar nua ón bhfile céanna agus arís is iad Red Moon Press na foilsitheoirí. Rianta Dofheicthe a thugann sé ar an leabhar nua aige agus seo tumtha i ndomhan na mistéirí arís sinn:
uaireanta istoíche
iompaíonn mo chuid smaointe
ina ngiolc criogair
irgendwann nachts
werden meine Gedanken
zu Grillenliedern
Faighimid scata haiku aon líne sa leabhar nua seo chomh maith, cuid acu an-éifeachtach, dar liomsa. Ar ndóigh ‘monostich’ nó dán aon líne is ea gach haiku sa tSeapáinis.
zú laistiar de shúile an ghoraille mise
Zoo hinter den Augen des Gorillas ich
Bíonn cúrsaí éabhlóide ag cur as dó go minic. Cé sinn? Cad is ea sinn? An de ríocht na n-ainmhithe sinn nó de ríocht na réaltaí? Baineann an féincheistiú seo go smior le traidisiún an Zen-Bhúdachais agus an haiku.
Is minic na haiku aon líne aige ar nós an teideal a bheadh ar shaothar ealaíne de chuid na nImpriseanaithe. É seo cuir i gcás:
duilleoga daite i gceo
buntes Laub im Nebel
Míorúiltí beaga an domhain, is iad na míorúiltí sin a cheiliúrann an haiku. Domhan is ea é, leis, ina
n-úsáidimidne, daoine, friotal, focail, teanga:
bainimse le domhan na bhfocal seo
ich gehöre zur Welt dieser Worte
Sa haiku trí líne seo leanas, glacaim leis gur ag tagairt don ghalar Alzheimer atá sé:
sneachta ar shneachta
sraitheanna díchuimhne
in aigne m’athar
Schnee auf Schnee
die Schlichten des Vergessens
in Vaters Gedächtnis
Is maith an casadh a bhaineann Dietmar as an kigo clasaiceach sa haiku sin.
Focal a thugann leid dúinn faoin séasúr – sneachta cuir i gcás – is ea kigo. Forbairt ar ealaín an haiku is ea casadh mar sin a bhaint as uirlisí traidisiúnta an haiku. Ina dhiaidh sin is uile, tá cuma traidisiúnta go maith ar an gcéad haiku eile aige. Dá ndéarfá liom gur seanmháistir, Buson, abair, nó Bashō, a chum, ní bheadh lá iontais orm:
crainn loma
clog teampaill ag freagairt
do chlog teampaill
nackte Bäume
eine Kirchenglocke antwortet
einer Kirchenglocke
Níor dheacair an chéad radharc eile a shamhlú in Éirinn:
lasmuigh den tábhairne
ár gcomhrá
ina ghal
vor der Kneipe
unser Gespräch
wird Rauch
Ní gá a rá go bhfuil an débhríocht go láidir sa haiku sin: gal tobac, gan dabht, ach tá an dara ciall ann chomh maith, is é sin le rá – níl sa saol seo ach gal soip!
Haiku an-nua-aimseartha is ea an haiku aon líne seo:
neue Nachricht auf dem Smartphone Blütenstaub
teachtaireacht nua ar an bhfón cliste pailin
Is trua go bhfuil claonadh ag na Gearmánaigh focail Bhéarla ar nós ‘smartphone’ a úsáid. Tá teangacha na hIndia loite ag an nós céanna, faraor.
Sampla amháin eile mar sin as an gcnuasach suaithinseach seo:
dá bhféadfainn mo shaol
a chaitheamh arís
báisteach shamhraidh
wenn ich meine Leben
noch einmal leben könnte
Sommerregen
Dhéanfá an rud céanna arís, Dietmar, táim cinnte. Bheifeá i do haijin, a dhuine, i do mháistir haiku.
———————————————–
Tá The Moon over Tagoto an leabhar is déanaí ó Ghabriel Rosenstock ar fáil anseo
Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Rianta dofheicthe ó mháistir Haiku ón Ostair'